20.11.09

Scoileanna

Scoileanna beaga fós ann?

Fáiltíonn Guth na Gaeltachta roimh ráiteas an Aire Oideachais agus Eolaíochta, Batt O’Keeffe T.D., nach mbeidh scoileanna le líon daltaí faoi bhun 100 á gcónascadh le scoileanna eile mar a bhí molta ag An Bord Snip Nua. Tá se soiléir chomh maith ó ráitis eágsúla atá déanta ag an Taoiseach agus ag an Aire Ó Cuív nach mbeidh Roinn na Gaeltachta á scor agus go mbeifear ag leanstan ar aghaidh le tacaíocht do Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge. Go deimhin deir an tAire Ó Cuív i Foinse 18 Samhain, 2009 ‘Ní chuirfear na moltaí ar fad i dTuarascáil Mhic Cárthaigh i bhfeidhm agus creidim féin nach gcuirfear i bhfeidhm iad siúd a bhaineann leis an Ghaeilge agus an Ghaeltacht’.

Fáiltíonn Guth na Gaeltachta roimh na ráitis seo uilig agus is údar dóchais é don fheachtas go mbeidh an Rialtas ag leanstan ar aghaidh ag tacú leis an Ghaeltacht agus leis an Ghaeilge mar a rinne sé go dtí seo agus ag déanamh neamhairde do na moltaí seo ón Bord Snip Nua.

Tá imní ar Ghuth na Gaeltachta, áfach, faoi thuairiscí eile atá curtha i gcló le tamall faoi ‘Údarás na Gaeilge’ a bheith á chur chun cinn in áit ‘Údarás na Gaeltachta’. Níl an feachtas in éadan an smaoinimh sin i bprionsabal ach tá gá le soiléiriú a dhéanamh ar an struchtúr nua seo. Tá sé thar a bheith tábhachtach go mbeadh an tÚdarás úr seo ag leanúint ar aghaidh ag cruthú fostaíochta sa Ghaeltacht mar a bhí Údarás na Gaeltachta go dtí seo.

Tá sé molta ag An Bord Snip Nua cúraimí fiontraíochta Údarás na Gaeltachta a aistriú go dtí Fiontraíocht Éireann (suíomh i mBéarla amháin). Ní mheasann muid go mbeadh Fiontraíocht Éireann ábalta freastal ar cheantair scaipthe iargúlta mar atá ins na ceantair Ghaeltachta. Faoi láthair, cruthaíonn Údarás na Gaeltachta 1,000 post ar an mheán sa bhliain. Is fiontair bheaga den chuid is mó a bíos i gceist leis na poist seo. Mar shampla, i 2007, thug siad cúnamh do 463 tionscadal agus cruthaíodh 928 post.

Ar an lámh eile, díríonn Fiontraíocht Éireann isteach ar ‘Tosaithe archumais nua’(High Potential Start-Ups) agus borradh a chuir faoi chuideachtaí mórscála. Mar gheall ar seo, tá formhór cuid tacaíochta Fiontraíocht Éireann in Iarthar na hÉireann dírithe ar na príomhbhailte móra agus is beag fostaíocht a chruthaíonn siad taobh amuigh de sin.

Tá sé criticiúil do thodhchaí na Gaeltachta agus d’inmharthanacht na teanga go leanfadh an tÚdarás úr seo ag cruthú fostaíochta ins na ceantair Ghaeltachta ionas go dtig le muintir na Gaeltachta fanacht ina gceantair féin agus gan a bheith orthu bogadh go dtí na bailte móra. Iarrann muid ar an Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta soiléiriú a thabhairt dúinn ar an phointe seo mar atá déanta ag an Rialtas ar mholtaí eile de chuid an Bord Snip Nua.

Share/Save/Bookmark

No comments:

Post a Comment