6.11.12

Pleanáil teanga sa Ghaeltacht

"Tá deis againn anois difir súantasach a dhéanamh do stadas an Ghaeilge sa Ghaeltacht. Ná chaillimís é!"

Ni raibh mé ag an Oireachtas na Samhna i mbliana ach mar sin féin bhí mé, agus an-chuid, ábalta atmaisféar agus fiú craic na hoicáide a mhuthú tré na "meáin sóisialta," go mór mór tré twitter. Tré bheith ag leanúint an haischlib #onas12 bhí daoine a bhí i láthair i ndán a rá dúinne, nach raibh i láthair, cad a bhí ag tárlúint ann, torthaí chomortais, seoladh feachtais (mar 2013 Bliain na Gaeilge), leabhair, ocáid agus pictiúirí.

Tuairisc ar an Seiminéar san Irish Times (7 Samhain'12)
(7/11/2012)Ar maidin Sathairn bhí seiminéar ar "Straitéis don Ghaeilge ó Thuaidh agus cur i bhFeidhm Acht na Gaeltachta 2012. Bhí Aire Cultóir, Ealaíonn agus Fóileachta Stormont, Carál Ní Chuilín, Aire Stáit Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta Bhaile Átha Cliath, Donnchadh Mac Fhionnlaoich, Uachtarán Comhaltas Uladh, Niall Comer, agus, Urlabhraí Gaeltachta Conradh na Gaeilge, Cabríní de Barra. Bhí Uachtarán Chonradh na Gaeilge, Donnchadh Ó hAodha sa chathaoir.
Twitpic den bpainéal ag an seiminéar ag an Oireachtas 2012
Ateangaire, Carál Ní Chuileann, Donnchadh Mac Fhionnlaoich, Donnchadh Ó hAodh, Cabríní de Barra & Niall Comer
Ba léir ó na tuiteanna go raibh paisean láidir á léiriú ó na cainteoirí agus ón slua oll-mhór a bhí i láthair. D'éirigh sé teasaí ar uairibh go mór mór nuair a theastaigh ó Aire Stormont labhairt i mBearla agus go raibh fadhb áirithe leis an chóras ateangarachta. Bhí an túiteanna spéisiúl ar ndóigh agus seo sampla beag uatha:
Tús leadránach le horáid an Aire Stáit ach d'éirigh sé paiseanta i dtreo an deiridh. 'Éirigh as an diultachas & bí ar bhórd linn!'”
“Is fear Gaeltachta mise" - ráite ag an tAire McGinley fiche uair inniu.”

"Ní fheadar an dea smaoineamh é dhá ábhar a phlé ag seimineár amháin - an Ghaeltacht agus an Tuaisceart. An bhfaighidh siad a gceart?"
"Cabrini de Barra ag labhairt go macánta faoi bheith ag labhairt ar son na Gaeltachta agus í ag lua cás Dhónail Uí Chnáimhsí."
"Bualadh bos ollmhór i dtacaíocht ar Dónal Ó Chnáimhsí ag an seiminéar ansin. Cuma delighted ar an tAire!"
"Ard mholadh do Ghuth na Gaeltachta ón stáitse #OnaS12" agus é breá-tuillte acu :-)"
"Urlabhra Gaeltachta Chonradh na Gaeilge ag labhairt go paiseanta ar chursaí Gaeltachta ag an seiminéar seo!"
"An-phiosa csinte o Cabrini DeBarra. Ga le hacmhainni don phleanail teanga. An ceart aici!!"
"Má éisteann an Aire le Cabrini de Barra cloisfidh sé ceisteanna agus aischothú fiúntach, ní hionann agus diultachas."
"'Foras Na Gaeilge' trí fhocal a chuireann idir imní agus amhras ar ghniomhaithe teanga."
"- ba cheart don Aire Uí Chuilinn a hiníon (a fuair céim Gaeilge inné) a chur go dti an seimineár in áit Béarla a bhrú orainn."
Fiosracht!
D'éirigh an scríobhnóir seo fiosrach faoin méid a bhí le rá ag Cabríní de Barra a bhí mar cúis leis an tuíteanna thuas agus scríodh cuichí ag lorg téacs a hóráid le foilsiú. Fuair mé uaithí í agus bhí mé chun roinnt eagarthóireachta a dhéanamh air ach sílim go fiú é go léir a fhoilsiú le b'fhéidir eagrathóireacht eadtroim air. Is mar seo a labhair sí: -

Cabríní agus a cuid taithí
Is mise Cabríní de Barra agus is mise an chathaoirleach ar fochoiste Ghaeltachta an Chonartha faoi láthair. Ní aon saineolaí mé ar chúrsaí pleanála teanga. Níl aon Mháistreacht nó fiú céim sa phleanáil Teanga agam. Ach tá taithí agam ar an bproiséis go phraiticiúil.
Cabriní de Barra
Agallamh le Cabríní de Barra i mBeo Eanáir 2013:
Cabríní de Barra, Gníomhaí Laighneach sna Déisibh
I 2008 thosaigh mé i mbun oibre mar Bhainisteoir Teanga i nGaeltacht na nDéise faoin scéim Pleanála Teanga a bhí ag an Roinn Gnóthaí Pobail Tuaithe agus Gaeltachta, mar a bhí ann ag an am. Chaith mé dhá bhliain sa phost san go dtí gur chuireadh deireadh leis an scéim. Ansin chaith mé dhá bhliain mar an Bhainisteoir Forbartha le Chomhlucht Forbartha na nDéise sa Ghaeltacht céanna, do dtí gur éirigh mé as an bpost i Mí Bealtaine seo caite.

Mar Bhainisteoir Teanga ba é an ról a bhí agam agam ná tacú leis an bpobal an Ghaeilge a chur chun cinn mar ghnáth theanga labhartha an cheantair, bunaithe ar mheoin agus mian an phobal, mar a bhí léirithe i mór-shuirbhé na nDéise, a bhí déanta i 2006/2007 agus an Plean Teanga a d’éirí as san. Chuir mé straitéis le chéile chun a plean teanga a chur i bhfeidhm go phraiticiúil, le céimeanna réasúnta. Bhí mé ag obair faoi stiúir Chomhlucht Forbartha na nDéise, comhlucht pobal bhunaithe, agus bhí an obair ar fad ón bhun anuas.

Is deachair a bheith i d’úrlabhraí faoi láthair
Nuair a chonaic mé an postaer faoi seimineár seo (ar dheis), agus an teideal “úrlabhraí Gaeltachta” tugtha orm, bhí mé míchompórdach leis an dteideal. Táim i mo chónaí taobh amuigh d'aon limistéar Gaeltachta. Ní ó cheantar Gaeltachta mé, cé go ndeirim i gcónaí le daoine gur as an Ghaeltacht is mó mé, Gaeltacht Bhaile Átha Cliath!

Ach chur sé ag smaoineamh mé. Cé hiad na húrlabhraithe Gaeltachta? Measaim féin gur úrlabhraí iad aon duine atá roghnaithe nó togha ag pobal Ghaeltachta agus atá sásta seasamh suas do chearta an cheantar san. D’fhéadfá a rá gur úrlabhraí Gaeltachta é an Aire Stáit Mac Fhionnghaile agus é togha ag pobal Gaeltachta chun guth a thabhairt dóibh go náisiúnta. Bím ag smaoineamh freisin ar Guth na Gaeltachta agus an obair íontach atá déanta acu le roinnt bliain anuas chun cás an Ghaeilge agus na Gaeltachta a chur chun cinn. Ach is deachair a bheith i do úrlabhraí Ghaeltachta faoi láthair. D’íoc Dónal Ó Cnáimhsí, atá ag obair i bPáirc Náisiúnta faoi choimirce na Roinne, go géarr as a bheith mar urlabhraí Ghaeltachta nuair a ghlac sé páirt i bhfeachtas Guth na Gaeltachta faoin Acht Ghaeltachta.

An mbristear as mo phost me?
Dónal Ó Cnáimhsí ar Ghaelscéal
Dá mbeinn fós i mbun oibre mar Bhainisteoir Forbartha agus ag brath ar dheontas reachtála ón Údarás chun mo pháigh a íoc agus chun fánacht beo mar eagras (mar atá sé ag go leor de na Comharchumainn agus na Comhlachtaí Pobalbhunaithe sna cheantair Ghaeltachta) ní dóigh liom go mbeinn anseo inniu. Bheinn imníoch aon ról ceannaireachta a thógáil i bhfeachtas ag cáineadh polasaí an Údaráis agus na Roinne mar go mbeadh amhras orm faoin ár ndeontais reachtála. Gan an deontas san, bheadh deireadh le neart Comharchumainn agus na Comhlachtaí Pobalbhunaithe sna Gaeltachtaí

Easpa daonlathais
Smaoiním freisin ar bhaill bhord Údarás na Gaeltachta agus iad togha go dtí seo ag pobail Ghaeltachta chun guth a thabhairt dóibh ar an mbord san. Ach, anois de bharr na hathraithe atá le theacht ar an mbord san ag éirí amach as an striúchtúir nua atá molta faoin Acht Ghaeltachta, tá an guth sin le bheith laighdaithe do roinnt Gaeltachtaí. De réir Acht na Gaeltachta 2012 beidh ar Ghaeltachtaí Chorcaí, na nDéise agus na Mí sealaíocht a dhéanamh ar a chéile, le suíochán acu ach dhá bhliain as gach sé bhliain ar bhord an Údaráis. Measaim féin go bhfuil an trí cheantar Gaeltachta sin faoi mí bhuntaiste mór faoin struchtúr nua agus d’fhéadfá a rá go bhfuil siad cosúil le ‘saoránaigh den dara ghrád’ dá bharr. I mo thuairim beag phearsanta féin, is mór an scannall agus an náire é sin.

Mura bhfuil na ceantracha Gaeltachta seo tábhachtach go leor chun suíochán lán aimsirthe a bheith acu ar bhord an Údaráis, cén dearcadh a bheas ag an Roinn orthu agus iad i mbun pleanáil teanga? Níl freagra na ceiste sin agamsa fós, ach táim amhrasach.

Córas oscailte ceapacháin?
Táim amhrasach freisin maidir leis an proiseas earcaíochta do Bhord an Údaráis. Tá leideanna laidre tugtha ag an Aire Stáit Mac Fhionnghaile nach bhfuil sé ceangailte comhaltaí a roghnú ón bhreis is trí scór iarratasóir a chur isteach ar an bproiseas earcaithe a thionscnaigh Public Jobs le linn an tSamhraidh. Tá sé tugtha le fios freisin nach gá go mbeadh sé ceangailte cúigear ban a cheapadh ar Bhórd an Údaráis chun cloí le treoirlínte maidir le h-ionadaíocht chothrom ar bhoird Stáit. Tá daoine tar éis cur isteach ar phroiseas ar cheap siad bheith oscailte, daoine réasúnta le caillíochtaí maithe agus taithí, agus is masla do na daoine seo agus don phroiseas gan fiú gearr liosta a dhéanamh agus iad a chur faoi agallamh mar a dheintear le boird Stáit eile.

Pobal bunaithe
Ach ag teacht ar ais chuig an bPleanáil Teanga.

Pobal bunaithe!
Cé go bhfuil an Acht Gaeltachta lochtach, agus is é an trua nár tugadh cluas éisteachta ceart do urlabhraithe agus abhchoídí teanga agus é á fhorbairt, tá áthas croí orm gur ar na heagraíochtaí pobail bhunaithe atá an cúram chun dul i mbun pleanáil teanga, seachas an stáit chóras. Chun go mbeadh aon plean teanga éafachtach, is gá go mbeadh an pobal lárnach ann. De réir an Acht is é an cúram a bheas orthu ná “plean a ullmhú arb é is cuspóir leis socrú a dhéanamh maidir le méadú ar úsáid na Gaeilge i saol teaghlaigh, oideachais, poiblí, sóisialta, áineasa agus tráchtála an limistéir lena mbaineann agus an céanna a spreagadh, de réir critéar pleanála teanga forordaithe”(Acht Gaeltachta 2012). Jab beag, mar dhea!

Udarás na Gaeltachta
Tá áthas orm freisin go bhfuil ról ag Údarás na Gaeltachta chun tacú leis na Chomharchumainn Ghaeltachta chun dul i mbun an phleanáil. Deireann an Acht go "gcuideoidh Údarás na Gaeltachta leis an eagraíocht ... maidir leis an bplean Gaeilge ... a chur i ngníomh” (Acht Gaeltachta 2012)

Ceisteanna agus amhras!
Ach seo an áit a thosnaíom ag ceistiú.
Cén taithí atá ag an gnáth chomharchumann nó Údarás na Gaeltachta ar phleanáil teanga?
Conas atá said chun dul i mbun na hoibre ar bharr an obair eile atá ar siúl acu cheanna féin? Nó an bhfuil sé i gceist go gcuirfear stop le roinnt den obair atá ar siúl acu faoi lathair chun díriú ar an bpleanáil teanga?
Cén achmhainní a bheas ar fáil ar an dtalamh, tríd an Údaráis chun pleananna teanga a réiteach is a chur i gcrích?
An mbeidh airgead agus tacaíocht curtha ar fáil chun gur féidir dul ina mbun i gceart?
An mbeidh teacht ar chomhairle agus traenáil ó shaineolaithe náisiúnta agus idirnáisiúnta chun tacú leis an bpleanáil?

Cúig céim riachtanach!
Mar a thuigim é tá cúig céim ag baint leis an bpleanáil teanga. Taighde, Anailís, Plé Poiblí, Forbairt an Phlean, Cur i bhFeidhm agus Monatóireacht. Ní féidir aon phleanáil teanga a dhéanamh i gceart mura bhfuil an 5 céim seo i gceist.

Bíonn airgead, am agus saineolas de shaghas éigin ag teastáil uait chun ina mbun i gceart. Is gá go mbeadh daoine ag obair ar an talamh i ngach ceantar Ghaeltachta nach mbeadh d’aidhm ná de chúram orthu ach an pleán teanga - agus ní mór meas a léiriú don phroiseas sin trí maoiniú réasúnta a chur ar fáil don obair atá le déanamh. Faoi láthair tá an cúram seo á chur ar Chomharchumainn Ghaeltachta gan aon achmhainní breise, agus tá na h-oibrithe sna h-eagrais seo ag obair ar réimse leathan imeachtaí cheanna féin. Ní féidir leo tabhairt faoin obair pleanála teanga gan athrú éigin.

Ní gá ach breathnú ar phleannana teanga Ghaeltacht na nDéise agus an Spidéal chun fianaise a fháil ar seo. Níor thit an dá phlean seo ón gcrann. Chaith said neart airgead, a bhí curtha ar fail le thacaíocht ón Roinn, chun na pleananna seo a chur le chéile, le tacaíocht agus comhairle ó shaineolaithe. Ach ní fiú airgead a chaitheamh ar an bpean a réitiú, mura bhfuil na hachmhainní cuí curtha ar fail chun gur féidir dul chun cinn a dhéanamh ar aidhmeanna agus spriocanna an plean.

Seo mar a deirtear i bPlean Teanga an Spidéil:
"Meastar go bhfuil sé riachtanach dhá phost – Comhordaitheoir Pleanála Teanga agus Feidhmeannach PleanálaTeanga – a chruthú le cúram a dhéanamh de nagníomhaíochtaí sin agus a bhfuil sa gcáipéis seo a bhrúchun tosaigh sna blianta beaga seo romhainn in éineacht le dreamanna eile sa bpobal” (2010)

"Ní thiteann plean ón gcrann!"
Gan Foireann Pleanála Teanga lánaimseartha a bheith fostaithe, bheadh sé dodhéanta mór sprioc an tionscadail a bhaint amach, agus an-dúshlánach sciar suntasach fiú de na gníomhaíochtaí atá leagtha amach sa bPlean Teanga seo a thabhairt i gcrích. (Pleán Teanga an Spidéil)

Chun an plean teanga a chur faoi lán tseoil agus ag tosnú leis an suirbhé, bheadh súil le bainisteoir teanga a fhostú. Is plean uaill mhianach é, a chuirfear i gcrich thar thréimhse trí bhliana. Tá sé fíor-thábhachtach nach bhfágfar an plean faoi dhaoine deonacha. Tá riachtanas ann do dhuine a bheidh dírithe go hiomlán ar phleanáil teanga. (Pleán Teanga na Déise)

Moill agus cumas na hudaráis - UnaR, an Roinn
Tá ceisteanna agam freisin maidir leis cumas Údarás na Gaeltachta tacaíocht cuí a chur ar fail.  Tá an Údarás ag plé le réimse leathan oibre cheanna féin, agus tá laighdiú tagtha ar an mbuiséad acu, ag an am seo go bhfuil cúramaí tábhachtach breise acu. Tá eagla orm dá bharr nach pleanáil teanga ceart a bheas ar siúl, ach ag ticeáil boscaí.

Bhí athas orm cloisteáil le déanaí go mbeidh dianchúrsaí i bpleanáil teanga á ghlacadh ag baill foirne Údarás na Gaeltachta a bheidh ag plé leis an bpleanáil teanga. Cloisim freisin go mbeidh cúrsaí oiliúna á chur ar fáil don bhainisteoirí Chomharchumainn agus eile atá ag obair san earnáil phleanála teanga.

Dearbhú Rialtais
I Ráiteas an Rialtais i leith na Gaeilge 2006, dhearbhaigh an Rialtas a pholasaí ó thaobh an Ghaeltacht a neartú mar phobal ina labhraítear an Ghaeilge. Sa Straitéis 20 bliain don Ghaeilge, 2010-2030 dúradh gur é aidhm pholasaí an Rialtais i leith na Gaeilge ná úsáid agus eolas ar an nGaeilge a mhéadú mar theanga phobail ar bhonn céimiúil.

Má tá chun éirí leis an bpróiséis Pleanála Teanga agus na haidhmeanna Rialtais seo a bhaint amach, is gá go mbeadh an tacaíocht seo a leanas ar fail:

Go mbeadh tacaíocht praiticiúil agus traenáil éifeachtach curtha ar fáil ag an Rialtas tríd Údarás na Gaeltachta do na heagraíochtaí pobail-bhunaithe i ngach Gaeltacht atá cúram orthu Pleananna Teanga a réiteach

• Go mbeadh an maoiniú agus na háiseanna cuí curtha ar fáil ag an Rialtas tríd Údarás na Gaeltachta chun tacú leis na eagrais pobail bhunaithe aidhmeanna na pleananna teanga a chur i bhfeidhm go h-éafachtach.

• Go mbeadh daoine ag obair ar an dtalamh agus gan aon chúram eile orthu seachas an pleanáil teanga.

• Go mbeadh saineolaithe náisiúnta agus idirnáisiúnta sa phleanáil teanga ar fáil chun comhairle a chur ar Údarás na Gaeltachta agus na heagrais pobail bhunaithe ins na Gaeltachtaí maidir leis pleananna teanga a réitiú

Daoine Cáilithe ábalta agus tuilteanach!
 Le roinnt bliain anuas tá cúrsa céime íontach ar phleanáil teanga curtha ar fáil i nGaillimh (MA/Dioplóma Iarchéime (Pleanáil Teanga)— lánaimseartha). Conas an féidir an úsáid is fearr a bhaint as na daoine ar fad atá tar éis an dua a chur orthu féin céim Máistreachta sa Phleanáíl Teanga a bhaint amach? Cén ról a bheidh ag na daoine seo san athbheochan teanga ins na Gaeltachtaí? Tá said ábalta agus tuilteanach, ní gá ach labhairt leo.

Tá deis againn anois difir súantasach a dhéanamh do stadas an Ghaeilge sa Ghaeltacht.
Ná chaill í. Tá todhchaí na Gaeltacha ag braith orainn go léir, agus ar an Rialtas chun tacú linn.
Share/Save/Bookmark

1 comment:

  1. Leagtha síos go cruinn soiléir aici. GRMA as an eolas sin a chur os ár gcomhair.

    ReplyDelete