Bhi an méid seo le rá ag an Coimisinéir Teanga ar an ábhar seo in alt i dTuairisc.ie 11 Samhain 2015: “Tá dlite ar an Stát ról ceannaireachta a ghlacadh agus beartais Ghaeilge an Stáit a chur i bhfeidhm go gníomhach. Tá an Stát ag dul i muinín cur chuige go fóill atá ag brath ar bhaill foirne a bheith sásta seirbhísí a sholáthar i nGaeilge ar bhonn deonach; córas nach bhfuil sásúil ná éifeachtach. “Ní hionann iarraidh ar bhaill foirne seirbhísí a chur ar fáil ar an gcaoi seo agus tabhairt faoi bheartais Ghaeilge an Stáit a chur i bhfeidhm ar bhonn córasach agus céimiúil." Dúirt sé freisin gur léirigh caint Howlin “arís eile an líon íseal foirne atá ar fáil i roinnt Ranna Rialtais chun seirbhísí a sholáthar trí Ghaeilge”. Dúirt Ó Domhnaill nach raibh “aon toradh le feiceáil go fóill ar an gcuspóir go n-aithneofaí na poist sin lena mbeadh cumas feidhmiú sa dá theanga oifigiúla mar choinníoll leo”, cuspóir atá luaite sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge. |
Tá sé spéisiúil comparáid a dhéanamh leis an méid a bhí á rá ag Airí Rialtas le déanaí le caint a rinne an Coimisinéir Teanga le déanaí ar dhualgaisí an chóras stáit i leith sholáthair sheirbhís Gaeilge.
Freagrach? |
Ní mórán nios mó sásamh le fáil ag an duine le Gaeilge leis na Ranna eile a luadh san Alt. Fiú sa an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta níl ach 11% "in ann déileáil leis an bpobal i nGaeilge."
"Is é cuspóir an Acht na dTeangacha Oifigiúla ná úsáid na Gaeilge sa saol poiblí a mhéadú," a dúirt an Coimisinéir Teanga, Rónán Ó Domhnaill, seachtain ó shin ag Oireachtas na Samhna i mBaile Átha Cliath. "Is minic go ndeir lucht na n-eagraíochtaí stáit nach bhfuil mórán éilimh ar sheirbhísí as Gaeilge."
"Ach," a dúirt sé, "Ar an gcéad dul síos, tá sé deacair a mheas go réalaíoch cén t-éileamh atá ann do sheirbhís nach bhfuil á cur ar fáil, nó mura a bhfuil an tseirbhís i nGaeilge chomh maith céanna, chomh héifeachtach chéanna agus fáil uirthi chomh heasca céanna leis an tseirbhís i mBéarla." Sa taighde a bhí á seoladh aige ar "Thuarascáil Taighde ar Nuachainteoirí na Gaeilge" bhí neart samplaí ar an anró, an strus agus an troid ag na cainteoirí seo ag lorg seirbhís ón stáit agus go mbíonn leisce orthu an tseirbhís sin a iarraidh mura féidir teacht uirthi gan ceist gan coinníoll. Roinn mé féin mó h-eispéireas féin le deanaí ar an trioblóid ceadúnas tiomána a athnuachain!)
Ach chuir an Coimisinéir le na cinntí fiosrúcháin seo nuair a dúirt sé, "Ach déarfainnse, chomh maith, mura bhfuil éileamh ar sheirbhísí i nGaeilge, tá dlite ar an Stát ról ceannaireachta a ghlacadh agus an t-éileamh sin a ghríosadh de réir aidhmeanna agus beartas Gaeilge an Stáit.
"Níl an Stát neodrach sna cúinsí sin."
Sílim gur cuma ar bhealach na figiúirí a luaidh san alt i dTuairisc.ie. An rud atá soiléir, ró shoiléir, ná an dearcadh atá ag na hAirí Rialtas, agus mar sin ar an Rialtas agus an Stát Sheirbhís trí síos gur rud "deonach" é seirbhís a sholáthar do phobal na Gaeilge agus Gaeltachta. Samhlaigh oifigeach sa Roinn Airgeadas agus eolas ar chúrsai eacnamaíochta "go deonach" aige. Nó múinteoir gan eolas ar oideolaíocht bunúsach a bheith aige nó aici.
Is eagal liom ní h-amháin nach bhfuil an Stáit faoin Rialtas seo "neodrach sna cúinsí sin!" ach go léiríonn freagraí na nAirí Rialtas atá ag smaoineamh i malairt treo. I dtraidisiúin Rialtaisí na tíre seo ó 1928 i leith, tá teachtaireach thár a bheith símplí a thabhairt do phobal na hÉireann.
"Labhraigí Gaeilge le chéile ach ná labhair linne í!"
@ceartateanga @IRLDeptPER
“Seo an tAire atá freagrach as cúrsaí fostaíochta sa Státseirbhís trí chéile, agus is léir nach bhfeiceann sé an tábhacht atá le foireann a bhfuil cumas sa Ghaeilge aici. Feiceann sé an Ghaeilge mar ‘aguisín’ seachas mar bhuncheart,” a dúirt an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh le Tuairisc.ie. |
No comments:
Post a Comment