
Léiríodh suim ollmhór an cheantair áitiúil sa Ghaelscoil nua agus bhí an-díomá ar an gcoiste bunaithe agus ar Gaelscoileanna Teo., eagraíocht ionadaíochta an 138 bhunscoil lán‑Ghaeilge, leis an gcinneadh a d’fhógair An Roinn Oideachais agus Scileanna i leith aitheantais do scoileanna nua i 2010. Bhí Ráth Tó cuimsithí mar cheann den 9 gceantar sprioc-aitheanta faoin bplean Soláthar Bunoideachais ag an Roinn Oideachais agus Scileanna chun scoileanna a oscailt iontu i Meán Fómhair 2010 ach ar an drochuair níor ceadaíodh aitheantas do Ghaelscoil Ráth Tó in ainneoin éileamh an‑mhór léirithe do ghaelscoil nua sa cheantar.
Ghlac an coiste bunaithe an cinneadh ceannródaíoch oscailt gan aitheantas oifigiúil ón Roinn Oideachais agus Scileanna, rud a chiallaíonn go bhfuil an-bhrú ar an gcoiste a chinntiú go mbeidh oideachas ar ardchaighdeán á sholáthar do pháistí an cheantair a roghnaíonn an ghaelscolaíocht mar chóras.
Deir Mícheál Ó Broin, Uachtarán Gaelscoileanna. “go léiríonn an tacaíocht atá ann don choiste bunaithe ó phobal na háite, agus ón bpobal i gcoitinne go bhfeictear riachtanas mór do ghaelscoil sa cheantar chun freastal ar éileamh d’oideachas lán-Ghaeilge. Tá feasacht an phobail ag méadú faoi na buntáistí a bhaineann leis an ngaelscolaíocht d’fhorbairt sóisialta, acadúil agus cumarsáideach na bpáistí. Táim an-bhuíoch do na scoileanna lán-Ghaeilge ar fad a chabhraigh go fiail flaithiúil le síntiús, le troscán agus eile. Molaim go hard an obair dheonach atá ar siúl ag an gCoiste Bunaithe le fada chun a bhfís a gcur i gcrích i Ráth Tó.”
Léirigh an coiste bunaithe an-sástacht le slua an oíche aréir agus tá siad dóchasach go spreagfaidh sé uimhreacha láidir do 2010 agus 2011 agus ar aghaidh. Tá tacaíocht faighte acu ó eagraíochtaí Gaeilge, gnólachtaí agus polaiteoirí áitiúla, pobal Ráth Tó agus gaelscoileanna eile timpeall na tíre leis an éacht seo a chur i gcrích, agus ba chruthúnas ar sin an ceiliúradh croíúil a bhí ann i nGaelscoil nua Ráth Tó aréir.

No comments:
Post a Comment