Comharthaíocht Bhéarla sa Ghaeltach (Eagarfhocal Gaelscéal 3/10/2012)
Tá an-chuid díospóireachta ar siúl faoin bhfeachtas péintéireachta atá ar siúl ag dream i gConamara. Is cosúil gur dream a dtugann Ceithearnach Coille Chonamara ortha féin atá ina mbun. Níl fhios agam cé h-iad agus is cosúil nach bhfuil fhios ag éinne atá sásta a rún a scaoileadh! Ach rud is aistí gur cuid mór de na comharthaí a fuair an "athdhearadh" nua seo is i gcoinne an dlí atá siad mar cuireadh suas iad gan cead pleanála.Bhí caint cuíosach bríomhar ar twitter mar shampla bhí roinnt a cheap gur rud maith an feachtas a bhí ann agus dream eile nár cheap, agus dream eile a cheap gur ceart fán amach ó réadmhaoin nó gnóanna príobháideacha.
Creachadóireacht
Glaoadh "Creachadóireacht," ar an ngníomh agus seans go bhfuil an ceart aige ach léiríonn sé (an gníomh féin) mothúcháin eile. Léiríonn ainm na Gluaiseachta "Ceathearnach Coille" an mothú chéanna. "Is daoine gan cumhacht iad Pobal na Gaeilge agus Muintir na Gaeltachta," a deireann sé!
Baineadh na comharthaí Béarla sa Bhreatain Bheag sna Seascaidí |
Lagmisneach!
Ní nach íonadh go ndúirt an Coimisinéir Teanga, "Ní dóigh liom go bhfaca mé oiread lagmhisnigh nó easpa muiníne riamh roimhe seo i measc cheannairí na n-eagras Gaeilge agus Gaeltachta is atá ann faoi láthair." (Ag cothú na todhchaí! 13 Iúl 2012). Agus má tá an lagmisneach agus a éadóchas seo sa gluaiseacht tá sé níos mó i measc pobal na Gaeltachta. Ar bhealach is íontach an rud é nár thárla rud i bhfad níos tromchúisí i rith na seachtaine mar tá muid ag caint faoi bhás teanga tré neamh-aird, tré "patuaireacht" agus tré fimíneacht lucht polataíochta. D'fhéadfá a rá go bhfuil an meas ceanna a thabhairt ag Ceathearnach Coille Chonamara don dlí agus a thugann na Gárdaí Síochán i dTír Chonail! (Rialtas ag déanamh neamhaird ar sárú dlí na tíre! 25 Aib 2012).
Gníomh fónta? |
Ar maidin chuala muid go bhfuil áit na Gaeilge i gcúrsaí dlí sabhálta fiú má dúntar an Teach Cúirte i nDoire n'Fhéich. (Cé creideann sin?) Inné chualamar faoi fear nach raibh i ndán bás a bhean a chlárú i nGaeilge i gCorca Duibhne. Chualamar le deanaí nach bhfuil Comhairle Co na Gaillimhe logainmneach cearta na Gaeltachta a úsáid i gcúrsaí pleanála. Agus tá an coiste phobáil áitiúil ag gearán leis na húdaraisí nach bhfuil fáil ag pobal na háite ar sheirbhís leasa shóisialaigh trí Ghaeilge. Conas a cabhródh paimfléid eile leo siúd?
Mea culpa
Is cuimhín liom an chéad uair a bhí mé i gConamara i 1967 (in my disrespectful youth!) chuamar amach go rúnda, déanach san oíche, agus chuamar amach agus chuireamar péint dubh ar na comhairthaí bóthar ó Bhearna chomh fada siat le crosbhóthair Charna. Níos déanaí fuarthas amach go raibh tarra i bhfad níos éifeachtaí!
Is cosúil nach dtárlaíonn aon rud i gcúrsaí teanga sa tír seo gan an dlí a bhriseadh! Raidío na Gaeltachta, Comhairthaí Bóthre, Údarás na Gaeltachta, TG4 an féidir le h-éinne a rá go mbeadh siad ann gan agóid mí dleathúil?
An-mhaith, caithfidh obair na gCeithearn leanach ar agahidh, seo fóram leis an obair sin agus dul chun cinn nua a phlé-http://naceithearnacoille.blogspot.ie/
ReplyDeletebígí linn leis na chéad chéimeanna eile a ghlacadh!