16.12.09

Comharthaí

Cá bhfuil ár dtriall?

Tá úsáid na Gaeilge ar chomharthaí tráchta na tíre ar an léiriú is feiceálaí de pholasaí an stáit i leith ár dteangacha oifigiúla, Gaeilge agus Béarla. Caithfidh údaráis bhóithre na tíre cloí leis na dualgais atá leagtha orthu maidir le húsáid na dteangacha sin ar chomharthaí tráchta faoin Lámhleabhar do Chomharthaí Tráchta. Is iad na húdaráis atá i gceist ná an tÚdarás um Bóithre Náisiúnta agus údaráis áitiúla na tíre.

Lámhleabhar do Chomharthaí Tráchta
Foilseachán oifigiúil atá eisithe mar ordúchán de chuid an Aire Iompair é an Lámhleabhar do Chomharthaí Tráchta.

Má fheictear duit go bhfuil comharthaí tráchta curtha in airde ag na húdaráis bhóithre nach bhfuil ag teacht leis na forálacha reachtúla, is féidir leat gearán a dhéanamh le hOifig an Choimisinéara Teanga ar an bhfoirm ghearáin.

Agus tú ag líonadh na foirme gearáin, ba chóir duit leas a bhaint as an seicliosta seo. Dá mhéad eolais a chuireann tú ar fáil dúinn, is amhlaidh is fearr a bheimid in ann dul i ngleic go cuí le do ghearán.
Is fearr foirm faoi leith a líonadh i gcás gach comhartha faoina bhfuil tú ag gearán.


SEICLIOSTA
Áit
Tabhair eolas beacht faoin áit ina bhfuil an comhartha tráchta suite. [Mar shampla, ar an R332 idir Tuaim agus Baile an Róba in aice le páirc an Chumainn Lúthchleas Gael timpeall 1.7km ó Thuaim agus tú ag taisteal i dtreo Bhaile an Róba.]

Cuir léaráid, léarscáil agus/nó na comhordanáidí GPS ar fáil a léiríonn suíomh an chomhartha tráchta, más féidir. Tabhair eolas freisin, más féidir, faoi dhath agus faoi chineál an chomhartha tráchta.

Míchruinneas
Tabhair eolas beacht faoin méid atá scríofa ar an gcomhartha tráchta, faoin méid atá mícheart air agus faoin leasú a theastaíonn dar leat, mar shampla botúin litrithe nó gramadaí nó easpa Gaeilge.

Freagracht
Tabhair ainm an údaráis bhóithre atá freagrach as an gcomhartha tráchta, más féidir (mar shampla an tÚdarás um Bóithre Náisiúnta nó ainm an údaráis áitiúil).

Grianghraf
Cuir grianghraf ar fáil den chomhartha tráchta, más féidir.
M
Is forálacha d'achtachán a bhaineann le stádas nó le húsáid na Gaeilge iad na forálacha faoin nGaeilge ar chomharthaí tráchta sa Lámhleabhar do Chomharthaí Tráchta. Fágann sin go bhfuil údarás reachtúil ag an gCoimisinéir Teanga gearáin a fhiosrú maidir le fadhbanna le húsáid na Gaeilge nó easpa Gaeilge ar chomharthaí tráchta.

Is iad seo a leanas na príomhdhualgais a leagtar ar na húdaráis bhóithre sa Lámhleabhar: An Lámhleabhar do Chomharthaí Tráchta

Logainmneacha ar Chomharthaí Eolais
Caithfidh logainmneacha ar chomharthaí eolais a bheith i nGaeilge agus i mBéarla ach amháin:
  • I gcás ceantair Ghaeltachta, áit a gcaithfidh na logainmneacha a bheith i nGaeilge amháin.

  • Sa chás gur cosúil litriú logainm sa dá theanga, is í foirm Ghaeilge an logainm amháin ba chóir a úsáid (Caibidil 1.9.1 den Lámhleabhar).
Ba chóir don téacs i nGaeilge a bheith i gcló iodálach, i gcás íochtair, leis an túslitir mar cheannlitir. Beidh claonadh 15 chéim ar dheis ar an script i nGaeilge (Caibidil 1.9.2 den Lámhleabhar).

Ba chóir don téacs i mBéarla a bheith i gcló rómhánach agus i gcás uachtair (Caibidil 1.9.3 den Lámhleabhar).

Comharthaí Eolais gan Logainmneacha

Ba chóir na riachtanais thuasluaite a chur i bhfeidhm ar gach uile chomhartha eolais, ar a n-áirítear plátaí eolais a chuirtear in airde in éineacht le comharthaí (Caibidil 1.9.4 den Lámhleabhar).

Foirmeacha & Litriú Logainmneacha
Ba chóir a chinntiú go n-úsáidtear na foirmeacha agus an litriú ceart de logainmneacha ar chomharthaí tráchta (Caibidil 1.9.5 den Lámhleabhar).
    (a) Ba chóir do na húdaráis bhóithre an t-Ordú Logainmneacha cuí a scrúdú.
    [Nóta breise: Tá cóipeanna de na hOrduithe Logainmneacha go léir atá déanta go dtí seo ar fáil ag Suíomh an Choimisinéara Teanga. Baineann an chuid is mó de na hOrduithe le contaetha éagsúla ach tá Orduithe ann freisin a thugann ainmneacha na gcúigí agus na gcontaetha, na lárionad daonra (bailte agus sráidbhailte san áireamh) agus na gceantar Gaeltachta.]

    (b) Mura bhfuil logainm san áireamh san Ordú Logainmneacha, ba chóir dul i gcomhairle le Gasaitéar na hÉireanna d’fhoilsigh an Brainse Logainmneacha den tSuirbhéireacht Ordanáis i 1989 agus a thugann liosta dátheangach de phríomhainmneacha tíreolaíochta na hÉireann.

    [Nóta breise: Is féidir an leagan ceart Gaeilge de logainm a dhearbhú trí leas a bhaint as Bunachar Logainmneacha na hÉireann. Mura bhfuil an logainm ar fáil ansin, is féidir dul i dteagmháil leis an mBrainse Logainmneacha trí leas a bhaint as an bhfoirm ar líne atá ar fáil ag Bunachar Logainmneacha na hÉireann.]

    (c) Agus dearbhú á lorg ar an leagan ceart Gaeilge de logainm nach bhfuil tugtha i gceachtar de na foilseacháin thuasluaite, ba chóir dul i gcomhairle leis an gCoimisiún Logainmneacha. Sula ndéanfadh údaráis bhóithre é sin, d’fhéadfaí a fháil amach trí chomhairliúchán áitiúil an bhfuil tábhacht speisialta go háitiúil le logainmneacha ar leith nó an bhfuil úsáid thraidisiúnta i gceist.

    [Nóta breise: Ba chóir a bheith airdeallach go bhfuil dualgais faoi leith ag baint le logainmneacha Gaeltachta atá daingnithe san Ordú Logainmneacha (Ceantair Ghaeltachta) IR 872 de 2004 atá ar fáil ag suíomh an Choimisinara Teanga.]
Achoimre ar Logainmneacha
Má tá logainmneacha rófhada, is féidir iad a ghiorrú, mar shampla: Baile – B.; Caisleán – Cais.; Droichead – Dr.; Mainistir – Main. (Caibidil 1.9.6 den Lámhleabhar).

Comharthaí Rabhaidh (san áireamh Comharthaí faoi Oibreacha Bóthair)
Ní hiondúil go mbíonn téacs ar na comharthaí seo ach bíonn siombail orthu chun teachtaireachtaí a chur in iúl. Má tá téacs in úsáid, ba chóir an téacs a bheith dátheangach. Má tá an baol ann, áfach, go laghdófaí tionchar na teachtaireachta, ba chóir comharthaí ar leith i nGaeilge agus i mBéarla a úsáid. (Caibidil 1.9.7 den Lámhleabhar).

Tá an teolas seo faighte againn ó shuíomh an Choimisinéara Teanga
Share/Save/Bookmark

No comments:

Post a Comment