24.4.12

Tuarascáil Bhliantúil 2011 - An Coimisinéir Teanga

An Garda Síochána
Theip ar údaráis an Gharda Síochána cloí leis an dlí nuair nach bhféadfadh  ochtar as naonúr Gardaí a cuireadh ar dualgas i nGaoth Dobhair, i gceartlár  Ghaeltacht Dhún na nGall, a gcuid dualgas a chomhlíonadh trí Ghaeilge de  réir tuarascála de chuid an Choimisinéara Teanga, Seán Ó Cuirreáin.  

Léirigh tuarascáil ar imscrúdú (fiosrúchán foirmiúil), a foilsíodh inniu i  dTuarascáil Bhliantúil 2011 an Choimisinéara Teanga, nár chloígh Coimisinéir  an Gharda Síochána sa chás seo le foráil d’Acht an Gharda Síochána 2005 a  éilíonn go mbeadh oiread Gaeilge ag baill den fhórsa atá lonnaithe sa 
Ghaeltacht le gur féidir leo í a úsáid go furasta le linn dóibh a bheith i mbun a  ndualgas. Chomh maith leis sin, sáraíodh gealltanas reachtúil i scéim teanga  an Gharda Síochána faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla.  

Gearán ó chainteoir dúchais Gaeilge nach raibh ábalta a chuid gnó a  dhéanamh trí Ghaeilge leis na Gardaí i nGaoth Dobhair a chuir tús leis an  imscrúdú.  

Seoladh an t-imscrúdú i mí Feabhra 2011 ach cinneadh é a chur ar leataobh go sealadach nuair a méadaíodh go dtí triúr líon na nGardaí a raibh Gaeilge acu  sa stáisiún. Cuireadh tús leis an imscrúdú arís nuair a chonacthas nach raibh  aon dul chun cinn breise déanta ar an ábhar agus i mí na Nollag 2011 rinne an  Coimisinéir Teanga cinneadh foirmiúil nár comhlíonadh na dualgais reachtúla  teanga sa chás seo.  

Rinne an Coimisinéir Teanga sraith moltaí a bhí le cur i bhfeidhm laistigh de  thréimhse naoi mí ag údaráis an Gharda Síochána le cinntiú go mbeadh  géilliúlacht iomlán ann do na dualgais reachtúla teanga.   

Agus é ag labhairt ag seoladh Thuarascáil Bhliantúil 2011, dúirt an Coimisinéir  Teanga, Seán Ó Cuirreáin, nach raibh stádas na Gaeilge mar theanga phobail  sa Ghaeltacht chomh leochaileach aon uair agus atá anois agus nach féidir leis an Stát a bheith ag súil leis go mairfidh an Ghaeilge mar a rogha teanga ag an bpobal sa Ghaeltacht má leantar ag brú Béarla ar phobal na gceantar sin lena 
gcuid gnóthaí oifigiúla a dhéanamh.  

Líon na ghearáin
Le linn 2011, dhéileáil Oifig an Choimisinéara Teanga le 734 gearán nua i dtaca le deacrachtaí seirbhísí stáit á fháil trí Ghaeilge; b’ionann sin agus  méadú 5% ar líon na gcásanna ón bhliain roimhe sin. Is ó Chathair agus ó  Chontae Bhaile Átha Cliath a tháinig 50% de na gearáin agus tháinig 21% eile  ón nGaeltacht. Réitíodh formhór mór na gcásanna sin trí idirbheartaíocht  neamhfhoirmiúil, gan dul i muinín imscrúduithe reachtúla.   

An Roinn Coimirce Sóisialaí
D’fhoilsigh an Coimisinéir Teanga tuarascáil speisialta inniu freisin atá leagtha  aige anois faoi bhráid Thithe an Oireachtais. Baineann an tuarascáil sin leis an  Roinn Coimirce Sóisialaí a fuarthas ag sárú dualgais reachtúla teanga ach a  raibh teipthe uirthi moltaí a chur i bhfeidhm le géilliúlacht a chinntiú. Léirigh  dhá imscrúdú éagsúla nár chomhlíon an Roinn go cuí na dualgais reachtúla  teanga i dtaca le marcanna bónais a thabhairt d’inniúlacht sa Ghaeilge agus sa  Bhéarla i gcomórtais inmheánacha ar leith d’ardú céime.    

Bunaíodh an córas le marcanna bónais a bhronnadh as inniúlacht in dhá  theanga oifigiúla an Stáit mar mhalairt ar chóras na Gaeilge ‘éigeantaí’ sa  bhliain 1975.  Chinn an t-imscrúdú go raibh dualgas reachtúil ar an Roinn  marcanna bónais as inniúlacht sa Ghaeilge agus sa Bhéarla araon a bhronnadh 
ar dhaoine a bhí cáilithe go cuí agus gur sháraigh an Roinn an fhoráil seo  nuair a chinn sí na marcanna bónais a theorannú dóibh siúd amháin a raibh  na céimeanna deiridh sna comórtais d’ardú céime bainte amach acu. “Tá an  chosúlacht air go bhfuil an cur chuige lochtach seo de chuid na Roinne  coitianta ar fud na Státseirbhíse agus gur air sin atá cuid den locht maidir leis  an imeallú atá déanta ar an nGaeilge i measc na foirne sa státchóras,” a dúirt  an Coimisinéir Teanga. 

Ní dhearna an Roinn achomhairc ar phointe dlí chun na hArd-Chúirte i  gcoinne chinneadh an Choimisinéara Teanga mar atá ceadaithe sa  reachtaíocht ach fós féin theip uirthi moltaí na n-imscrúduithe a chur i bhfeidhm.  “Ní féidir liomsa níos mó a dhéanamh maidir leis an gcás seo ach tuairisc a thabhairt do Thithe an Oireachtais agus is gnó anois don Oireachtas céimeanna breise a thógáil, má mheastar gur cuí sin a dhéanamh,” a dúirt an tUasal Ó Cuirreáin. 

Chomh maith le seirbhís ombudsman a chur ar fáil, rinne Oifig an Choimisinéara Teanga sraith iniúchtaí ar ranna rialtais agus ar chomhlachtaí poiblí eile le linn na bliana 2011 le cinntiú go raibh siad ag cloí le forálacha na  reachtaíochta teanga.  

Le linn na bliana freisin, d’fhoilsigh an Oifig moltaí maidir le leasuithe ar  fhorálacha Acht na dTeangacha Oifigiúla ar a bhfuil athbhreithniú á  dhéanamh mar chuid de chlár oibre an Rialtais.  

Dúirt an tUasal Ó Cuirreáin gur cosúil go bhfuil teipthe tríd is tríd ar chóras  daingnithe na scéimeanna teanga – córas atá i gcroílár Acht na dTeangacha  Oifigiúla. Níor dhaingnigh an tAire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta ach  scéim teanga nua amháin le linn na bliana 2011.  

San iomlán, tá 105 scéim teanga daingnithe ag an Aire go dtí seo, ach faoi  dheireadh na bliana 2011 bhí 66 acu sin tar éis dul in éag.  D’fhág sin nach  raibh an dara scéim daingnithe i gcás dhá thrian de na comhlachtaí poiblí sin.  Cé go bhfanann forálacha na chéad scéime i bhfeidhm, ní raibh aon phlean 
ann le méadú a chur ar sholáthar seirbhísí trí Ghaeilge ó na comhlachtaí poiblí sin.   

Bhí 20% de na scéimeanna teanga in éag le tréimhse ama trí bliana ar a laghad  agus 20% eile acu in éag le breis agus dhá bhliain. 

I measc na gcomhlachtaí poiblí a raibh a gcuid scéimeanna teanga in éag le tréimhse fhada ag deireadh na bliana 2011, bhí Oifig an Uachtaráin, an  Chomhairle Ealaíon, Oifig an Ombudsman, an tSeirbhís Chúirteanna,  Comhairle Contae na Gaillimhe, Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim, agus an Roinn Oideachais agus Scileanna.     

Sa bhreis air sin, bhí 28 comhlacht poiblí eile ann a raibh an chéad  dréachtscéim iarrtha orthu ach nach raibh siad daingnithe fós mar  scéimeanna ag an Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta. I gcás deich 
gcinn acu sin, bhí breis agus cúig bliana imithe ó iarradh orthu an dréachtscéim a ullmhú. Díol suntais é go raibh ceithre bliana agus seacht mí  caite ó iarradh ar Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte dréachtscéim teanga  a ullmhú ar bhonn náisiúnta agus beagnach trí bliana ó iarradh ar an bPost 
dréachtscéim teanga a ullmhú.  Tá sé os cionn dhá bhliain ó rinneadh iarratas  ar Oifig Thithe an Oireachtais, RTÉ agus an tÚdarás um Bóithre Náisiúnta  dréachtscéimeanna teanga a ullmhú.    

Faoi dheireadh na bliana, ní raibh aon scéim teanga daingnithe fós i gcás na  Roinne Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta – roinn a bunaíodh go foirmiúil  ar an 1 Meitheamh 2011.  

“Ní féidir teacht ar aon chonclúid eile ach go bhfuil cliste anois ar an ngné  thábhachtach seo den reachtaíocht teanga,” a dúirt an Coimisinéir Teanga.  

• Tá tuairimí faoi seo agus teacs an preas ráiteas in mBéarla anseo!




Share/Save/Bookmark

No comments:

Post a Comment