11.8.10

An bhfuil Indreabhán sa Ghaeltacht?


Scríodh píosa faoi Oifig an Phoist in Indreabhán i mí Bealtaine. Cuireadh gearán isteach chuig an Coimisinéar Teanga agus cé nach fhéadach seisean mórán a dhéanamh faoi tugadh freagra fábharach go leor dá oifig agus dúradh:

"Beidh áthas ort a chloisteáil go bhfuil sé deimhnithe dom ag an bPost go bhfuil i gceist an leagan Béarla den logainm a bhaint anuas den chomhartha atá lasmuigh d’Oifig an Phoist in Indreabhán, agus gur aontaigh siad gurb é an polasaí leagan Gaeilge amháin a úsáid sa Ghaeltacht agus leagan dátheangach lasmuigh de."

Bhí mé ag Siopa an Phobail ar maidin agus is oth liom a rá nach bhfuil athrú ar bith ar an scéal. Nó bhfhéidir go gceapann An Post nach bhfuil "Inver1n" sa Ghaeltacht cor ar bith!

Cad is ceart a dhéanamh?
Share/Save/Bookmark

2 comments:

  1. Is léir nach bhfuil. Féach na fógraí atá crochta lasmuigh: "Buy One Get One Free" agus "Half Price". Dá mbeadh an oifig sa Ghaeltacht bheadh "Ceannaigh Ceann, Faigh Ceann Saor in Aisce" agus "Leathphraghas" ar na fógraí sin.

    ReplyDelete
  2. Níl amhras ar bith ann faoi a Myles. Níl neart ag muintir na háite ar na comharthaí a chrochann an comhlacht gallda.

    ReplyDelete