Foilsíodh litir sínithe ag 29 grupaí phobail, eagrachtaí agus coláistí samhradh i nGaeltacht Dhún na nGáll san Irish Times, Donegal Democrat agus sa Donegal News. (Tá an teolas seo agus an leagan Béarla le fáil ar The Hidden Ireland!
Deitear comparáid idir seo agus tuairisc an Chomhchoiste Oireachtais um Ghnóthaí Ealaíon, Spóirt, Turasóireachta, Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta (Béarla).
Cuiradh cóip den litir chuig an Taoiseach agus an Tánaiste.
An Taoiseach Brian Ó Comhain
An Tánaiste Máire Ní Chochláinn,
Teach Laighean,
Baile Átha Cliath 2
A Thaoisigh agus a Thánaiste, a chairde,
- Tá muid ag scríobh chugaibh mar phobal Gaeltachta aontaithe mar go bhfuil imní mhór orainn faoi Thuarascáil na Roinne Airgeadais ar Chaiteachas Caipitiúil 2010-2016. Má ghlactar lena bhfuil molta, beidh deireadh go praiticiúil leis an Roinn Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta agus le hÚdarás na Gaeltachta faoi 2016 agus muid ag comóradh 100 Bliain Éirí Amach 1916.
- Tá na ciorruithe is airde i ndán don Roinn Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta mar a léirítear thíos:
- Mar is eol daoibh ón Staideár Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht, tá géarchéim teanga ins an Ghaeltacht faoi láthair, fiú ins na Gaeltachtaí is láidre:
"Is é tátal lom shuirbhé na ndaoine óga nach bhfuil ach idir 15 bliana agus scór blianta fágtha mar shaolré ag an nGaeilge mar theanga theaghlaigh agus phobail sa chuid is láidre den Ghaeltacht, is é sin le rá an chuid den Ghaeltacht a bhaineann le Catagóir A, mura féidir an patrún seo a chur ar mhalairt treo." (SCT, 2007:27)
Caithfear dul i ngleic leis an fhadhb seo láithreach sula mbeidh sé ró-mhall agus mar sin de, iarraimid oraibh glacadh leis na moltaí uilig a rinne Tuarascáil an Comhchoiste Oireachtais ar an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge ar na mallaibh agus iad a chur i bhfeidhm.
Glacann muid leis go bhfuil muid i ndrochstaid eacnamúil faoi láthair agus go bhfuil gá le ciorruithe a dhéanamh i gcaiteachas an Stáit ach ní fhanfaidh slánú na Gaeilge sa Ghaeltacht le cúrsaí eacnamaíochta domhanda.
Is muidinne, le meas,
ÉAMONN Mac NIALLAIS, Guth na Gaeltachta;
SÉAMUS Mac GÉIDIGH, Coiste Paróiste Ghort a Choirce;
BRÍDÍN B Nic CHEARÁIN, Gaeltacht Bheo Fhánada;
GRÁINNE Mhic GÉIDIGH, Coiste Ban Tí Thír Chonaill;
BRÍD Uí DHONAILL, Coiste Áislann Rann na Feirste;
MÍCHEÁL Mac GIOLLA, Coiste Áislann Chill Chartha;
NÓIRÍN Uí MHAOLDOMHNAIGH, Easbuic Comharchumann Oileán Árainn Mhór;
SÉAMUS Mac RUAIRÍ, Coiste Forbartha Anagaire;
SÉAMUS Mac BRIARTAIGH, Comhairle Pharóiste Chill Chartha;
CAITLÍN Uí LAIFEARTAIGH, Coiste Pobail Eascarrach;
SIOBHÁN Ní CHURRAIGHÍN, Coiste Forbartha Theileann;
MÁIRE Ní CHOMHAILL, Coiste Forbartha Dhobhair Teo;
MÁIRE Uí CHEALLAIGH, Coiste Sheáin Bháin, Baile na Finne,
MÁIRE Mhic NIALLAIS Comharchumann Forbartha Ghaoth Dobhair;
AODH Mac LAIFEARTAIGH, Coiste Céim Aniar, Na Dúnaibh;
BRIAN Mac CUINNEAGÁN, Lár Comhairle Paróiste Gleann Cholm Cille;
MÁIRÍN Uí FHEARRAIGH Comharchumann na nOileán Beag;
BRIDGET Nic GAIRBHEITH, Comharchumann Oilean Thoraí;
ÉAMON Mac GIOLLA BHRÍDE, Cumann Trádala Tionscail Ghaoth Dobhair;
RÉAMONN Ó CIARÁIN, Coláiste Gael Linn Bhun an Inbhir;
PÓILÍN Ní DHONNCHADH, Coláiste Gael Linn Mhachaire Rabhartaigh;
DAITHÍ Ó MUIRÍ, Coláiste Mhuire, Loch an Iúir;
MÁNAS Ó LUATHAIRE, Coláiste Árainn Mhór;
SEOSAMH Ó GALLCHÓIR, Coláiste Cholmcille Gaoth Dobhair;
Dr SEOSAMH WATSON, Oideas Gael Gleann Cholmcille;
MÁIRÉAD Uí BHRÁDAIGH, Coláiste Chill Chartha;
NIALL Ó SLUÁIN, Coláiste Rann na Feirste;
SEOSAMH Ó DUIBHEANNAIGH, Coláiste na Rosann, Anagaire;
GAVIN Ó FEARRAIGH
COLLEEN Nic AODHA, Coláiste Bhun a Leaca,
C/o Doirebeag, Leitir Ceanainn, Co Dhún na nGall.
No comments:
Post a Comment