Léirítear a méid oibre fiontach atá déanta ag an Aire (go mór mhór ina Dháil Cheantair féin!), agus ní fheadach éinne é a shéanadh ar an bpointe sin. Deireann sé gur tiomántas Fhianna Fáil (Béarla) don Ghaeilge atá ann, ach ag breathnú ar suíomh an pháirtí is rí bheag an méid tiomántas atá le feiscint ann. Deireann sé áfach go bhfuil sé "le feiceáil go soiléir nach bhfuil i ceist ag an Rialtas cumhachtaí a aistriú o hÚdaras na Gaeltachta na ón Roinn go heagraíochtaí eile."
Ach an bhfuil? An bhfuil an Straitéis 20 bliain "ardchéimiúil" ar an gClár nua Caipitil a d'fhoilsigh an Rialtas i mí Iúil? Cuireann Donncha Ó hÉallaithe ceisteanna lom nach fhreagraíonn an tAire go lom. Cuireadh na lom-cheisteanna céanna nach mór ag cruinniú i nGaoth Dobhair i rith na seachtaine seo caite.
Conas is féidir cuir le hobair fiúntach Éamonn Uí Chuív ar ar caitheadh €140m ar in 2008 sa bhliain 2015 agus 2016 le €30m? Nó anamhlaidh go bhfuil deireadh leis? Deireadh le Roinn na Gaeltachta, Deireadh le hÚdarás na Gaeltachta? Deireadh leis an nGaeltacht? Deireadh leis an nGaeilge mr teanga phobail?
Litir oscailte ag an Aire Éamonn Ó Cuív T.D.
A Aire, a chara
Is cúis imní a bhfuil sa Clár nua Caipitil a d'thoilsigh an Rialtas le gairid dóibh siúd ar chás leo todhchaí na Gaeltachta. Bhi sé sach dona go raibh sé ráite sa "Dréacht Stráitéis 20Bliain don Ghaeilge", a foilsíodh ag deire na bhliana seo calte go raibh plean ag an rialtas Údarás na Gaeltachta a iompó isteach ina Údaras na Gaeilge. Ag an am d'ardaigh mé an cheist go poiblí faoin mbaol a bhí ann, go gcaillfeadh an tÚdaras an fócas ar an nGaeltacht.
Mar Aire, a raibh cúram na Gaeltachta ort ag an am, thug tú le fios, nach raibh sé i gceist aon chumhacht a bhaint ón Údarás faoin Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge, ach a mhalairt. Thuig mé uait, is tú ag caint ar RnaG, nach ndéanfaí aon Iagú ar ról an Údaráis i dtaobh cothú na fiontraíochta agus ó thaobh cruthú fostaiochta faoin Stráitéis 20 Bliain don Ghaeilge. Dúirt tú go ndéanfaí athstructúrú ar an Údarás, rud a theastafonn go géar.
Chreid go leor daoine tú ag an am, mar is duine thú, le do cheart a thabhairt dhuit, nach n-insíonn bréaga de ghnáth, cé gur féidir leat an dubh a chur ina gheal ar dhaome go minic le argóintí casta is le clisteacht. Bhí an cuma ar an scéal, do réir do chuid cainte ag an am, go mbeadh an tÚdarás fós ag plé le forbairt eacnamíochta, fiontraíochta agus le cruthú fostaíochta sa Ghaeltacht, mar a bhí ó 1980 agus mar a bhí Gaeltarra Éireann roimhe sin.
Faoi láthair is ón Roinn Chomhionnais, Pobail & Gaeltachta, a fhiaigheann an t-Údarás an t-airgead caipiteal, a theastaíonn le tograí nua fostaíochta a fhorbairt sa Ghaeltacht agus le postanna atá ann cheana a shábhailt. Fuair an tÚdarás €19.65 miliúin sa bhliain 2009 agus tá sé ceapaithe €15 milliún a fháil ón bhfoinse céanna i mbliana. Ach anois, do réir Aithbhreithniú ar an gClár Caipitil, (Béarla) a d'fhoilsigh an Rialtas le gairid; tá deire le cur leis an socrú seo agus as seo amach 'any residual or ongoing investment needs should be funded by the Government Department with pnmary sectoral responsibility', sé sin ó Roinn Bhatt O Keefe, (Enterprise, Trade and Employment).(Béarla amháin!)
Mar duine den Aireacht, a cheadaigh an Aithbhreithnú ar an gClár Caipitil agus mar Aire a raibh freagracit na Gaeltachta ort le 12 bliliain roimhe sin agus mar Theachta Dála don ceantar Ghaeltachta is mó sa tir, ar mhiste leat ceist simplí a fhreagairt.
An bhfuil sé i gceist ag an Rialtas seo airgead caipitil a sholáthar idir 2011 agus 2016 do Údarás na Gaeltachta, le usáid chun brú ar aghaidh le forbairt eacnamaíochta agus cruthú fostaíochta sa Ghaeltacht?
Má ta, ar mhiste leat a inseacht cé mhéad a chuirfear ar fáil faoin bplean caipitil, a mhinú cé as a dtiocfaidh sé agus a soiléiriú dúinn cá bhfuil an soláthar sa phlean don airgead caipitil sin?
Más amhlaigh go bhfuil sé socraite ag an Rialtas, go dtiocfaidh deire le ról Údaras na Gaeltachta i dtaobh cothú na fiontraíochta agus cruthú fostaíochta sa Ghaeltacht, ar mhiste leat é sin a admháil go hoscailte is go macanta, sa gcaoi is gur féidir feachtas náisiúnta a eagrú lena chinntiú nach scriosfar an t-aon eagraíocht amháin atá ag an nGaeltacht faoi láthair, ceal acmhainní caipitil.
Is de bharr brú ón bpobal agus feachtas Cearta Sibhialta na Gaeltachta, a cuireadh Údarás na Gaeltachta ar bun sa biliain 1980. Ní go héasca a ligfear don Rialtas seo deire a chur leis an Údaras ag am a bhfuil géarchéim teanga agus fostafocita sa gcuid bheag sin den Gaeltacht oifigúul, ina bhfuil an Ghaeilge fós in usáid mar theanga cumarsaide i measc an phobail,
Ádh mor,
Donncha Ó hÉallaithe,
Na hAille, Cois Fharraige.
Na hAille, Cois Fharraige.
Ráiteas ón Aire Ó Cuív
Tá a lán cainte le gairid maidir le todhchaí na Gaeltachta, todhchaí Údarás na Gaeltachta agus na n-institiúidí Gaeltachta. Sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge, tá sé le feiceáil go soiléir nach bhfuil i ceist ag an Rialtas cumhachtaí a aistriú o hÚdaras na Gaeltachta na ón Roinn go heagraíochtaí eile. Go deimhin, is é a mhalairt atá ann mar tá i gceist féachaint an bhfuil seirbhísí a gcur ar fáil ag eagraiochtai éagsúIa faoi lathair a d'théadfadh an tÚdarás agus an Roinn a chur ar fail i bhfad níos éifeachtaí sa Ghaeltacht.
Le blianta beaga anuas, ó bunaíodh MFG agus Comhar na nOileán le déileáil leis an nGaeltacht agus na hoileáin, tá láidriú ar an gcoincheap eagraíochtaí faoi leith a bheith ann le freastal ar na ceantair seo.
Tá tuairimí an Rialtais faoin nGaeilge leagtha amach go soiléir sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge agus táthar ag leanúint le tiomántas Fhianna Fáil (Béarla) don Ghaeilge ó tháinig siad ar ais i gcumhacht i 1997. Bhi sé de phribhléid agamsa a bheith i m'Aire Stáit i Roinn na Gaeltachta agus i m'Aire Gaeltachta don chuid is mó den am seo. Tá go leor dul chun cinn déanta i rith an ama seo maidir le seirbhísí breise a bheith curtha ar fáil sa Ghaeltacht. Orthu sin tá, achtú an Achta Teanga 2003, stádas oifigiúil don Ghaeilge san Eoraip agus foilsiú na Straitéise 20 Blain don.Ghaeilge. Cuirfear i bhfeidhm an straitéis seo anois sa 20 bliain atá ámach romhainn.
Chomh maith leis sin, tharla go leor forbairti eile atá mar thairbhe don Ghaeltacht. Ina measc sin tá Scéim na gCúntóirí Teanga, Scéim na gCampaí Samhraidh agus méadú ar an gcúnamh do Scéim na bhFoghlaimeoiri Gaeilge ón Roinn Gnóthai Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta.
I rith an ama seo freisin, tugadh cúnamh breise d'Oideachas Triú Leibhéal tré Ghaeilge go háirithe tri Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge in Olscoil na hÉireann, Gaillimh.
Maidir leis an infrastruchtúr, is fíor a rá go raibh infrastruchtúr an-dona sa Ghaeltacht i 1997 agus go raibh fior-ghá le maoiniú a dhéanamh air. Ó shin, faoi Scéim na mBóithre Straitéiseacha, a bhunaigh mise, tá feabhsúchán mór déanta ar bhóithre straitéiseacha na Gaeltachta. Faoi Scéim na
mBóithre Áise, a bhí curtha ar fionraí ag Micheál D. Ó hUiginn nuair a bhí sé ina Aire, tá caoi curtha ai bhóithre beaga chomh maith. Le blianta beaga anuas tá obair déanta ar bhóithre pobail ai nós bóithre portaigh agus cladaigh faoin Scéim Bóithre Pobail. Déanadh a lán oibre freisin ar chéibheanna sa Ghaeltacht. Déanadh obair fheabhsúcháin ar chéibheanna straitéiseacha ar nós Céibh Chill Chiaráin agus ar chéibheanna beaga chomh maith.
Déanadh forbairt ar Áiseanna Pobail agus Caitheamh Aimsire agus tá sé seo le feiceáil go soiléir ar fud na Gaeltachta. I gConamara, feictear sampla de seo i Ros Muc áit a déanadh forbairt ar an bPáirc Peile, Spórtlann Michael Mhóir i Leitir Móir agus i mBaile Chláir na Gaillimhe áit a déanadh forbairt mhór ar an Ionad Spóirt ansin.
Maidir leis na hoileáin, tá an t-infreastruchtúr feabhsaithe agus seirbhísí taistil feabhsaithe chomh maith. Ar Inis Mór, tá beagnach €4Om caite ar chéibh nua ansin. Tá pleanáil ag dul ar aghaidh maidir leis an gcéibh in Inis Oírr agus tá riar mhaith airgid caite freisin ar Inis Meáin. Chomh maith leis si faoin Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, bunaíodh a lán scéimeanna nua a raibh tionchai dearfach acu ai an nGaeltacht. Scéimeanna ar nós an Scéim Shóisialta Tuaithe, An Clár Sheirbhisí Pobail, a leathnaíodh amach, agus an scéim CLAR a chuir airgead ai fáil le huisce, seirbhísí oideachais, leathanbhanda and a lán seirbhfsi eile nach iad.
Mar Aire Coimirce Sóisialaí, táim sásta go bhfuil an Clár Sheirbhisí Pobail, an Scéim Fostaíochta Pobail agus an Scéim Shóisialta Tuaithe ag aistriú go dtí mo Roinn agus tá súil na scéimeanna seo a leathnú amach sna míonna agus blianta amach romhainn ionas go gcuirfidh siad obair fhónta ar fáil do dhaoine agus freisin go bhfeabhs6idh said seirbhísí in imeachtaí éagsúla do mhuintir na Gaeltachta.
Éamon Ó Cuiv T.D.
Aire Coimirce Sóisiala
Aire Coimirce Sóisiala
Foilsíodh an dá phíosa seo i nGlór Chonamara, saor-nuachtáin a foilsítear ó Chnoc na Cathrach agus atá dálaithe go forleathan i ndeaisceart Chonamara agus Cois Fharraige.
No comments:
Post a Comment