21.8.10

Oíche Chultúir BÁC

Agus Oíche Chultúir 2010 Átha Cliath (Béarla) á seoladh go hoifigiúil ag Mícheál Ó Muircheartaigh inniu, Dé Céadaoin, 18 Lúnasa 2010, is cinnte go mbeidh an ceiliúradh cultúir i gCeannáras Chonradh na Gaeilge ar an Aoine, 24 Meán Fómhair 2010, ar an gceiliúradh Gaeilge is mó san ardchathair mar chuid den Oíche Chultúir go dtí seo!

Cé gurbh í seo an tríú bliain as a chéile don eagras teanga páirt a ghlacadh i spraoi na hOíche Cultúir eagraithe ag Taisce Chultúrtha Bharra Temple (TCBT) (Bearla), tá Conradh na Gaeilge ag dul i bpáirt le níos mó eagraíochtaí Gaeilge eile ná ariamh - Club Chonradh na Gaeilge, An Coimisiún le Rincí Gaelacha (Bearla), Comhluadar, Forbairt Naíonraí, Glór na nGael, Ógras, Oireachtas na Gaeilge, Seachtain na Gaeilge, agus An Siopa Leabhar ina measc – le clár imeachtaí iontach a thairiscint do phobal na cathrach mar chuid den bhféile chultúir náisiúnta i mbliana.

Is ceann de na foirgnimh is stairiúla sa phríomhchathair é Ceannáras Chonradh na Gaeilge agus beidh deis ag an bpobal turas treoraithe dátheangach a ghlacadh thart ar an bhfoirgneamh ag Uimhir a 6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2 gach 20 nóiméad ar an 24 Meán Fómhair 2010, áit go mbeidh na doirse ar oscailt don saol mór óna 5 – 11in. Cuirfear taispeántas de ghrianghraif a thóg Clive Wasson ag féilte Oireachtais éagsúla ó 2004 i leith, dar teideal An tOireachtas: Spléachadh Siar, ar crochadh i gClub Chonradh na Gaeilge ar feadh na hoíche agus tá sladmhargadh ar leabhair agus earraí Gaeilge eile á reáchtáil ag An Siopa Leabhar óna 5 – 10in.

Beidh deis ag gach duine sa chlann spraoi a bhaint as an nGaeilge mar chuid den Oíche Chultúir sa Cheannáras, agus beidh ciorcal comhrá le cupán tae agus cúpla focal á sholáthar ag Glór na Gael do dhaoine fásta, fad agus atá scoth na ngearrscannán i nGaeilge á léiriú i gClub Chonradh na Gaeilge óna 5 – 7in. Le linn don Choimisiún le Rincí Gaelacha rang rince a mhúineadh trí Ghaeilge do dhaoine óga (12 – 18 mbliana d’aois) óna 6 – 7in,beidh cluichí agus spórt trí Ghaeilge á reáchtáil ag Forbairt Naíonraí Teo. agus Ógras do pháistí 2 – 12 bliana d’aois.

Beidh deis ag na tuismitheoirí sult agus tairbhe a bhaint as imeachtaí na hOíche Cultúir ansin, le caint dar teideal Language Transmission From Generation to Generation á tabhairt ag Finlay MacLeod, CNSA (Béarla), Alban (a eagraíonn cúrsaí Gàidhlig ‘san Dachaidh=sa bhaile) eagraithe ag Comhluadar óna 8 – 9in. Tá cáil ar Chonradh na Gaeilge as ranganna Gaeilge a chur ar fáil ar fud na tíre agus beidh deis ag foghlaimeoirí fásta Átha Cliath triail a bhaint as rang in aisce idir 7 – 8in ar an 24 Meán Fómhair 2010 freisin. Sna sála ar rath na n-albam Ceol le blianta beaga anuas, ní haon ionadh é gurb í Seachtain na Gaeilge atá i mbun ceardlann cheoil agus scríobh amhrán trí Ghaeilge óna 7 – 8in, le cabhair ón gceoltóir cumasach, Enda Reilly.

Cuirfear críoch leis an Oíche Chultúir i gCeannáras Chonradh na Gaeilge le taispeántas rince eagraithe ag an gCoimisiún le Rincí Gaelacha i gcomhar le Club Chonradh na Gaeilge ag 9in, agus tuilleadh amhránaíochta agus siamsaíochta le hOireachtas na Gaeilge óna 9 – 11in ar an 24 Meán Fómhair 2010. Bí ann nó bí gann!
Share/Save/Bookmark

No comments:

Post a Comment