21.12.10

Straitéis: 5. STRUCHTÚIR FEIDHMITHE

Déanfar an Straitéis 20 Bliain a lánpháirtiú le gnáth-oibríochtaí ghníomhaireachtaí an Stáit faoi stiúir threoir agus cheannaireacht láidir ón Rialtas. Tá ról ag gach rannóg den riarachán poiblí agus ag
príomhgheallsealbhóirí náisiúnta agus áitiúla ó thaobh an fheidhmithe. Is gá “normalú na teanga” chun úsáid na Gaeilge a leathnú. Tá an téarma seo bunaithe ar an gcleachtadh atá faighte ag teangacha eile a bhfuil a róil imithe in éag. Is é an bealach agus an t-aon bhealach, a mbainfidh an Ghaeilge áit shóisialta níos sláine amach ná trí fheasacht ghníomhach agus trí dhearcthaí dearfacha a bheidh ag iarraidh an chaoi a bhfuil sí á himeallú a athrú thart, chomh maith le níos mó úsáide go neafaiseach a bheith á baint as an teanga do ghnáthchríocha agus do chríocha príomhshrutha cumarsáide. Éilíonn an tasc sin go gcomhoibreoidh na gníomhaireachtaí cuí ar fad agus iad ag iarraidh spriocanna agus cláir na Straitéise a bhaint amach agus go mbeidh struchtúr bainistíochta comhleanúnach agus éifeachtach i bhfeidhm don Straitéis. Baineann tábhacht ar leith le scoileanna toisc an tionchar a bhíonn acu ar fheasacht ar an teanga agus ar iompraíocht teanga, agus mar sin ní mór díriú freisin ar shaineolas agus scileanna a fhorbairt i measc an lucht teagaisc chun luach agus tábhacht chultúrtha na Gaeilge a léiriú do mhuintir na hÉireann.

Seo a leanas na príomhstruchtúir a bheidh ag an Rialtas chun an Straitéis a sheachadadh:

• Déanfaidh an Coiste Rialtais ar an nGaeilge agus ar an nGaeltacht, a mbeidh an Taoiseach ina chathaoirleach air, maoirseacht ar an dul chun cinn agus tabharfaidh sé tuairisc don Rialtas mar is gá.

• Tacóidh Grúpa Oifigeach Sinsearach a bheidh comhdhéanta d’oifigigh ardleibhéil ó Ranna cuí leis an gCoiste Rialtais.

• Beidh Aire sinsearach agus Roinn Rialtais (an Roinn Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta) ar a mbeidh lárfhreagracht maidir le cúrsaí Gaeilge fós ann.


Déanfar pleanáil agus feidhmiú na Straitéise a threorú ó Aonad Straitéise laistigh den Roinn sin.  Beidh foireann thiomanta ann agus sannfar dualgais agus róil feidhmithe do ghníomhaireachtaí forfheidhmithe mar is gá. Beidh an tAonad Straitéise freagrach as:

maoirseacht a dhéanamh ar an bpróiseas pleanála straitéise;

• monatóireacht a dhéanamh ar fhorbairt acmhainní;

• a chinntiú go ndéantar feidhmiú tras-rannach ar thionscnaimh;

• sainchomhairle a sholáthar;

• maoirseacht a dhéanamh ar phleananna oibríochta mar a bheidh forbartha ag na comhlachtaí forfheidhmithe; agus

• tuairiscí cothrom le dáta agus cáipéisíocht chuí a fhoilsiú mar eolas don phobal. Féadfar líon beag d’fhoireann ar iasacht a mbeidh saineolas acu i mbainistiú riaracháin phoiblí, i bpleanáil teanga agus in oideachas a shannadh don Aonad le tascanna ar leith a dhéanamh más gá.


Féadfaidh an tAonad measúnuithe, nuair is gá, nó seirbhísí sonracha, a choimisiúnú ó ghníomhaireachtaí atá ann nó ón earnáil phríobháideach. Déanfar pleananna agus tiomantais earnálacha a sheachadadh trí na Ranna agus na gníomhaireachtaí cuí.

Maidir leis an bpríomhghníomhaireacht forfheidhmithe a bheidh freagrach as an Straitéis a sheachadadh, moltar Údarás Gaeilge agus Gaeltachta a bhunú (Údarás na Gaeilge agus na Gaeltachta) a ghníomhóidh ar bhonn náisiúnta  agus a chomhlíonfaidh feidhmeanna ábhartha a dhéanann Údarás na Gaeltachta agus eagraíochtaí Stáit agus neamhrialtasacha eile i láthair na huaire, de réir mar is cuí. Siúd is go leanfaidh feidhmiú pholasaí agus phleananna áirithe Gaeltachta mar fhreagracht ar an Roinn Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta, féadfaidh sí áfach feidhmeanna a tharmligean mar is cuí chuig Údarás na Gaeilge agus na Gaeltachta. Leagfar síos ról sonrach agus feidhmeanna sonracha an Údaráis mholta nua i ndréacht-reachtaíocht a fhoilseofar sa bhliain 2011.

Leanfaidh Foras na Gaeilge ag seachadadh a fhreagrachtaí reachtúla maidir leis an nGaeilge. Áireofar orthu sin tabhairt faoi thionscadail thacúla agus deontais a thabhairt do chomhlachtaí agus do ghrúpaí le tacú leis an teanga mar is cuí, forbairt a dhéanamh ar théarmaíocht agus ar fhoclóirí, tacú le hoideachas trí mheán na Gaeilge agus le teagasc na Gaeilge ar an oileán agus úsáid na teanga sa saol poiblí agus príobháideach a spreagadh agus a éascú tríd is tríd. Agus é ag comhlíonadh a dhualgais go hiomlán, fanfaidh Foras na Gaeilge mar phríomhghné den struchtúr tacaíochta don teanga sa dá chuid den oileán.
Share/Save/Bookmark

No comments:

Post a Comment