21.12.10

Stratéis: 6.9 TIONSCNAIMH LEATHANA

Tabharfar faoi roinnt tionscnamh ar fud na réimsí gnímh go léir atá leagtha amach cheana féin.

Meitheal Smaointe 
Ceapfar meitheal smaointe de smaointeoirí cruthaitheacha agus de nuálaithe ar bhonn ad hoc ó am go chéile le cineálacha nua cur chuige i dtaobh chothabháil agus chur chun cinn na teanga a fhorbairt agus le forbairtí san earnáil TFC a chur chun cinn.

Suíomh Tairsí
Déanfar forbairt ar shuíomh tairsí i nGaeilge. Déanfar é a leagan amach chun go mbeidh teacht oscailte éasca ag daoine ar gach ábhar agus acmhainn don Ghaeilge agus sa Ghaeilge, lena n-áirítear ábhair ríomhfhoghlama, foilseacháin, meáin, téarmaíocht, logainmneacha, foilseacháin acadúla, líonraí teanga, foinsí digitithe, agus líonraí sóisialta agus gairmiúla. Ról an AE ó thaobh na Gaeilge de Cinnteoidh an Rialtas go ndéanfar an Ghaeilge, mar theanga oifigiúil oibre, a chur san áireamh i ngach clár taighde agus forbartha AE agus intíre agus i gcláir forbartha i réimsí mar phróiseáil teanga nádúrtha, foghlaim teanga agus teicneolaíochtaí teanga.

Áirítear ar na réimsí nach mór forbairt a dhéanamh orthu aistriúcháin uathoibríoch leictreonach, aithint optúil carachtar, teicneolaíocht chainte, cláir foghlama teanga, agus aithint cainte. Bainfidh an Ghaeilge leas freisin as na hardáin atá forbartha cheana féin trí chláir thaighde agus forbartha do theangacha eile.

Clár Digitithe
Cruthófar clár náisiúnta mar chuid de chomóradh Éirí Amach 1916 le saothair mhóra Ghaeilge lena mbaineann tábhacht náisiúnta a dhigitiú le súil go mbeidh teacht níos éasca orthu trína bhfoilsiú ar líne. Cuirfidh sé seo leis an obair atá ar siúl cheana féin ag an Irish Script on Screen agus an Digital Humanities Observatory. Tá an Ghaeilge ina hinspioráid ag roinnt mhaith foirmeacha ealaíon nua aimseartha lena n-áirítear litríocht, ceol agus amharclannaíocht. Níl teacht éasca ar chuid mhaith de na lámhscríbhinní is tábhachtaí, áfach, mar go bhfuil siad coinnithe i dtaisclanna in áiteanna éagsúla ar fud an domhain agus mar go bhfuil saothair thábhachtacha eile as cló. Fágfaidh an clár seo go mbeidh teacht lárnach ar ábhair Ghaeilge atá á gcoinneáil i gcartlanna, i dtaisclanna, i leabharlanna agus in ollscoileanna ar fud an domhain.
Share/Save/Bookmark

No comments:

Post a Comment