21.12.10

Straitéis: 6.5 RÉIMSÍ GNÍMH - NA MEÁIN AGUS AN TEICNEOLAÍOCHT

Tá cuspóir amháin i Ráiteas an Rialtais i leith na Gaeilge 2006 maidir leis na meáin agus an teicneolaíocht:

Cuspóir 9:
Déanfar cinnte de go bhfuil seirbhísí cuimsitheacha craolacháin ar ardchaighdeán ar fáil trí mheán na Gaeilge, go mór mhór trí fhorbairt leanúnach a dhéanamh ar RTÉ, ar Raidió na Gaeltachta agus ar TG4.

Go Ginearálta
Tá an Ghaeilge san aonú haois is fiche ag forbairt ar bhealaí nua cheana féin. Ní réimeanna scartha iad earnálacha traidisiúnta an oideachais, an phobail, na n-ealaíon agus na meán a thuilleadh ina bhféadfar polasaithe ar leithligh a cheapadh agus a fheidhmiú. Tá teangacha a bhíodh faoi mhíbhuntáiste roimhe seo toisc an bonn pobail scaipthe, i gcaoi mhaith anois le leas a bhaint as deiseanna do nuálaíocht trí theicneolaíochtaí nua cumarsáide agus meán a úsáid. Is ollmhór an cumas atá ag na forbairtí seo cur le hacmhainní sna healaíona agus san oideachas agus deiseanna nua a thabhairt do dhaoine agus do phobail cur lena gcuid eolais ar an nGaeilge agus úsáid rialta a bhaint aisti.

Léamh, Scríobh agus Labhairt
Chun cur le cumas daoine an Ghaeilge a léamh agus a scríobh, tá gá le smaointeoireacht nua a sháraíonn an focal ar phár. Ní mór don pholasaí amach anseo aird a thabhairt ar na deiseanna atá ann naisc a dhéanamh idir forbairtí sna healaíona, sna meáin, sa teicneolaíocht agus san oideachas agus cur chomh maith leis na múnlaí traidisiúnta a úsáidtear chun ábhar a chruthú agus a scaipeadh. Ní mór modhanna traidisiúnta agus nuálacha araon a úsáid chun leas a bhaint as na deiseanna atá ann chun an Ghaeilge a léamh agus a scríobh, lena n-áirítear táirgeadh meán clóite agus litríochta sa teanga, agus úsáid na teanga san oideachas, sa chultúr agus in áineas.

Áirítear leo sin modhanna cumarsáide nach mbaineann mórán úsáide as an teanga scríofa. Ba chóir leas a bhaint freisin as na meáin agus as teicneolaíochtaí nua chun méadú ar rannpháirtíocht an phobail i léamh agus i scríobh na Gaeilge ar bhealaí nua agus in áiteanna nua.

Leanfar ar aghaidh ag cur táirgí traidisiúnta cosúil le nuachtáin, irisí agus leabhair ar fáil agus ag tacú leo, nuair is féidir a chruthú agus a fhíorú go bhfuil bealaí dáileacháin éifeachtacha ann agus go mbainfí díolacháin réasúnacha amach. Ní leor tacaíocht a bhaineann go príomha le táirgeadh na n-ábhar aon-mheáin seo a chur ar fáil gan tacaí dáileacháin agus margaíochta a bheith i bhfeidhm agus gan leibhéal réasúnta éilimh ón bpobal a bheith ann. Tá sé riachtanach go mbeidh rochtain éasca ag an bpobal ar ábhair chlóite i nGaeilge i siopaí nuachtán, i siopaí leabhar agus ar an idirlíon má tá todhchaí le bheith ann do litríocht agus d’iriseoireacht chlóite.

Siocair go mbíonn teicneolaíochtaí agus teicnící margaíochta ag fabhrú de shíor, is dócha go dtiocfaidh athrú suntasach ar an straitéis is éifeachtaí chun forbairt a dhéanamh ar léamh agus scríobh na Gaeilge sna blianta amach romhainn agus go gcaithfear athbhreithniú a dhéanamh air go leanúnach. Tacófar le léamh agus le scríobh na Gaeilge le Dlúthdhioscaí, DVDanna, closleabhair, agus meáin chlóite go gearrthéarmach agus go meántéarmach trí na bearta seo a leanas a chur i bhfeidhm:

• forbairt a dhéanamh ar imeachtaí agus ar ghníomhaíochtaí litríochta i leabharlanna poiblí ar feadh na bliana (agus ní le linn Sheachtain na Gaeilge amháin) - saothair á léamh ag a n-údair, seoltaí, clubanna
léitheoireachta agus éisteachta agus cláir litríochta do scoileanna;


• cláir um léitheoireacht threoraithe i scoileanna ag pointí sonracha idirghabhála (e.g. i rang a cúig sa bhunscoil, san idirbhliain in iar-bhunscoileanna agus i gColáistí Samhraidh Gaeilge, áit a mbeadh éisteacht le leabhair agus léamh leabhar agus ábhar eile i nGaeilge faoi stiúir údair nó criticeora le tacú le nósanna léitheoireachta aonair a fhorbairt);


• ábhair nua sa Ghaeilge a chur ar taispeáint go feiceálach i siopaí leabhar ainmnithe, roghnaithe atá mór le rá in éineacht le hábhair chuí fógraíochta, seastáin, leabharmharcanna, imeachtaí fógraíochta, taispeántais fuinneoige agus cuairteanna ó údair a reáchtáil (le comhoibriú agus le tacaíocht ó ghníomhaireachtaí poiblí cuí más gá);

• forbairt a dhéanamh ar chóras bainistíochta nua-aimseartha ar líne chun stoc agus orduithe a bhainisteodh an phríomhghníomhaireacht dáileacháin do Dhlúthdhioscaí / DVDanna / leabhair i nGaeilge, trína bhféadfaí orduithe a dhéanamh go leictreonach 24/7 agus lena bhféadfaí díoltóirí leabhar, foilsitheoirí Gaeilge agus daoine aonair a mbeadh ordú déanta acu iad a rianú;

• forbairt a dhéanamh ar shiopa mealltach arlíne d’ábhair Ghaeilge a léireoidh teidil, údair, léirmheasanna, blaganna agus acmhainní eile nua, a d’fhéadfaí a úsáid freisin i scoileanna agus i ranganna do dhaoine fásta a bhíonn ag foghlaim na teanga;

• cur chun cinn agus forbairt clubanna leabhar i nGaeilge a bheith mar thosaíocht ag tionscnaimh áitiúla teanga agus tacaíocht chuí ar líne a sholáthar do chlubanna leabhar;

• forbairt a dhéanamh ar ionad nó spás fisiciúil Gaeilge amháin ar a laghad i mBaile Átha Cliath, ina mbeadh siopa leabhar/ Dlúthdhioscaí/DVDanna, ina reáchtálfaí clár d’imeachtaí litríochta agus ina gcuirfí saoráidí mar shiopa caife ar fáil le go bhféadfadh teaghlaigh agus daoine aonair casadh lena chéile ann;

• forbairt a dhéanamh ar chúram RTÉ agus TG4 ó thaobh litríocht a chur chun cinn, lena n-áireofaí príomhról a ghlacadh i nduaiseanna litríochta, cláir leabhar, údair a phróifíliú chun iad a dhéanamh níos feiceálaí agus chun cur lena stádas sna meáin chumarsáide agus naisc níos láidre a chothú idir scríobh do na meáin agus foilseachán leabhar mar ghníomhaíochtaí “comhlántacha”;

• forbairt a dhéanamh ar thionscnaimh le scríobh i nGaeilge a chothú i measc daoine óga i raon meán - iriseoireacht, blagáil, scríbhneoireacht chruthaitheach, drámaíocht agus scripteanna scannán.


Tabharfar spreagadh agus tacaíocht d’Oireachtas na Gaeilge, príomhfhéile náisiúnta na Gaeilge, le go dtiocfaidh bláth uirthi. Ní mór bainistiú cúramach a dhéanamh áfach lena chinntiú go bhfásfaidh an fhéile go horgánach agus gur féile Ghaeilge a bheidh inti i gcónaí. Déanfaidh RTÉ, an craoltóir náisiúnta seirbhíse poiblí, normalú ar úsáid na Gaeilge agus an Bhéarla ina gcuid craoltaí, rud a chuirfidh le rath Sheachtain na Gaeilge.

Leanfaidh RTÉ ag forbairt Raidió na Gaeltachta agus ag tabhairt tacaíochta dó lena chinntiú go soláthrófar speictream leathan clár ar ardchaighdeán do na pobail sin a bhíonn ag éisteacht leis an tseirbhís seo. Déanfar forbairt ar raidió a bheidh dírithe ar dhaoine óga trí leas a bhaint as an idirlíon agus as gnáthchraoladh raidió.

Tabharfar tuilleadh tacaíochta do TG4 le seirbhísí teilifíse trí Ghaeilge a chur ar fáil. Tá sprioc nua de 6 uair an chloig sa lá de sceideal Gaeilge ag TG4 i gcomparáid leis an sceideal reatha de 4.58 uair an chloig sa lá. Teastaíonn a dhóthain maoinithe ó TG4 lena théarmaí tagartha reachtúla a chomhlíonadh agus a sciar den mhargadh a choinneáil mar chomhlacht reachtúil neamhspleách i margadh atá ag éirí níos iomaíche i gcónaí.

Cinnteoidh forbairt leanúnach TG4 freisin go leanfaidh an earnáil léirithe neamhspleách sa Ghaeltacht de bheith ag soláthar deiseanna fostaíochta éagsúla.

Leagann an tAcht Craolacháin 2009 creat oibre amach do RTÉ agus do TG4 do na blianta atá amach romhainn.

Leagann alt 25 den Acht Craolacháin 2009 oibleagáid ar Údarás Craolacháin na hÉireann oibriú lena chinntiú: maidir leis an líon agus leis na hearnálacha seirbhísí craolacháin a chuirfear ar fáil sa Stát de bhua an Achta seo gurb iad is fearr a fhreastalóidh ar riachtanais mhuintir oileán na hÉireann, ag cur a dteangacha agus a dtraidisiúin agus a n-éagsúlacht reiligiúin, eitice agus cultúir san áireamh, agus oibleagáid chun: forbairt clár agus seirbhísí craolacháin Gaeilge a chur chun cinn agus a spreagadh. Cuireann roinnt mionathruithe sonraithe ar an gcreat reachtaíochta sin le stádas na Gaeilge trí ghníomhaíochtaí na gcraoltóirí seirbhíse poiblí.

Áirítear orthu sin:
• muirir, téarmaí agus coinníollacha níos fabhraí a cheadú i ndáil le scéimeanna cartlainne ag craoltóirí seirbhíse poiblí do chraoltaí Gaeilge;

• ardú ar an leithroinnt d’airgead na dtáillí ceadúnais ó RTÉ go dtí an Scéim Chistíochta Craolacháin (ó 5% go 7%), as a bhfuil TG4 ar cheann de na príomhthairbhithe;

• leanúint ar aghaidh leis an “uair an chloig in aisce” de theilifís Gaeilge ó RTÉ go TG4 (ar fiú thart ar €10 milliún é);

• dualgas RTÉ i leith na Gaeilge a dhoimhniú;

• cláir Ghaeilge saor anois ó shrian an ”bhuaicama” i gcás mhaoiniú an Scéim Chistíochta Craolacháin;

• tugadh cumhachtaí sonracha do TG4 le seirbhísí ar líne neamhlíneacha a sholáthar i nGaeilge; agus

• breithneoidh an tAire Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Nádúrtha riachtanais mhaoinithe ilbhliantúla TG4.


Ó thaobh chomhlíonadh na n-oibleagáidí a thagann as an Acht Craolacháin, cinnteoidh an Rialtas go sonrach go neartófar tuilleadh an tacaíocht a thugtar do sheirbhísí Gaeilge na gcraoltóirí seirbhíse poiblí.

Cuirfear go mór leis na roghanna fotheidealaithe le rogha a thabhairt idir fotheidil i nGaeilge, i mBéarla nó sa dá theanga, nó gan fotheideal ar bith agus ar an mbealach sin daingneofar go mór an rochtain ar TG4 a bheidh ag foghlaimeoirí agus ag lucht úsáide na Gaeilge nach bhfuil líofa chomh maith le cainteoirí líofa.

Rinneadh foráil i gComhaontú Aoine an Chéasta go n-oibreodh Rialtas na Breataine leis na húdaráis chraolacháin chuí in Éirinn agus sa Bhreatain le go mbeadh “fáil leathan” ar TG4 i dTuaisceart Éireann. Leanfaidh an Rialtas ag obair le húdaráis chuí na Breataine lena chinntiú go mbainfear sin amach i gcomhthéacs an athraithe go teilifís dhigiteach faoi 2012. Déanfar gach tionscnamh Gaeilge lena mbaineann dualgas sonrach i leith na n-ealaíon, lena n-áirítear drámaíocht agus na healaíona traidisiúnta, a phleanáil agus a fhorbairt mar chuid de straitéis ealaíon lárnach idir an Roinn Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta agus an Roinn Turasóireachta, Cultúir agus Spóirt i gcomhar leis an gComhairle Ealaíon.

Teicneolaíocht Faisnéise agus Cumarsáide (TFC)
Iarrfaidh an Rialtas go mbeidh an Ghaeilge san áireamh i ngach clár TFC a fhorbróidh an AE. Oibreoidh sé go gníomhach freisin le mórsholáthróirí TF le ríomhchláir TF sa Ghaeilge a cheadúnú agus a dháileadh. Déanfar forbairt ar straitéis TF le téarmaíocht TF agus acmhainní foclóireachta; logánú agus feidhmchláir foinsí oscailte; airíonn comhéadain agus teanga inmhalartaithe; fearais chruthaithe ábhair bhreise le cur le seiceálaithe litrithe agus foclóirí leictreonacha; marcóirí diaicritice; leathanaigh ghréasáin ilteangacha; téarmaíocht d’aistriúchán ríomhaire; córais bhainistíochta ábhar/doiciméad ilteangach; saincheisteanna agus corpais teicneolaíochta teanga; teicneolaíocht cainte, sintéis cainte, aithint cainte, teicneolaíocht oiriúnaithe agus ceisteanna leabaithe; tógáil acmhainne d’úsáideoirí deiridh agus saineolaithe teicneolaíochta; ríomhfhoghlaim agus an Ghaeilge; bogearraí do ghlao-ionaid; bunachar sonraí cúil agus dátheangachas/ilteangachas; meiteashonraí; feistí soghluaiste; aithint optúil carachtar; agus aithint lámhscríobh.

Ní mór forbairtí TF den sórt sin a leabú freisin i gcleachtais a bhaineann le hoideachas, i gcleachtais shóisialta agus i gcleachtais a bhaineann leis an obair le go mbeidh siad ina modhanna éifeachtacha chun cumarsáid fheabhsaithe a chur ar fáil.
Share/Save/Bookmark

No comments:

Post a Comment