21.12.10

Straitéis: 1. AN FHÍS

Ainneoin na gcéadta bliain de dhaoine a bheith ag athrú ó Ghaeilge go Béarla, tá an Ghaeilge fós beo mar theanga bheo phobail i roinnt áiteanna a d’fhan ina nGaeltacht agus tá cuid mhaith daoine lasmuigh den Ghaeltacht ag úsáid na Gaeilge ó lá go lá.

Tá bláthú tagtha ar litríocht agus ar chineálacha eile ealaíon trí mheán na Gaeilge le céad bliain anuas, sa chaoi is gur teanga iomlán nuaaimseartha Eorpach í an Ghaeilge anois.

Is é aidhm pholasaí an Rialtais i leith na Gaeilge ná úsáid agus eolas ar an nGaeilge a mhéadú mar theanga phobail ar bhonn céimiúil. Is aidhm ar leith de chuid an Rialtais é a chinntiú go bhfuil an oiread saoránach agus is féidir dátheangach i nGaeilge agus i mBéarla. Tá sé ina dhlúthchuid de pholasaí an Rialtais i leith na teanga go ndéanfaí cúram agus soláthar ar leith don teanga sa Ghaeltacht go háirithe i bhfianaise an taighde a léiríonn go bhfuil géarchéim ann maidir le hinmharthanacht na Gaeilge mar theanga phobail agus theaghlaigh sa Ghaeltacht.

Is é aidhm pholasaí an Rialtais chomh maith:

• cur le méid na dteaghlach ar fud na tíre a bhaineann úsáid as an nGaeilge mar theanga chumarsáide laethúil;

• tacaíocht theangeolaíoch a sholáthar don Ghaeltacht mar phobal labhartha Gaeilge a thugann aitheantas do shainriachtanais na gceantar sin ina bhfuil an Ghaeilge mar theanga phobail agus theaghlaigh;

• a chinntiú chomh fada agus is féidir go mbeidh úsáid na Gaeilge nó an Bhéarla mar rogha ag an saoránach i ndioscúrsa poiblí agus i seirbhísí poiblí agus de réir a chéile go ndéanfaidh níos mó daoine ar fud an Stáit cinneadh a ngnó a dhéanamh trí mheán na Gaeilge; agus

• a chinntiú go mbeidh an Ghaeilge níos infheicthe sa tsochaí againn, mar theanga labhartha ag ár gcuid saoránach mar aon le bheith le feiceáil ar chomharthaí agus i litríocht.


Tá an Ghaeilge mar chuid de chultúr agus d’oidhreacht Thuaisceart Éireann agus tá cur chun cinn agus cosaint na teanga ann mar thosaíocht freisin ag an Rialtas. Aithníonn an Rialtas an buntáiste mór freisin dá gcuid saoránach líofacht Béarla a bheith acu, an teanga is mó úsáide i ngnóthaí idirnáisiúnta. Geallann an Rialtas go gcinnteoidh siad go gcoinneofar an buntáiste seo trí shochaí dhátheangach a fhorbairt ina mbeidh an oiread daoine agus is féidir in ann Gaeilge agus Béarla a úsáid chomh héasca le chéile. Aithníonn an Rialtas chomh maith, áfach, na riachtanais ar leith atá ag an nGaeltacht mar cheantar sainiúil teanga agus sa chomhthéacs sin aithnítear nach i gcónaí a oireann polasaí dátheangach do cheantair Ghaeltachta.

Siúd agus gur príomhfhócas den Straitéis seo seasamh na Gaeilge sa chóras oideachais a neartú, tá an-tábhacht leis an nGaeilge mar theanga bheo a chur ar aghaidh laistigh den teaghlach agus idir na glúine. Is é an cur chuige foriomlán atá againn creat oibre tacúil a chruthú agus deiseanna a chruthú trína bhféadfar an Ghaeilge a chur chun cinn ar bhealach nádúrtha laistigh de líonta tí agus de phobail. Tá tábhacht nach beag ag baint leis seo i gcomhthéacs na Gaeltachta.

Braitheann an méid atá i ndán don teanga ar dhaoine a roghnóidh go cinnte leas a bhaint as na deiseanna a chruthóidh an Straitéis seo. Sin é an dúshlán atá amach romhainn ar fad.
Share/Save/Bookmark

No comments:

Post a Comment