Mar thoradh ar Ráiteas an Rialtais i leith na Gaeilge 2006, leagadh amach mar mhórsprioc na nithe seo a leanas a mhéadú sna 20 bliain amach romhainn:
• an líon daoine a mbeidh eolas acu ar an nGaeilge ón 1.66 milliún atá ann faoi láthair go 2 mhilliún; agus
• an líon daoine a úsáideann an Ghaeilge gach lá ón leibhéal atá ann faoi láthair de thart ar 83,000 go 250,000.
Ba é comhlíonadh na spriocanna uaillmhianacha sin an chloch ba mhó ar an bpaidrín agus cinneadh á dhéanamh ar na réimsí ina ngníomhófaí sa Straitéis seo.
Ba iad na haidhmeanna sonracha agus an Straitéis seo á hullmhú:
• an líon daoine a labhraíonn Gaeilge gach lá lasmuigh den chóras oideachais a ardú ó 83,000 go 250,000;
• an líon daoine a labhraíonn Gaeilge sa Ghaeltacht gach lá a ardú faoi 25% tríd is tríd, mar beidh borradh a chur faoin nGaeltacht fíorthábhachtach don Straitéis fhoriomlán. Táthar ag súil leis go mbeidh spriocanna sonracha do cheantair Ghaeltachta ar leith leagtha amach sna pleananna teanga áitiúla atá molta; agus
• an líon daoine a úsáideann seirbhísí Stáit trí Ghaeilge agus atá in ann teilifís, raidió agus na meáin chlóite a rochtain tríd an teanga a ardú.
Preab sa bhféar!
-
Bhí mé ag gearradh féir ar an bplasóg ós comhair an tí ar maidin nuair a
fuair me spléacadh de rud éigin ar an dtalamh taobh liom.
Cheap mé ar dtús gur ...
5 hours ago
No comments:
Post a Comment