21.12.10

Straitéis: 2. COMHTHÉACS POLASAÍ

Luaitear an méid seo a leanas in airteagal 8 de Bhunreacht na hÉireann: “Ós í an Ghaeilge an teanga náisiúnta is í an phríomhtheanga oifigiúil í.”

D’eascair an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge seo as an stádas atá ag an teanga sa Bhunreacht agus tógtar ar Ráiteas an Rialtais i leith na Gaeilge1 a foilsíodh i mí na Nollag 2006. Dhearbhaigh an Ráiteas tacaíocht an Rialtais d’fhorbairt agus do chaomhnú na Gaeilge agus na Gaeltachta agus leag sé amach 13 cuspóir ó thaobh polasaí maidir leis sin:

Cuspóir 1:

Seasfar leis an stádas faoi leith atá ag an nGaeilge sa Bhunreacht agus i ndlíthe na tíre ar nós Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003, an tAcht Oideachais 1998, an tAcht um Pleanáil agus Forbairt 2000 agus an tAcht Craolacháin 20012.

Cuspóir 2:
Cuirfear Acht na dTeangacha Oifigiúla i bhfeidhm go hiomlán. Forbrófar cearta an phobail an Ghaeilge a úsáid agus iad ag plé leis an Stát agus le dreamanna eile agus déanfar socruithe cuí chun é seo a chur i bhfeidhm.

Cuspóir 3:

Tabharfar spreagadh agus tacaíocht do phobal na Gaeilge sa Ghaeltacht agus lasmuigh di, an Ghaeilge a thabhairt don chéad ghlúin eile mar theanga theaghlaigh. Chuige sin, cuirfear réimse leathan seirbhísí ar fáil trí mheán na Gaeilge.

Cuspóir 4:
Tabharfar tacaíocht ar leith don Ghaeltacht mar cheantar labhartha Gaeilge.

Cuspóir 5:
Déanfar an Ghaeilge a theagasc mar ábhar riachtanach ó leibhéal na bunscoile go leibhéal na hArdteistiméireachta. Cuirfidh an curaclam ar chumas na ndaltaí an Ghaeilge a labhairt agus a scríobh go cruinn, chomh maith le tuiscint a thabhairt dóibh ar fhiúntas na teanga dúinn mar phobal. Chun na críche seo, déanfar infheistíocht fheabhsaithe i bhforbairt phroifisiúnta agus i dtacaíocht leanúnach do mhúinteoirí mar aon le i soláthar téacsleabhar agus acmhainní, agus i dtacaíocht do mhodhanna nuálacha teagaisc agus foghlama.

Cuspóir 6:

Cuirfear oideachas lán-Ghaeilge ar ardchaighdeán ar fáil do dhaltaí scoile arb é mian a dtuismitheoirí/gcaomhnóirí é. Leanfar leis an tacaíocht do ghaelscoileanna ag leibhéal na bunscoile agus déanfar forbairt ar sholáthar lán-Ghaeilge ag leibhéal na hiarbhunscoile chun freastal ar éileamh de réir mar is gá.

Cuspóir 7:
Leanfar leis an tacaíocht a thugtar don réamhscolaíocht Ghaeilge agus déanfar breis forbartha ar an gcóras oideachais tríú leibhéal trí mheán na Gaeilge.

Cuspóir 8:

Leanfar leis an tacaíocht a thugann an Stát d’Fhoras na Gaeilge de réir an Achta um Chomhaontú na Breataine-na hÉireann 1999.

Cuspóir 9:
Déanfar cinnte de go bhfuil seirbhísí cuimsitheacha craolacháin ar ardchaighdeán ar fáil trí mheán na Gaeilge, go mór mhór trí fhorbairt leanúnach a dhéanamh ar RTÉ, ar Raidió na Gaeltachta agus ar TG4.

Cuspóir 10:
Tabharfar gach cúnamh agus tacaíocht don Aontas Eorpach i bhfeidhmiú an chinnidh an Ghaeilge a bheith ina teanga oibre agus ina teanga oifigiúil san AE ón 1 Eanáir 2007.

Cuspóir 11:
Leanfar le treisiú na hoibre atá ar bun ag an Roinn Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta agus ag na gníomhaireachtaí agus na comhlachtaí a thagann faoina scáth chun an Ghaeilge a chur chun cinn go náisiúnta agus chun í a chaomhnú agus a threisiú sa Ghaeltacht.

Cuspóir 12:
Leanfar agus déanfar forbairt ar úsáid na Gaeilge sa Gharda Síochána agus sna Fórsaí Cosanta.

Cuspóir 13:

Aithníonn an Rialtas an ról fíorthábhachtach atá ag an earnáil dheonach Ghaeilge agus leanfar ag tabhairt tacaíochta di. Is aidhm de chuid an Rialtais é freisin tacú le cur chun cinn agus le teagasc na Gaeilge thar lear, tríd an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus an Roinn Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta. Tá béim faoi leith curtha ar thacaíocht a thabhairt do mhúineadh na Gaeilge i gcoláistí tríú leibhéal i roinnt
tíortha éagsúla.

Tríd is tríd mar sin is gnéithe de chomhthéacs nua-aimseartha na Gaeilge na nithe seo a leanas:

• Is Stát dátheangach í Éire inarb í an Ghaeilge an chéad teanga oifigiúil de réir airteagal 8 de Bhunreacht na hÉireann;

• Is í an Ghaeilge an teanga labhartha liteartha is ársa san Eoraip i gcomhthéacs ár n-oidhreachta Eorpaí;


• De réir Dhaonáireamh 2006, tá cumas áirithe ag 42% de dhaonra na hÉireann an Ghaeilge a labhairt - is ionann sin agus thart ar 1.66 milliún duine in aois na 3 bliana nó os a chionn as daonra cónaitheach iomlán de thart ar 4.2 milliún;

• Is í an Ghaeilge an phríomhtheanga phobail agus theaghlaigh de 3% de dhaonra na tíre;

• De réir suirbhéanna agus pobalbhreitheanna creideann an chuid is mó den daonra go mbaineann tábhacht faoi leith leis an nGaeilge óna dtaobh féin go pearsanta agus/nó don tír tríd is tríd; agus

• Tugadh stádas teanga oifigiúil agus teanga oibre ag leibhéal an AE don Ghaeilge le héifeacht ón 1 Eanáir 2007.


Sa Straitéis seo, déantar iarracht cur leis an gcomhthéacs agus leis na haidhmeanna thuasluaite trí shraith réimsí a ngníomhófaí ina leith a leagan amach le leas a dhéanamh don teanga agus don Ghaeltacht as seo go ceann 20 bliain. Creideann an Rialtas go mbaineann tábhacht faoi leith leis an nGaeilge do mhuintir, do shochaí agus do chultúr na hÉireann. Mar theanga labhartha phobail, is leis an tír seo amháin a bhaineann an Ghaeilge agus mar sin tá fíorthábhacht léi ó thaobh fhéiniúlacht mhuintir na hÉireann agus ó thaobh oidhreacht dhomhanda. Sa chomhthéacs seo, tá tábhacht ar leith ag baint le caomhnú agus cur chun cinn na Gaeilge sa Ghaeltacht ar mhaithe le hoidhreacht, cultúr agus saíocht na teanga a chaomhnú agus a chosaint sna háiteanna sin ina bhfuil sí fós mar theanga phobail agus theaghlaigh. Aithnítear chomh maith go gcuireann stádas na Gaeilge mar theanga phobail sa Ghaeltacht le cuspóir na Straitéise úsáid na Gaeilge a leathnú ar bhonn náisiúnta.

Mar bhonntaca leis an Straitéis tá anailís ar an gcaoi a bhfuil an Ghaeilge, anailís a rinne meitheal de chomhairleoirí idirnáisiúnta, a bhfuil saineolas acu ó thaobh ceisteanna teanga, faoi stiúir Fiontar in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, thar ceann an Aire Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta. Ó thaobh na Gaeltachta de, tá aird á tabhairt sa Straitéis ar na moltaí a rinneadh sa Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht, a rinne Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh thar ceann an Aire Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta.

Tugtar aird sa Straitéis freisin ar staidéar a rinne an tAthair Micheál Mac Gréil agus Fergal Rhatigan de chuid na Roinne Socheolaíochta in Ollscoil na hÉireann, Má Nuad ar Attitudes towards Competence in and Use of the Irish Language 2007-2008. Léirítear sa staidéar gur fhan dearcthaí dearfacha agus dea-thoil i ndáil leis an nGaeilge ag leibhéil an-ard ó rinne an t-údar staidéir roimhe sin sa bhliain 1973 (Prejudice and Tolerance In Ireland) agus sa bhliain 1996 (Prejudice in Ireland Revisited). Léiríonn na torthaí tacaíocht ollmhór do chaomhnú na Gaeilge: tá 52.5% ag iarraidh go gcaomhnófaí an Ghaeilge sa Ghaeltacht agus go ndéanfaí í a athbheochan lena húsáid sna healaíona agus sa chultúr lasmuigh den Ghaeltacht, agus tá 40.9% ag iarraidh go ndéanfaí an teanga a athbheochan chun críocha poiblí ar fud an Stáit.

Léargais Idirnáisiúnta
Aithnítear go hidirnáisiúnta an fiúntas a bhaineann le héagsúlacht theangeolaíoch. Is iad teangacha na príomhuirlisí atá ag an duine le hidirghníomhú a dhéanamh agus le smaointe, mothúcháin, eolas, cuimhní agus luachanna a chur in iúl. Déanann teangacha nathanna cainte cultúrtha agus oidhreacht theibí chultúrtha a thabhairt leo freisin, ar nithe iad is croí d’fhéiniúlacht an duine aonair agus d’fhéiniúlacht grúpaí. Tá ról tábhachtach teangacha ó thaobh léiriú agus tarchur oidhreachta cultúir aitheanta sa 2003 UN Convention for the Safeguarding of the Intangible Cultural Heritage.

Caithfear, mar sin, teangacha cosúil leis an nGaeilge a chosaint chun éagsúlacht cultúr a choinneáil ar fud an domhain. Tuairiscíonn UNESCO go bhfuil leath de na 6,700 teanga a labhraítear faoi láthair i gcontúirt dul i léig roimh dheireadh an chéid, próiseas nach féidir a mhoilliú ach le gníomh práinne ó Rialtais agus ó na pobail a labhraíonn na teangacha. Cothaíonn an Endangered Languages Programme de chuid UNESCO comhoibriú ar bhonn idirnáisiúnta le haird a tharraingt ar an staid thromchúiseach sin agus le réiteach nuálach a mholann pobail, saineolaithe agus údaráis a chur chun cinn. Chuir an t-eagrán is déanaí den Atlas of the World’s Languages in Danger (UNESCO) síos ar an nGaeilge mar theanga atá “definitely endangered”. Tá an stádas sin athraithe ó shin agus feabhsaithe go dtí an stádas “vulnerable”, i gcomhthéacs eolais faoi bhearta atá glactha ag an Rialtas le tacú leis an teanga le blianta beaga anuas.

D’aithin an 2003 UN Convention for the Safeguarding of the Intangible Cultural Heritage an ról fíorthábhachtach atá ag teanga ó thaobh oidhreacht bheo a chur in iúl agus a chur chun cinn. Braitheann oidhreacht cultúir theibí ar theanga ó thaobh a beochta laethúla agus lena cur ar aghaidh chuig an gcéad ghlúin eile. I gcás traidisiúin bhéil, lena n-áirítear amhráin, filíocht agus béaloideas, ní amháin gurb í an teanga a úsáidtear chun an oidhreacht chultúir a tharchur ach is í an teanga croílár na hoidhreachta sin. Chomh maith le hanailís a dhéanamh ar staid teangacha atá faoi bhrú ar fud an domhain, tá forbairt déanta ag UNESCO ar chreat oibre le beocht teanga a thomhas le cuidiú le Rialtais agus le dreamanna eile ó thaobh polasaí a fhorbairt, riachtanais agus bearta cosanta cuí a aithint. Tugadh aird ar an gcreat sin atá bunaithe ar na naoi gcritéar seo a leanas agus an Straitéis seo á forbairt:

Tá Straitéis an Rialtais mar atá leagtha amach sa cháipéis seo bunaithe orthu seo a leanas:

• cur le heolas ar an nGaeilge;

• deiseanna a chruthú le Gaeilge a úsáid; agus

• dearcthaí dearfacha i leith úsáid na Gaeilge a chothú.


Tá a fhios againn ó staid na Gaeilge nach ionann cumas a bheith ag duine sa teanga agus í a úsáid. Leanann úsáid iarbhír teanga as cumas, deis agus dearcthaí dearfacha a bheith in éineacht lena chéile. Tá an Straitéis seo mar sin ag iarraidh cúinsí dearfacha a chruthú le go mbainfidh daoine níos mó úsáide as an gcumas teanga atá acu agus go gcuirfear leis an gcumas sin go fírinneach le himeacht ama.

Léiríonn an Straitéis seo tacaíocht an Rialtais d’fhorbairt agus do chaomhnú na Gaeilge trí thiomantas fadtéarmach a thabhairt do chur chuige comhleanúnach agus cuimsitheach i ndáil le todhchaí na teanga, ar teanga bheo í a labhraíonn daoine agus a bhfuil stádas daingean aici sa chóras oideachais, ag na leibhéil is airde den chóras polaitíochta, i riarachán poiblí agus sa Ghaeltacht.

Mar a dúradh cheana, is cuid d’oidhreacht agus de chultúr Thuaisceart Éireann í an Ghaeilge agus is tosaíocht don Rialtas cosaint agus cur chun cinn na teanga ansin.

I gcomhthéacs thiomantas leanúnach an Rialtais ó thaobh Chomhaontú Aoine an Chéasta a fheidhmiú go hiomlán, leanfaidh sé ag tacú le Foras na Gaeilge, comhlacht forfheidhmithe Thuaidh/Theas a bhfuil dualgas air an teanga a chur chun cinn ar bhonn uile-oileáin, agus lena oibriú éifeachtach leanúnach a chinntiú. Beidh dea-thionchar ag Straitéis an Rialtais ar lucht labhartha na Gaeilge i dTuaisceart Éireann. Leanfaidh an Rialtas ag obair freisin le go gcuirfear i bhfeidhm go hiomlán tiomantais ó thaobh na Gaeilge a bhaineann le Rialtas na Breataine agus Feidhmeannas Thuaisceart Éireann, lena n-áirítear Acht Teanga don Ghaeilge a thabhairt isteach chomh maith le feabhsú, cosaint agus forbairt na Gaeilge i dTuaisceart Éireann.
Share/Save/Bookmark

No comments:

Post a Comment