20.8.13

(He speaks Irish)

Tá mé beagáinín bodhar agus úsáidim an chóras téacs ar Saorview.

Dáithí i measc na gcailiní
Bhí mé ag breathnú ar phíosa den léiriú Rósanna Thrá Lí (Béarla) aréir agus bhí sé ag obair maith go leor. Ach ansin chríochnaigh Daithí Ó Sé, a bhí mar Fear féasógach a'Tí ann, píosa cainte le duine de na cailíní i nGaeilge agus seo a bhí ar an téacs "(He speaks Irish)." Is dócha gur teachtaireacht deá-mhéine a bhí á rá aige ach níl mé cinnte!

Más seirbhís Éireannach atá i Saorview nó RTÉ is ceart go mbeidh dhá theanga na tíre ar thoil an té atá ag scríobh na téacsanna, nach ceart?



Share/Save/Bookmark

1 comment:

  1. Is ceart cinnte. Bhí mise a rá le tamall anuas anois gur chóir fótheideal Gaeilge a bheith air TG4 freisin agus an rogha agat gan iad a bheith agat, iad a bheith agat i mBéarla nó iad a bheith agat i nGaeilge.

    ReplyDelete