18.2.11

Agus i gCorca Duibhne....

Bhí cruinniú mór i gConamara le déanaí, agus ceann eile i dTír Chonaill ar an gCéadaoin anois tá tuairisc againn ó Chorca Duibhne chun plé ar impleactaí pholasaí díultach  Fhine Gael i leith na Gaeilge.

D'eagraigh Oidhreacht Chorca Dhuibhne, Conradh na Gaeilge agus Todhchaí na Gaeltachta an cruinniú chun deis a thabhairt do mhuintir na Gaeltachta  i gCiarraí Theas buaileadh leis na hiarrathóirí don olltoghachán a bheidh ann ar an 25ú Feabhra.  D'fhreastal ceathrar (Fleming, Tom; Gleeson, Michael; Griffin, Brendan; O'Donoghue, John) as an deichniúr, chuir triúr (Healy-Rae, Michael; Moloney, Marie; Sheahan, Tom) ionadaí i láthair agus bhí leithscéal ó thriúr (Behal, Richard; Comerford, Oonagh; Finn, Dermot).  Seán Ó Cinnéide (Dún Chaoin, iar-Sheirbhís Oideachais Chiarraí) a bhí ina chathaoirleach agus d'fhreastal timpeall 200 duine ar an gcruinniú.

Thug Treasa Ní Mhainín, stiúrthóir ar Eagraíocht na Scoileanna Gaeltachta, léargas ar an tionchur a bhéadh ag polasaí nua Fhine Gael ar an nGaeilge agus ar an nGaeltacht.  Mheas sí gur céim chun deiridh a bhéadh ann agus go ndéanfadh sé dochair don teanga sa tír ar fad agus go speisíalta sa Ghaeltacht. D'ardaigh sí ceisteanna bunreachtúla chomh maith le ceisteanna teangeolaíochta agus soceolaíochta nach raibh aon fhreagra orthu.

Ina dhiaidh sin, labhair gach iarrathóir nó ionadaí a bhí i láthair agus thugadar a ndearcadh féin ar an bpolasaí atá molta ag Enda Kenny.  Bhí gach duine, fiú amháin iarrathóirí Fhine Gael, i gcoinne aon athrú a dhéanamh ar stádas na Gaeilge san Ardteist agus léiriodar meas ar agus spéis sa Ghaeilge.

Bhí plé bríomhar on úrlár agus do bhí imní ar dhaoine maidir leis an bpolasaí ó Fhine Gael mar go raibh an cuma air gur polasaí pearsanta ó Enda Kenny a bhí ann gan mórán machnamh ná staidéar,  Baineann an Ghaeilge linn ar fad in Éirinn, sa Ghalltacht agus sa Ghaeltacht, agus ba cheart go ndéanfaí iarracht idir-pháirtí agus idir-phobail chun í a láidriú agus chaomhnú sna blianta atá ag teacht.

D'admhaigh na daoine i láthair go bhfuil gá le staidéar a dhéanamh ar an gcóras oideachais chun feabhas a chuir ar chumas na múinteoirí agus ar an modh múinte atá á chleachtadh ins na scoileanna.  Ní bhainfeadh san do stádas na Gaeilge ach ba cheart go gcuirfeadh sé le líofacht agus dílseacht an phobail i leith na Gaeilge.

Aontaíoch gur ceart feachtas leanúnach a bhunú chun an deis a thapú a bhí fachta ón diospóireacht ar pholasaí Fhine Gael agus gur ceart brú a choimead ar na hiarrathóirí anois agus ar an rialtos, agus ar an bhfreasúra níos déanaí, chun dul chun cinn na Gaeilge a choimead os chomhair an phobail.

Glacadh d'aon guth le rún ag cáineadh Enda Kenny as iarracht a dhéanamh deireadh a chur le stádas éigeantach don Ghaeilge san Ardteist, ach ag an am céanna ag moladh na tuairimí atá aige gur ceart ath-bhreithniú a dhéanamh ar a gcóras oideachais chun chur le meas, sásamh agus úsáid na teanga.  "Tír gan teanga, tír gan anam."
Share/Save/Bookmark

No comments:

Post a Comment