24.2.11

Litir don Eagathóir

A Eagarthóir, a chara,

Molann Enda Kenny an Ghaeilge a dhíbirt as croí an churaclaim ag leibhéal na hArdteistiméireachta. Nuair a fiafraíodh de conas a fheabhsódh laghdú ar a stádas comhdhaonnach na seansanna go slánófaí teanga atá i mbaol, d’fhreagair sé gur tuairim phearsanta aige é.

Ábhar buaileam sciath ag Fine Gael go bhfuil a gcuid polasaithe eile go léir bunaithe ar eolas agus ar thaighde. Ach níl eolas teoiriciúil ná impiriciúil ar fáil gur féidir teanga atá faoi bhagairt a shlánú, trí stádas sóisialta na teanga sin a ísliú le hais na teanga lena bhfuil sí ag iomaíocht.

Deir na húdaráis teangeolaíochta linn gur annamh a shealbhaíonn lucht labhartha teangacha ardstádais teangacha atá ar stádas íseal. Deineann daoine áirithe sin. D’fhéadfadh gur suim sa teanga, nó grá don chultúr a bhaineann léi, nó dílseacht náisiúnta nó áitiúil a spreagann iad. Dlúthchuid den iarracht teanga a chothú is ea na daoine sin, ach i bpobal ar bith is mionlach i gcónaí iad. Formhór na gcainteoirí ag a bhfuil teanga ardstádais, foghlaimíonn siad an dara teanga nuair a fheiceann siad go bhfuil an teanga sin riachtanach dá saol, agus dá spriocanna saoil. Má bhraitheann siad sin, is ardú stádais ann féin don teanga faoi bhagairt é.

Nasc beo idir sinne, na glúinte romhainn agus na glúinte atá le teacht is ea an Ghaeilge. Más mian le hÉireannaigh teanga shainiúil na hÉireann a bhuanú agus a athréimiú, caithfidh siad na tacaíochtaí comhdhaonnacha a cealaíodh de bharr concais a chur ar fáil. Ina measc san tá: seasamh bunreachtúil agus dlíthiúil na teanga; líon agus seasamh comhdhaonnach na ndaoine a bhaineann gnáthúsáid as an teanga; an méid a fheictear an teanga a bheith riachtanach san oideachas agus i ngach réim eile den saol comhdhaonna; an méid a úsáidtear an teanga i gcúrsaí rialtais agus riaracháin phoiblí; infheictheacht na teanga agus a húsáid sa chumarsáid phoiblí; gradam a cuid litríochta agus an chultúir a bhaineann léi, agus na feidhmeanna sóisialta is féidir a chomhlíonadh tríd an teanga.

Ó 1893, tráth a raibh an teanga ar an dé deiridh, tá sé mar chuspóir ag an ngluaiseacht náisiúnta sa chiall is leithne an Ghaeilge a shlánú agus a athréimiú; agus tá dul chun cinn suntasach déanta ag an nGaeilge de réir na slata tomhais réamhluaite. Ach i 1973, dúirt cuid den ghluaiseacht náisiúnta, Fine Gael, go mba mhór an cúnamh i leith an Ghaeilge a shlánú a stádas sa chóras stáit a ísliú. Chuireamar i gcoinne na tuairime sin, agus léiríomar dóibh, cheal tacaíochtaí agus idirghabhálacha láidre stádais, go ndíbreodh an teanga cheannasach an teanga ba laige laistigh de thamall gearr i bpobal ar bith. Mar atá fós á rá acu inniu, dúirt Fine Gael an uair sin gur raiméis a bhí sa chritic againne. Bhaineadar na tacaíochtaí stádais den Ghaeilge sa chóras riaracháin. Cén toradh a bhí air sin?

I nGaeilge ba mhó ar fad a reáchtáiltí an Roinn Oideachais tráth. Léiríonn taighde le deireanas go bhfuil níos mó ná 9% den daonra fásta a rugadh in Éirinn Líofa / An-Líofa i nGaeilge. Ach toisc gur bhain Fine Gael a stádas den Ghaeilge sa chóras riaracháin i 1973/75, tráth ar chuir siad dreasaithe áirithe deonacha ina áit sin, níl ach 1.5% d’fhoireann na Roinne in ann seirbhís a chur ar fáil trí Ghaeilge anois. Seo sa Roinn Oideachais agus Scileanna, an ghníomhaireacht chultúir is cumhachtaí dá bhfuil ag an stát, ina bhfuil, is dócha, foireann ar ardchéim oideachais.

Is ar éigean a chothaíonn an toradh seo muinín i moladh Fhine Gael go n-isleofaí stádas na Gaeilge sa chóras oideachais dara leibhéal.

Is sinne,

Pádraig Mac Fhearghusa, uachtarán Chonradh na Gaeilge
Dáithí Mac Cárthaigh, iar-uachtarán
Séagh Mac Siúrdáin, iar-uachtarán
Tomás Mac Ruairí, iar-uachtarán
Gearóid Ó Cairealláin, iar-uachtarán
Áine De Baróid,
iar-uachtarán
Íte Ní Chionnaith, iar-uachtarán
Albert Fry, iar-uachtarán
Pádraig Ó Snodaigh, iar-uachtarán
Maolsheachlainn Ó Caollaí, iar-uachtarán
Cathal Ó Feinneadha, iar-uachtarán
Share/Save/Bookmark

No comments:

Post a Comment