Ar na 31 iarratasóirí neamhspleácha a shínigh an litir bhí: James Breen- An Clár Sarah Ferrigan- An Clár Pádraig O Sullivan- Corcaigh Thuaidh-Lár Paul O Neill – Corcaigh Thoir Mick Finn- Corcaigh Theas-Lár Diarmaid Ó Cadhla Corcaigh Theas-Lár John Kearney –Corcaigh Thiar Theas Michael O Sullivan- Corcaigh Thiar Theas Michael Healy Rae- Ciarraí Theas John Dillon- Luimneach Séamus Sherlock-Luimneach Dr. Ben Nutty- Port Láirge Eamon Walsh- Gaillimh Thiar Catherine Connolly – Gaillimh Thiar Mike Cubbard – Gaillimh Thiar Noel Grealish – Gaillimh Thiar Michael Kilcoyne- Maigh Eo Luke Ming Flanagan - Ros Comáin-Liatroim Theas John McDermott - Ros Comáin-Liatroim Theas Gabriel McSharry Sligeach-Liatroim Thuaidh Cllr Seamus Treanor- An Cabhán/Muineachan Caroline Forde – An Cabhán/Muineachan Ian McGarvey – Dún na nGall Thoir-Thuaidh Thomas Pringle- Dún na nGall Thiar-Theas Stephen McCahill- Dún na nGall Thiar-Theas Eugene Finnegan-Cill Mhantáin Michael J Loftus- Baile Átha Cliath Thiar-Thuaidh Maureen O’Sullivan- Dublin Central Christy Burke- Baile Átha Cliath Láir Cieran Perry- Baile Átha Cliath Láir Raymond Whitehead- Baile Átha Cliath Theas | Tacaíonn Iarratasóirí neamhspleácha le Stádas na Gaeilge mar chroí-ábhar ar shiollabas na hArdteistiméireachta Léirigh iarratasóirí neamhspleácha don Olltoghchán 2011 a dtacaíocht don Ghaeilge i litir chuig eagarthóirí na nuachtáin náisiúnta agus réigiúnacha inniu. D’eascair sé seo as staidéar ar mheon an phobail i leith na Gaeilge mar ábhar scoile, coimisiúnaithe ag Comhar na Múinteoirí Gaeilge, Conradh na Gaeilge, Gael Linn, Gaelscoileanna Teoranta agus Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge agus curtha i gcrích ag MRBI/IPSOS le déanaí. Léiríonn torthaí an staidéir go bhfuil tacaíocht de 61% i bhfabhar na Gaeilge mar chroí-ábhar ag leibhéal na hArdteistiméireachta. Chuir na hiarratasóirí neamhspleácha ó dháilcheantair éagsúla ar fud na tíre in iúl go gcreideann siad go bhfuil sé de cheart ag gach dalta scoile a dteanga náisiúnta a fhoghlaim. Gheall siad a dtacaíocht iomlán don Ghaeilge mar cheann de chroí-ábhair na hArdteistiméireachta, agus go seasfaidh an Ghaeilge mar riachtanas iontrála do chúrsaí tríú leibhéal amach anseo. |
Foilsíonn leathabairt fios fátha
-
Nod ó Antain Mac Lochlainn ar bluesky ba chúis liom fios a chur ar an
gcnuasach seo ón leabharlann. Ficsean gairid, níos lú ná míle focal i ngach
mír, a...
15 hours ago
No comments:
Post a Comment