25.4.12

Rialtas ag déanamh neamhaird ar sárú dlí na tíre!

“Easnaimh Mhóra” i gcur i bhfeidhm Acht an dTeangacha Oifigiúla
An Coimisinéir Teanga, Seán Ó Cuireáin (Pic I Times)
Léiríonn Tuarascáil Bhliantúil an Choimisinéara Teanga “easnaimh mhóra” reatha i gcur i bhfeidhm Acht na dTeangacha Oifigiúla, dar le Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge.

Bhí an scátheagraíocht ar earnáil dheonach na Gaeilge ag tagairt do Thuarascáil Bhliantúil 2011 Oifig an Choimisinéara Teanga. Foilsíodh an tuarascáil ar an 24ú lá d'Aibreán, 2012.

An Garda Síochána
Sa Tuarascáil rinneadh cur síos ar chás a d’fhiosraigh Oifig an Choimisinéara maidir le heaspa cumais sa Ghaeilge a bheith ag Gardaí lonnaithe i gceantar Gaeltachta. Bhain an cás seo le stáisiún na nGardaí ar an mBun Beag, Gaoth Dobhair, agus tar éis d’Údarás an Gharda Síochána an cheist a fhiosrú, tháinig sé chun solais nach raibh Gaeilge ach ag duine as an naonúr a bhí lonnaithe sa stáisiún sin.

Léirigh imscrúdú de chuid Oifig an Choimisinéara Teanga nár chomhlíonadh fo-alt 32(2) d’Acht an Gharda Síochána 2005 sa chás seo. Sonraítear san fho-alt seo gur cheart Gaeilge líofa a bheith ag Gardaí a bhfuil lonnaithe i limistéir Ghaeltachta. Leiríodh chomh maith gur sháraigh Údarás an Gharda Síochána gealltanas reachtúil óna scéim teanga féin faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla, is é sin go mbeadh na cáilíochtaí riachtanacha sa Ghaeilge ag gach comhalta a chuirfí ar dualgas i stáisiúin i gceantair Ghaeltachta.

Marcanna bónais
Cúis eile díomá a léiríodh sa tuarascáil ná gur cleachtas coitianta sa státseirbhís é nach mbronntar marcanna bónais d’inniúlacht sa Ghaeilge agus sa Bhéarla mar is ceart, le linn comórtais inmheánacha d’fhonn ardaithe céime a bhaint amach.

Cuireann sé seo go mór le himní na Comhdhála do thodhchaí agus do stádas na Gaeilge sna heagrais phoiblí, go háirithe de bharr go bhfuil cosc ar earcaíocht seachtrach sa státseirbhís faoi láthair, agus go bhfuil deireadh curtha leis na tacaíochta foghlama agus forbartha Gaeilge a bhí á gcur ar fáil ag Gaeleagras d’fhoirne na Seirbhísí Poiblí.

An Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta agus na Scéimeann Teanga!
Cáineadh an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta sa tuarascáil, ní hamháin nár dhaingnigh an Roinn ach scéim teanga amháin sa bhliain 2011, ach go deimhin tá an Roinn féin ag feidhmiú i bhfolús scéime, toisc nár dhaingnigh siad a scéim teanga féin ó bunaíodh an Roinn sin go foirmiúil i mí Meitheamh 2011. Tá próiseas na scéimeanna teanga mar ghné lárnach den Acht Teanga agus cuireann na scéimeanna go mór le líon agus le caighdeán na seirbhísí poiblí trí Ghaeilge.

Léirigh an Coimisinéir Teanga go bhfuil 66 scéim teanga de chuid comhlachtaí poiblí dulta in éag lena n-áirítear Oifig an Uachtaráin, Oifig an Ombudsman agus Comhairle Contae na Gaillimhe as an 105 scéim teanga a dhaingnigh an tAire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta ó achtaíodh an Achta Teanga in 2003.

Deir Kevin De Barra, Stiúrthóir Gníomhach ar Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge gur “léiriú í an easpa dul chun cinn ar dhaingniú agus ar chur i bhfeidhm na scéimeanna teanga faoin gcóras reatha gur cur i bhfeidhm drogallach atá ar siúl ag formhór na gComhlachtaí Poiblí, go bhfuil teipthe ar an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta an córas reatha a riaradh go héifeachtach, agus gur gá aghaidh a thabhairt ar an gceist seo go práinneach”.

Anuas air sin, dúirt De Barra go “léiríonn a bhfuil tuairiscithe inniu ag Oifig an Choimisinéara Teanga i ndáil leis na Comhlachtaí Poiblí, agus na heasnaimh agus na lochtanna móra sa gcóras reatha, cé chomh tábhachtach is atá sé go gcoimeádfaí an Oifig seo neamhspleách ó aon áisíneacht stáit eile, le go bhfaighfear cuntas soiléir, neamhspleách rialta ar chur i bhfeidhm agus riaradh an Achta Teanga”. 




Éigeantas le hOifig Reachtúil Neamhspleách don Choimisinéir Teanga Ríshoiléir ón Tuarascáil Bhliantúil


Creideann Conradh na Gaeilge go bhfuil faillí á déanamh ag an státchóras i leith na teanga agus go bhfuil géarghá go bhfágfaí Oifig an Choimisinéara Teanga ina hoifig reachtúil neamhspleách chun cearta teanga phobal na Gaeilge a chosaint, sna sála ar fhoilsiú thuarascáil bhliantúil an Choimisinéara Teanga.
Donnchadh Ó hAodha

Arsa Donnchadh Ó hAodha, Uachtarán Chonradh na Gaeilge: "Tháinig méadú 5% ar líon na ndaoine a d'imigh i dteagmháil le hOifig an Choimisinéara Teanga le linn na bliana seo caite maidir le sárú ar a gcearta teanga, rud a léiríonn go bhfuil an-mhuinín go deo ag pobal na Gaeilge as oifig reachtúil, neamhspleách agus éifeachtach an Choimisinéara.

"De réir thuarascáil an Choimisinéara, is léir do Chonradh na Gaeilge nach bhfuil sé de chumas ag an státchóras freastal ar riachtanais ná ar chearta phobal na Gaeilge, agus tá muinín á cailliúint ag an bpobal céanna i dtiomantas an státchórais don teanga."


Dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge: "Tá géarghá ann d'Oifig neamhspleách an Choimisinéara Teanga chun cearta teanga phobal na Gaeilge a chosaint, ó is léir ón bhfianaise i dtuarascáil an Choimisinéara go ndéantar faillí i leith an phobail nuair a fhágtar an obair ar son na Gaeilge faoin státchóras.

"Ní dhearna an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta ach scéim teanga amháin as 28 a fhaomhadh anuraidh; níor chloígh an Roinn Coimirce Sóisialaí leis na dualgais reachtúla teanga a bhí aici i dtaca le marcanna bónais a thabhairt d'inniúlacht sa Ghaeilge agus sa Bhéarla i gcomórtais inmheánacha ar leith d'ardú céime; ná níor ullmhaigh an Roinn Gaeltachta féin scéim teanga fiú!"


Tá Conradh na Gaeilge ag moladh go mba chóir go mbeadh comóntacht idir na seirbhísí éagsúla a chuirtear ar fáil trí na scéimeanna, chomh fada is atá sé praiticiúil, chun go mbeadh sé níos éasca ar an bpobal fios a bheith acu cé acu na seirbhísí a bheadh ar fáil dóibh ó na comhlachtaí stáit éagsúla.
Creideann Conradh na Gaeilge freisin go mba chóir go bhforbrófaí córas nua le caighdeán a bheadh bunaithe ar rialacháin reachtúla chun Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 a chur i bhfeidhm, agus go mbeadh sé riachtanach i ngach scéim go mbeadh ar an gcomhlacht poiblí a bheith gníomhach ag cur in iúl don phobal na seirbhísí as Gaeilge atá ar fáil uathu.







"Na Gárdaí, An Roinn Coimirce Sóisialaí agus Ranna Rialtais ag sárú dlí na tíre agus tá an Rialtas ag déanamh neamhaird air" Ó Clochartaigh

Seanadóir Ghaillimh Thiar
‘Tá sé scannalach gur féídir leis na Gárdaí, An Roinn Coimirce Sóisialaí agus Rannaí Rialtais eile dlí na tíre a shárú agus nach bhfuil an Rialtas ag déanamh tada faoi’, duirt an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh (SF).

Bhí sé ag tagairt d’fhoilsiú Thuarascáil Bhliantiúil 2011 an Choimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin a dhéanann cur síos ar dhá inúchadh a rinne sé i 2011, ceann a bhain leis An Gárda Síochána i dTír Chonaill agus ceann eile a bhain le polasaí earcaíochta na Roinne Coimirce Sóisialaí. Léirigh cás Thír Chonaill go raibh faillí iomlán dhá dhéanamh ag Gárdaí ar an mBun Beag ó thaobh deileáil le saoránaithe i nGaeilge. ‘Tá sé seo dochreidte nuair a thógann tú san áireamh eolas a fuair mé ón tAire Dlí & Cosanta an tseachtain seo caite a léirigh go bhfaigheann 49 Gárda as Tír Chonaill liúntas breise as a bheith ábalta feidhmiú as Gaeilge agus bhí ochtar as naoinúr i stáisiún i gcroílár na Gaeltachta nach raibh in ann é seo a dhéanamh’, a dúirt an Seanadóir.

An Roinn Coimirce Sóisialta
Sháraigh an Roinn Coimirce Sóisialta Acht na dTeangacha Oifigiúla maidir le pointí breise a thabhairt d’iarrthóirí le Gaeilge sa bproiséas earcaíochta atá i bhfeidhm acu. Bhí sé seo in ainm tarlú faoin socrú a rinneadh nuair a cuireadh deireadh leis an Ghaeilge éigeantach sa Státsheirbhís i 1975. ‘Léiríonn tuarascáil an Choimisnéara gur beag suim a chuireann an Roinn seo sa bhfaillí atá dhá dhéanamh acu, ach éagóir den chineál seo is ciontsiocair le heaspa foirne le Gaeilge sa Roinn céanna agus caithfear fisorú a dhéanamh an bhfuil sé seo ag tarlú i Ranna eile chomh maith?

‘Ní amháin nach raibh, na Gárdaí ná an Roinn Coimirce Sóisialaí ag comhlíonadh a gcuid dualgais faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla, ach níor déanadh aon cheo leis na tuaráscalacha iniúchadh seo ó cuireadh os comhair Thithe an Oireachtais iad ach an oiread. Beidh mé ag déanamh iarratais chuig Comhchoiste Dála go dtabharfar an Coimisinéar Teanga agus na heagrais Stáit failíocha isteach chun fiosrú iomlán a dhéanamh faoi seo agus ceisteanna eile a bhaineann le dualgais an Stát faoin Acht’, arsa an Seanadóir.

‘Beidh muid ag lorg soiléiriú ar na cúiseanna go bhfuil, i bhfocail an Choimisinéara, ‘teipthe tríd is tríd ar chóras daingnithe na scéimeanna teanga’, atá in ainm is a bheith dhá fheidhmiú ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta & Gaeltachta. Tá 105 scéim daingnithe ó tháinig an reachtaíocht i bhfeidhm ach tá 66 acu sin imithe ‘in éag’ nó as dáta. Tá 20% acu sin imithe in éag le os cionn trí bliana agus 20% eile le hós cionn dhá bhliain. Tá faillí iomlán dhá dhéanamh ag an Roinn agus na hAirí Deenihan & McGinley sa réímse seo, ach an oiread leis na hAirí a chuaigh rompu, agus caithfear é a chuir ina cheart.

‘Tá na bunchearta san Acht lárnach i gcur i bhfeidhm na Straitéise Fiche Bliain don Ghaeilge atá ag an Rialtas mar baineann na cásanna seo le seirbhísí poiblí a chuir ar fáil do phobal na Gaeilge & na Gaeltachta, maraon le ardú a chuir ar líon na bhfoirne le Gaeilge sa Státsheirbhís. Léiríonn tuarascáil an Choimisinéara go bhfuil an Rialtas reatha iomlán failíoch ina leith seo agus is droch thuar eile é seo do chuir i bhfeidhm na straitéise.'

Lean an Seandóir, ‘Níos measa ná sin, tá dli na tíre dhá bhriseadh ag an dream atá in ainm is a bheith dhá chuir i bhfeidhm agus ní féidir leis sin leanúint ar aghaidh. Bíonn fórsaí an Stát an-sciopaí ag cur dlíthe eile i bhfeidhm go docht, gan mórán trócaire, ach ní féidir leo féin feidhmiú lasmuigh den dlí ach an oiread.'

• Léargas scanrúil ar chúrsaí teanga i dtuairisc an choimisinéara (Seán Tadhg Ó GairbhíIrish Times 25/4/2012)
Podcraoladh leis an Seanadóir Trevor Ó Clochairtaigh faoin Acht Teanga (Darren Mac an Priora, Raidío na Life 20/4/2012)

Share/Save/Bookmark

No comments:

Post a Comment