Showing posts with label Comhluadar. Show all posts
Showing posts with label Comhluadar. Show all posts

28.7.11

Seimineár oibre ar phleanáil sa phobail

Aontas Phobal na Gaeilge ag nascadh geallsealbhóirí na teanga le chéile sg seimineár oibre ar phleanáil sa phobail



Is ionstraim aontaithe é Aontas Phobal na Gaeilge (APG) atá ag gníomhú chun leas na teanga, ar bhonn uile Éireann agus go hidirnáisiúnta, trí fhorbairt agus pleanáil níos straitéisí don Ghaeilge a chur chun cinn.

Tá Aontas Phobal na Gaeilge comhdhéanta de na heagrais Comhaltas Uladh, Comhluadar, Conradh na Gaeilge, Glór na nGael agus Seachtain na Gaeilge, eagrais atá ag plé le gnéithe éagsúla d’fhorbairt na Gaeilge i measc an phobail agus a tháinig le chéile le hionstraim oibre nua a bhunú ar mhaithe le seirbhísí níos éifeachtaí a sholáthar, agus ar luach airgid níos fearr a bhaint amach.

Déanfaidh an tAontas freastal ar éilimh ghluaiseacht na Gaeilge ar bhonn uile-Éireann sna sála ar fhógra na Comhairle Aireachta Thuaidh Theas (CATT) (Béarla) go mbeadh ar Fhoras na Gaeilge iarratais mhaoinithe a lorg ón earnáil dheonach ó “Eagras amháin (nó b’fhéidir líon teoranta eagras, […]), le ról ionadaíochta, scaipeadh eolais, abhcóideachta agus soláthar acmhainní agus tacaíocht, don earnáil go hiomlán” ar an 02 Nollaig 2009.

Leanfaidh Aontas Phobal na Gaeilge leis an obair reatha atá ar bun ag eagrais chomhaontaithe an Aontais, agus cuirfear leis an gclár oibre sin. Forbrófar ar an obair reatha stocaireachta agus abhcóideachta; leagfar béim ar thábhacht an aistriú teanga ó ghlúin go glúin; eagrófar scothfhéilte náisiúnta a dhéanfaidh an Ghaeilge a cheiliúradh go poiblí; reáchtálfar comórtais teanga náisiúnta agus idirnáisiúnta; cinnteofar deiseanna forleathan foghlamtha Gaeilge; agus cothófar deiseanna nuálacha úsáidte teanga. Seo a leanas cuspóirí straitéiseacha Aontas Phobal na Gaeilge:


1. Comhphlean, struchtúr, acmhainní daonna agus fisiciúla a chinntiú d’fheidhmiú an Aontais;
2. Cumas labhartha agus foghlama, seachadadh agus sealbhú na Gaeilge a fheabhsú agus a neartú;
3. Úsáid na Gaeilge i measc an phobail a mhéadú;
4. Stádas, íomhá, cearta agus feasacht na Gaeilge a aithint agus a leathnú;
5. An t-aistriú teanga ó ghlúin go glúin ar bhonn uile-Éireann a chothú; an Ghaeltacht a chaomhnú agus a fhorbairt; agus gréasáin Ghaeltachtaí nua a fhorbairt mar thearmainn teanga.

Cuireann Aontas Phobal na Gaeilge luach ar shaothar dhaoine deonacha na hearnála agus cinnteofar tacaíocht ghairmiúil saineolach leanúnach d’oibrithe deonacha, móide fóram neamhspleách mar thacaíocht don sár-obair a thugann an duine deonach faoi, ar son na Gaeilge.
Tiocfaidh pobal na Gaeilge le chéile ag seimineár oibre san Óstán Menlo Park, Bóthar Áth Cinn, Cathair na Gaillimhe, Dé hAoine, 30 Meán Fómhair 2011, chun moladh a réiteach don Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta ó Dheas, don Roinn Cultúrtha, Ealaíon agus Fóillíochta ó Thuaidh, agus d’Fhoras na Gaeilge a chuimseodh a gcuid mianta pleanála agus a thógfadh mianta pleanála an phobail san áireamh.

Seo an chéad imeacht oifigiúil arna eagrú ag Aontas Phobal na Gaeilge (APG), eagras Gaeilge nua-nasctha ina bhfuil Comhluadar, Comhaltas Uladh, Conradh na Gaeilge, Glór na nGael agus Seachtain na Gaeilge ag obair le chéile ar gnéithe éagsúla d’fhorbairt na Gaeilge i measc an phobail, ar mhaithe le seirbhísí níos éifeachtaí a sholáthar agus ar luach airgid níos fearr a bhaint amach.
Arsa Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge: “Ó tá athruithe móra ag teacht ar an gcóras maoinithe in earnáil na Gaeilge, agus ar na bealaí go bhfuil an dá rialtas thuaidh agus theas ag tabhairt faoin nGaeilge a chur chun cinn, tá Aontas Phobal na Gaeilge go láidir den tuairim gur ghá go mbeadh gach cuid de phobal na teanga pro-ghníomhach agus ag obair go dlúth le chéile lena chinntiú go mbíonn ionchur comhtháite, céillí, comhsheasmhach againn sa phróiseas.”

Dá réir, tá seimineár oibre á eagrú ag Aontas Phobal na Gaeilge i nGailllimh chun naisc a aimsiú idir na spriocanna sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 ó Dheas agus scéimeanna nua uile-oileánda Fhoras na Gaeilge, go háirithe i leith bhunú gréasáin Ghaeltachta agus pleanáil sa phobal ar bhonn réigiúin.

Dúirt Feargal Ó Cuilinn, Stiúrthóir Comhluadar: “Tabharfaidh an seimineár oibre Gaeilge seo deis do dhaoine ag obair leis an bpobal ar an talamh - idir dhaoine deonacha agus oibrithe gairmiúla araon - teacht le chéile chun deiseanna a aimsiú sna beartais fhiúntacha phobail atá le léamh sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010 - 2030 don deisceart, agus molfar áit dóibh sa phleanáil bheartaithe i samhail nua mhaoinithe Fhoras na Gaeilge don tír iomlán.”

Beidh oifigigh i láthair ón Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta ó Dheas le labhairt leis an slua maidir le Bunú Gréasáin Ghaeltachta, agus Ceathrú na Gaeltachta ag an seimineár, chomh maith le hionadaí ó Fhoras na Gaeilge a thabharfaidh léargas ar aidhmeanna agus spriocanna pleanáil de réir réigiúin. Beidh cainteoir neamhspleách ann ar an lá freisin, chun amharc neamhchlaonta a thabhairt ar na naisc agus na deiseanna féideartha don phobal in earnáil na Gaeilge.
Share/Save/Bookmark

26.10.10

Strátéis mar slánaitheoir?

Beidh saineolaithe i gcúrsaí oideachais, Gaeltachta agus an phobail ag fiafraí an í Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge: Réiteach an Scéil? ag Seimineár an Chonartha ag Oireachtas na Gaeilge i Seomra Inis Faithleann, Óstán an Gleneagle, Cill Airne, Co. Chiarraí ag 11.00rn Dé Sathairn, 30 Deireadh Fómhair 2010, agus fáiltíonn Conradh na Gaeilge roimh an bpobal páirt a ghlacadh sa díospóireacht ar an lá.

Pádraig Ó hAoláin
Muireann Ní Mhóráin
Feargal Ó Cuilinn
Is iad Pádraig Ó hAoláin, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta; Muireann Ní Mhóráin, Príomhfheidhmeannach na Comhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG); agus Feargal Ó Cuilinn, Stiúrthóir Comhluadar, a labhróidh mar aoichainteoirí ag Seimineár Oireachtais Chonradh na Gaeilge 2010 agus osclófar an t-urlár do cheisteanna agus plé ón lucht freastail ag deireadh na cainte.

Is é Pádraig Mac Fhearghusa, Uachtarán Chonradh na Gaeilge a dhéanfaidh cathaoirleacht ar an Sheimineár an Chonartha 2010 agus deir sé: “Tá go leor plé agus cainte déanta againn maidir leis an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge ó foilsíodh an chéad dréacht um dtaca seo anuraidh, ach an réiteoidh an Straitéis gach fadhb sa Ghaeltacht agus gach buairt maidir le múineadh na Gaeilge amach anseo?


“Tabharfaidh aoichainteoirí Sheimineár Oireachtais Chonradh na Gaeilge léargas dúinn ar na deacrachtaí agus na deiseanna atá i ndán don Ghaeilge, agus pléifear cad eile gur ghá dúinn a dhéanamh mar phobal beomhar, bríomhar chun an Ghaeilge a chothú agus chun spriocanna na Straitéise ní hamháin a láidriú, ach a shárú faoi cheann 2030.”

Dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí an Chonartha: “Níl áit níos fearr chun plé a dhéanamh ar chur chun cinn agus ar spreagadh úsáid na Gaeilge in Éirinn ná ag Oireachtas na Samhna, áit go mbailíonn lucht labhartha na teanga le chéile ag an bhféile Ghaeilge is mó ar domhan gach bliain.


“Fearann muid fáilte roimh chách cur leis an bplé tábhachtach seo ar an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge ag Seimineár Oireachtais Chonradh na Gaeilge 2010 mar chuid de cheiliúradh na Samhna agus súil againn go gcuirfidh tuairimí an lucht fhreastail le léargas na saineolaithe a bheidh ag labhairt ar an Satharn.”
Share/Save/Bookmark

21.8.10

Oíche Chultúir BÁC

Agus Oíche Chultúir 2010 Átha Cliath (Béarla) á seoladh go hoifigiúil ag Mícheál Ó Muircheartaigh inniu, Dé Céadaoin, 18 Lúnasa 2010, is cinnte go mbeidh an ceiliúradh cultúir i gCeannáras Chonradh na Gaeilge ar an Aoine, 24 Meán Fómhair 2010, ar an gceiliúradh Gaeilge is mó san ardchathair mar chuid den Oíche Chultúir go dtí seo!

Cé gurbh í seo an tríú bliain as a chéile don eagras teanga páirt a ghlacadh i spraoi na hOíche Cultúir eagraithe ag Taisce Chultúrtha Bharra Temple (TCBT) (Bearla), tá Conradh na Gaeilge ag dul i bpáirt le níos mó eagraíochtaí Gaeilge eile ná ariamh - Club Chonradh na Gaeilge, An Coimisiún le Rincí Gaelacha (Bearla), Comhluadar, Forbairt Naíonraí, Glór na nGael, Ógras, Oireachtas na Gaeilge, Seachtain na Gaeilge, agus An Siopa Leabhar ina measc – le clár imeachtaí iontach a thairiscint do phobal na cathrach mar chuid den bhféile chultúir náisiúnta i mbliana.

Is ceann de na foirgnimh is stairiúla sa phríomhchathair é Ceannáras Chonradh na Gaeilge agus beidh deis ag an bpobal turas treoraithe dátheangach a ghlacadh thart ar an bhfoirgneamh ag Uimhir a 6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2 gach 20 nóiméad ar an 24 Meán Fómhair 2010, áit go mbeidh na doirse ar oscailt don saol mór óna 5 – 11in. Cuirfear taispeántas de ghrianghraif a thóg Clive Wasson ag féilte Oireachtais éagsúla ó 2004 i leith, dar teideal An tOireachtas: Spléachadh Siar, ar crochadh i gClub Chonradh na Gaeilge ar feadh na hoíche agus tá sladmhargadh ar leabhair agus earraí Gaeilge eile á reáchtáil ag An Siopa Leabhar óna 5 – 10in.

Beidh deis ag gach duine sa chlann spraoi a bhaint as an nGaeilge mar chuid den Oíche Chultúir sa Cheannáras, agus beidh ciorcal comhrá le cupán tae agus cúpla focal á sholáthar ag Glór na Gael do dhaoine fásta, fad agus atá scoth na ngearrscannán i nGaeilge á léiriú i gClub Chonradh na Gaeilge óna 5 – 7in. Le linn don Choimisiún le Rincí Gaelacha rang rince a mhúineadh trí Ghaeilge do dhaoine óga (12 – 18 mbliana d’aois) óna 6 – 7in,beidh cluichí agus spórt trí Ghaeilge á reáchtáil ag Forbairt Naíonraí Teo. agus Ógras do pháistí 2 – 12 bliana d’aois.

Beidh deis ag na tuismitheoirí sult agus tairbhe a bhaint as imeachtaí na hOíche Cultúir ansin, le caint dar teideal Language Transmission From Generation to Generation á tabhairt ag Finlay MacLeod, CNSA (Béarla), Alban (a eagraíonn cúrsaí Gàidhlig ‘san Dachaidh=sa bhaile) eagraithe ag Comhluadar óna 8 – 9in. Tá cáil ar Chonradh na Gaeilge as ranganna Gaeilge a chur ar fáil ar fud na tíre agus beidh deis ag foghlaimeoirí fásta Átha Cliath triail a bhaint as rang in aisce idir 7 – 8in ar an 24 Meán Fómhair 2010 freisin. Sna sála ar rath na n-albam Ceol le blianta beaga anuas, ní haon ionadh é gurb í Seachtain na Gaeilge atá i mbun ceardlann cheoil agus scríobh amhrán trí Ghaeilge óna 7 – 8in, le cabhair ón gceoltóir cumasach, Enda Reilly.

Cuirfear críoch leis an Oíche Chultúir i gCeannáras Chonradh na Gaeilge le taispeántas rince eagraithe ag an gCoimisiún le Rincí Gaelacha i gcomhar le Club Chonradh na Gaeilge ag 9in, agus tuilleadh amhránaíochta agus siamsaíochta le hOireachtas na Gaeilge óna 9 – 11in ar an 24 Meán Fómhair 2010. Bí ann nó bí gann!
Share/Save/Bookmark

20.6.10

CnaG i nGleanntáin Ghlas Ghaoth Dobhair!

Beidh cuairt ar oileán Thóraí faoi threoir Rí an Oileáin, Patsy Dan Mac Ruairí (féach pictiúir ar dheis!), ar cheann de bhuaicphointí Thionól Gaeltachta Chonradh na Gaeilge a bheidh ar siúl i nGaoth Dobhair, Co. Dhún na nGall ón 1–4 Iúil 2010. Eagraíonn Conradh na Gaeilge saoire i nGaeltacht éagsúil gach samhradh chun deis a thabhairt do chainteoirí líofa agus d’fhoghlaimeoirí na teanga araon sult a bhaint as áilleacht na Gaeltachta, gníomhaíochtaí spraíúla lae agus siamsa na hoíche i gcomhluadar iomlán Gaeilge i gcaitheamh an chéad dheireadh seachtaine i mí Iúil.

Ní hamháin gurb é Gaoth Dobhair an paróiste Gaeltachta is mó in Éirinn le daonra do 4,065, ach tá cáil ar an gceantar as áilleacht na háite agus é suite os cionn Loch Dhún Lúiche faoi scáil na hEaragaile maorga, an cnoc is airde i gCo. Dhún na nGall. Chomh maith le tránna agus aillte ar an gcósta, tá gleanntáin fhairsinge thart ar Ghaoth Dobhair - Gleann Nimhe, Caisleán Ghleann Bheatha agus Páirc Náisiúnta Ghleann Bheatha, an páirc náisiúnta is mó sa tír ina measc – agus beidh deis ag lucht freastail an Tionóil cuairt a thabhairt ar Oileán Thoraí Dé hAoine, 02 Iúil 2010, agus ar Chaisleán Gleann Bheatha agus na gairdíní Dé Domhnaigh, 03 Iúil 2010.

Tá Conradh na Gaeilge ag obair i gcomhpháirt le heagrais eile Gaeilge agus óige mar aon le muintir na háite i nDún na nGall chun réimse leathan imeachtaí a chur ar fáil i mbliana, agus cuirfear tús le Tionól Gaeltachta 2010 le fáiltiú i gcomhar leis an iris Feasta agus seisiún ceoil eagraithe ag Seachtain na Gaeilge in Óstán Gaoth Dobhair (Béarla) ag 9.00in Déardaoin, 1 Iúil 2010. Beidh turas lae go Toraí, dráma le hAisteoirí Ghaoth Dobhair, tuilleadh ceoil agus club oíche Dodge le hAontas na Mac Léinn in Éirinn ar siúl Dé hAoine, 2 Iúil 2010. Leanfar leis an spraoi Dé Sathairn, 3 Iúil 2010, le siúlóid sléibhe leis Na Cnocadóirí dóibh siúd atá níos aclaí, imeachtaí spraíúla le hÓgras agus Comhluadar dóibh siúd atá níos óige, tráth na gceist i bpáirt le Glór na nGael agus réimse breá imeachtaí breise ar nós iascaireacht fharraige, galf, tonnmharcaíocht, cóireáil áilleachta, srl.

Díreofar leis ar chuid d’fhadhbanna an cheantair Ghaeltachta mar chuid de Thionól Gaeltachta Chonradh na Gaeilge agus reáchtálfar seimineár ar an ábhar Céard is Gaeltacht sa 21ú Aois? i bpáirt le Guth na Gaeltachta ag 8.30in oíche Shathairn, 3 Iúil 2010, ina ndéanfar scrúdú ar staid na Gaeltachtaí trí chéile, ag caitheamh súil ar an tsamhail Ghaeltachta atá luaite i nDréachtstraitéis 20 Bliain don Ghaeilge de chuid an Rialtais. Fáilteofar roimh lucht an Tionóil agus muintir na háite ar an oíche agus cuirfear críoch leis an lá le ceol agus siamsaíocht agus club oíche Eden le Raidió Rí-Rá. Tiocfaidh an Tionól féin chun críche Dé Domhnaigh, 4 Iúil 2010, le siúlóid sléibhe eile, Aifreann i nGaeilge agus cuairt ar Chaisleán Gleann Bheatha agus na gairdíní ann.

Tá pacáiste speisialta ar €230 curtha le chéile ag Conradh na Gaeilge a chlúdaíonn leaba agus bricfeasta don deireadh seachtaine ón Déardaoin - Domhnach, béilí tráthnóna, turas ar oileán Thóraí, seimineár, dráma agus na himeachtaí sóisialta
Share/Save/Bookmark