3.5.10

Stiúrthóirí naíonraí cáilithe de dhith!

Beidh Dianchúrsa d’ábhar Stiúrthóirí Naíonraí ar fáil ag deireadh mhí Bealtaine i mBaile Átha Cliath.

Ó tharla an oiread sin éileamh ar an Dianchúrsa d’ábhar Stiúrthóirí Naíonraí i mbliana, beidh Forbairt Naíonraí Teo. ag cur Dianchúrsa eile ar fáil ar an 24-28 Bealtaine, Luan go Aoine idir 9.00-5.00i.n.. Beidh an dianchúrsa ar siúl i lár na Cathrach i mBaile Átha Cliath. Is é seo an buncháilíocht atá ag teastáil ó FNT le feidhmiú mar Stiúrthóir Naíonra.

Beidh agallamh Gaeilge le déanamh acu siúd gur mhian leo freastal ar an Dianchúrsa seo chun caighdeán Gaeilge na hiarrthóirí a áireamh. Beidh na hagallaimh Gaeilge ar siúl i mBaile Átha Cliath ar an 11 agus 12 Bealtaine in Institiúid Oideachais Marino, Ascaill Uí Ghríofa, Baile Átha Cliath 9.

Is bunchúrsa é seo, trí mheán na Gaeilge, i mbainistíocht agus reáchtáil Naíonraí d’ábhar Stiúrthóirí Naíonraí nó d’éinne le Gaeilge líofa a bhfuil spéis acu Gaeilge a úsáid le páistí óga. Is cúrsa éigeantach é d’éinne atá ag iarraidh naíonra a bhunú faoi Forbairt Naíonraí Teo. Faoi láthair tá 156 naíonraí cláraithe le Forbairt Naíonraí Teo agus tá os cionn 3,500 leanaí ag freastal ar sheirbhísí chúram leanaí trí Ghaeilge.

Dúirt Clíona Frost, Ard-Fheidhmeannach FNT,“Tá an-áthas orm go bhfuil an borradh seo le feiceáil sna naíonraí Gaelacha. Léiríonn an tionchar atá ár naíonraí Gaelacha buanaithe á imirt sa phobal agus an nasc atá á chothú acu leis na gaelscoileanna fud fad na tíre, go bhfuil branda an Naíonra ag treisiú.”
“Is léir go bhfuil tuismitheoirí anois ag aithint buntáistí an Luath-Thumoideachais Iomlán agus iad ag roghnú réamhscolaíocht lán-Ghaeilge dá bpáistí.”

Tá Forbairt Naíonraí Teoranta ag obair go leanúnach leis na príomheagraíochtaí deonacha Gaeilge eile ar chur chun cinn na teanga agus ar chúram agus oideachas leanaí trí mheán na Gaeilge, ach go háirithe sa suíomh luath-thumoideachais.


Share/Save/Bookmark

No comments:

Post a Comment