25.5.10

An Conradh agus craoladh spóirt!


Fáiltíonn Conradh na Gaeilge roimh mholadh an Aire Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Nádúrtha (Béarla), Éamon Ryan TD, go mba chóir go mbeadh cluichí áirithe de chuid an Chumainn Lúthchleas Gael (Béarla), Coirn Rugbaí Heineken (Béarla) agus Féile Cheltenham (Béarla) saor le craoladh, agus éilíonn air a chinntiú go ndéantar céatadán ar leith den tráchtaireacht ar na himeachtaí saor-le-craoladh seo i nGaeilge.

Agus muid á scríobh seo thugamar faoi deara a méid suíomhanna Éireannacha nach dtugann aitheantas don teanga fiú suíomhanna de haonáin a deireann siad go bhfuil siad ar son na nGael! An Roinn Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Nádúrtha (Béarla) agus Chumainn Lúthchleas Gael (Béarla)
RTÉ (Béarla)
agus ansin Coimisiún na hEorpa nach bhfuil an Ghaeilge mar teanga oifigiúil ann ach le blianta beaga anuas ag treabhad leo ag méadú úsáid na teangan ar an suíomh.

Féach ar iGaeilge: Saor & Gaelach go haer!
Arsa Pádraig Mac Fhearghusa, Uachtarán Chonradh na Gaeilge: “Agus tábhacht mhór náisiúnta ag baint leis na himeachtaí spóirt seo atá an tAire Éamon Ryan ag iarraidh a chraoladh in aisce do phobal na hÉireann, tá tábhacht nach beag ag baint lena chinntiú go ndéantar tráchtaireacht sa chéad teanga náisiúnta ar chéatadán ar leith de na himeachtaí seo.

“Is léir dea-mhéin an phobail i gcoitinne don Ghaeilge agus don spórt araon, agus chabhródh tráchtaireacht i nGaeilge ar chuid de na rásaí agus de na cluichí móra iománaíochta, peile agus rugbaí chun cumas sa teanga a iompú ina úsáid laethúil, sprioc suntasach de chuid na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge de chuid an Rialtais.”

Creideann Conradh na Gaeilge go mba chóir go bhfreastalódh seirbhísí teilifíse Éireannacha mar RTÉ (Béarla), TV3 (Béarla) agus TG4 ar phobal Gaeilge agus Gaeltachta na hÉireann, chomh maith le lucht labhartha an Bhéarla, nuair atá cuid de na himeachtaí spóirt a bhfuil tábhacht mhór náisiúnta leo á gcraoladh don phobal iomlán in aisce.

Má aontaíonn Coimisiún na hEorpa le moltaí an Aire Éamon Ryan go bhfuil tábhacht mhór náisiúnta ag baint le pé liosta deireanach d’imeachtaí spóirt áirithe atá aontaithe, molann Conradh na Gaeilge go ndéanfaí tráchtaireacht i nGaeilge ar chéatadán de na himeachtaí saor-le-craoladh seo.

Dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge: “Tá an spórt go smior ionann mar náisiún, agus más fíor a ndeir an tAire Éamon Ryan go bhfuil na himeachtaí spóirt seo ina ndlúthchuid dár bhféiniúlacht mar thír agus mar Éireannaigh, níl aon amhras ach go n-aontóidh sé le moladh an Chonartha go mba chóir cuid de na himeachtaí saor-le-craoladh a chur ar fáil trí mheán na Gaeilge ó tá an teanga ina dlúthchuid dár bhféiniúlacht agus dár gcultúr freisin dar ndóigh.”
Share/Save/Bookmark

No comments:

Post a Comment