Fuarathas nóta ó Úna Bhreathnach, Bainisteoir Eagarthóireachta i bhFiontar, le chúnamh a lorg le forbairt nua atá á cruthú againn ar an suíomh logainmneacha. BD'iarr sí orainn triail a bhaint as an gcomhéadan nua léarscáilíochta, atá ar fáil go trialach anseo. Tá sé i gceist acu an comhéadan seo a chur in áit an chinn théacsúil atá in úsáid faoi láthair.
Ba mhaith leithi go mbreathnófaí ar an gcomhéadan seo, agus aon aiseolas – maidir le inúsáidteacht, fadhbanna, moltaí feabhais nó aon rud eile dá laghad nó dá mhéid – a chur chuchu. Go háirithe, ba mhaith leo ár n-aird a dhíriú ar na ceisteanna seo a leanas:
- - An dtuigeann tú céard atá le déanamh nuair a osclaíonn tú an suíomh don chéad uair?
- - An bhfuil an suíomh ag obair? (An bhfeiceann tú léarscáil?)
- - Nuair a dhéantar cuardach, taispeántar na torthaí ar an léarscáil. An bhfuil sé seo sásúil?
- - An bhfuil tú sásta leis seo mar leagan nua den suíomh?
- - An dtaitníonn sé leat?
- - An bhfuil sé úsáideach?
Beidh an comhéadan seo ar fáil go trialach ag www.logainm.ie/mapz go ceann roinnt seachtainí, agus bheadh siad buíoch ach aiseolas a chur chuchu roimh lár mhí an Mhárta.
Tá an comhéadan léarscáile ar fheabhas ar fad, cuireann sé go mór leis an suíomh.
ReplyDeleteRoimhe sin bhí amhras orm cén áit go díreach a raibh logainmneacha áirithe lonnaithe.