23.2.10

Eagarthóir ceaptha ar Gaelscéal

Tá sé fógartha ag Torann na dTonn Teoranta, comhfhiontar idir The Connacht Tribune Ltd (Béarla) agus Eo Teilifís, gurb é Ciarán Dunbar atá ceaptha mar eagarthóir ar an nuachtán úr seachtainiúil Gaeilge, Gaelscéal.Ciarán Dunbar: Pic ó Nuacht 24

Is as Contae an Dúin ó dhúchas é agus taithí de bhlianta aige a bheith ag plé leis na meáin Gaeilge. Roimhe seo bhí ailt foilsithe aige ar Lá Nua, An tUltach, Comhar, Nuacht 24, The Irish News (Béarla) agus ar The Scotsman (Béarla) i nGaeilge na hAlbain. Tá tuairisceoireacht raidió déanta aige ar Raidió Fáilte agus ar BBC Raidió Uladh (Béarla).

Ag labhairt dó faoin a cheapachán agus faoin bhfís atá ag an nuachtán dúirt sé: “Tá mé ag súil go mór leis an dúshlán seo agus is cinnte liom gur féidir leis an fhoireann atá curtha le chéile againn páipéar den chéad scoth a chur ar fáil”.
“Tá sé ar intinn againn páipéar úr nua a chruthú, páipéar a bheas ag cothú le pobal na Gaeilge ar fud an domhain”.

Treasa Bhreathnach as na Forbacha, Gráinne McElwain as Contae Mhuineacháin agus Méadhbh Ní Eadhra as an Spidéal fostaithe mar sholáthróirí ábhair don nuachtán agus beidh saoririseoirí agus colúnaithe á gceapadh go luath.

Is é Trevor Ó Clochartaigh an Bainisteoir Tionscadail ar Ghaelscéal agus is í Patricia Ní Chonghaile a bhéas ag plé le cúrsaí fógraíochta, margaíochta, dáileacháin agus ciorclaíochta.

Bhronn Foras na Gaeilge conradh cheithre bliana ar luach €1.6 milliún ar Thorann na dTonn Teo. anuraidh chun nuachtán seachtainiúil uile-oileánda a fhoilsiú i bhfoirm clóite agus go leictreonach.

Foilseofar an chéad eagrán de Ghaelscéal roimh dheireadh na míosa seo chugainn.
Share/Save/Bookmark

No comments:

Post a Comment