14.1.10

Cruinniú Oireachtais faoin nGaeilge

Beochraolfaidh TG4 an cruinniú na seachtaine chugainn den Chomhchoiste Oireachtais um Ghnóthaí Ealaíon, Spóirt, Turasóireachta, Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta (Céadaoin 20 Eanáir, 2-4.30pm.)
(Tá suíomh an Chomhchoiste mBéarla amháin! "Tá an leagan Gaeilge de shuíomh gréasáin an Oireachtais á réiteach agus beidh sé ar fáil go luath.")

Tá cuireadh tugtha ag an gComhchoiste do roinnt eagras Gaeilge theacht ina láthair chun a dtuairimí faoin Dréacht Straitéis, seo, a foilsíodh ag deireadh na Samhna seo caite, a phlé leis.

Is é Tom Kitt, TD, (Béarla) Cathaoirleach an Chomhchoiste.

Beidh cruinniú ag Guth na Gaeltachta tráthnóna amárach, De hAoine 15 Eanair ag 4 a chlog sa Chrannóg (Doirí Beaga) le plé a dhéanamh ar an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge. Tá sé ann ag an am seo de bharr an droch aimsear le seans a thabhairt d'éinne a bheadh ag taistéal.
Creideann TG4 gur ócáid thábhachtach i saol na Gaeilge é an cruinniú seo agus gur maith is fiú an deis a thabhairt do dhaoine ar fud na tíre (agus ar fud an domhain a bhfuil an Líonchraoladh ar www.tg4.tv ar fáil dóibh) an plé seo a fheiceáil agus é ag tarlú. Is cuid lárnach de dhualgais TG4 mar chraoltóir seirbhíse poiblí imeachtaí Thithe an Oireachtais a chlúdach, rud a dhéantar go seachtainiúil ó Dáil Éireann agus go hócáidiúil ó imeachtaí na gComhchoistí, mar atá sa chás seo.

Scaip an scéal!

Share/Save/Bookmark

1 comment:

  1. Má chinntíonn an Plean 20 Bliain go mbeidh níos mó cumhachta ag pobal na Gaeilge ar a saol féin déanfaidh sé leas. Níos mó cumhachta ag pobal na Gaeltachta ar phleanáil, ar fhostaíocht, ar oideachas, agus ar fhógraíocht phoiblí sa Ghaeltacht. Níos mó cumhachta ag pobal na Gaeilge ar fud na tíre ar oideachas trí Ghaeilge agus ar an bpolasaí dátheangach. Ní féidir an t-oideachas trí Ghaeilge a fhágáil i lámha Béarla na Roinne Oideachais. Tubaist a bheadh ansin. Caithfidh muidne a chinntiú go gcinntíonn an plean go mbeadh cumhacht ag na Gaeil ar a saol féin ó thaobh oideachais, pleanála, agus cur chun cinn na Gaeilge de.

    ReplyDelete