26.1.10

Rith 2010


Ollie Cahill FAI, Anthony Moyles CLG, Bláthnaid Ní Chofaigh, Luke Fitzgerald IRFU

Tosóidh Rith 2010 - féile agus ollrith ar son na Gaeilge ar an 9 Márta i mBéal Feirste agus leanfaidh sé ar aghaidh go dtí Lá Fhéile Pádraig áit a gcríochnóidh sé i gcathair na Gaillimhe. Tá súil go mbeidh na mílte ag rith ar son na Gaeilge áit a mbeidh bata sealaíochta á n-iompar acu ina mbeidh teachtaireacht ó Uachtarán na hÉireann istigh ann. Léifear amach an teachtaireacht seo ag deireadh an reatha ar Lá Fhéile Pádraig.

Is slí úrnua é Rith 2010 chun teanga agus cultúr na Gaeilge a cheiliúradh go feiceálach i bpobail ar fud na hÉireann agus airgead a bhailiú d'fhorbairt na Gaeilge ag an am céanna. Tá Rith 2010 maoinithe i bpáirt ag Foras na Gaeilge.

Tagann an smaoineamh taobh thiar de Rith 2010 ón bhféile Korrika a tharlaíonn gach dara bliain i dTír na mBascach ( Euskal Herria), ó na hochtóidí. An bhliain seo caite ghlac 600,000 duine páirt i Korrika agus bíonn ceol agus imeachtaí cultúrtha lárnach sa bhféile chéanna.

“Táimid ar bís faoin imeacht úrnua seo,” a dúirt Siobhán Seoighe, Bainisteoir Imeachta, Rith 2010. “Tá sé feicthe againn mar a dhéanann Tír na mBascach ceiliúradh ar a gcuid teanga agus cultúr go feiceálach agus shocraíomar é a thriail anseo go hÉireann. Is ceiliúradh é seo ina mbeidh na mílte duine in ann a mbród a léiriú i leith na Gaeilge” a dúirt sí.

Is féidir le grúpaí pobail, scoileanna, clubanna, nó daoine aonair páirt a ghlacadh i Rith 2010 ar iliomad bealaí – féach ar a suíomh iditlíon. Rachaidh an t-airgead ar fad ó Rith 2010 go Ciste Rith, a chuirfidh maoiniú ar fáil amach anseo do thograí Gaeilge ar fud na tíre.

Chomh maith leis an rith é féin, beidh neart imeachtaí ar siúl timpeall na tíre mar chuid de Sheachtain na Gaeilge a bheidh ag tarlú ag an am céanna. Mar sin, ceannaigh ciliméadar, tacaigh leis an nGaeilge agus tar amach le linn na coicíse – beidh neart craic, ceol agus, ar ndóigh, Rith i gceist.
Share/Save/Bookmark

No comments:

Post a Comment