29.9.14

"B’fhiú an tairbhe an trioblóid." Joe Steve ag oscailt Comóradh an Dá Scór #OnaG74

"Is tuar dóchais é gur chuir oiread sin daoine de anró orthu fhéin, Oireachtas, a bhí anseo dhá scór bliain ó shin, a chomóradh."

Tá sé dhá scór bliain ó reachtáileadh Oireachtas na Gaeilge i gCeantar Chois Fharraige – an chéad uair ariamh ar fhág sé Cathair Bhaile Átha Cliath.

Ó is é a rinne aitheasc na hoscailte ag Oireachtas na Gaeilge 1974, sa bPoitín Stil ar an Aoine, 6 Meán Fómhair 1974, iarradh ar Joe Steve Ó Neachtain fáilte a chur roimh an bpobal arís i mbliana. Thug sé a oráid ag an áit céanna ar an 25 Meán Fómhair 2014. Bhí slua mór i láthair le h-éisteacht leis ag oscailt Comóradh an Dá Scór Oireachtas na Gaeilge 1974 - Oireachtas Chois Fharraige.

Mar chuid den oscailt nochtadh plaic ar bhalla na háite ag comóradh Oireachtas 1974  ag Pádraigh Ó Héalaí, Uachtarán Reatha Óireachtas na Gaeilge  2014, agus taispeánadh físeán curtha le chéile ón ábhar a bhailigh Cinegael sa bhliain 1974.

Spreagfaidh sé diospóireacht, dian machnamh agus le cúmhnah Dé spreagfaidh sé chun gnímh muid! Is mise a chuir na cinn tideal ann.

Pic: Bertie Ó hAinmhaire
A chairde, fré chéile,
cairde an chultúir agus na héigse,
bhur gcéad míle fáilte go dtí an ócáid thaitneamhach seo.

Tá sé tráthúil gur anseo, sa bPoitín Stil, atá dlús dá chur leis an gceiliúradh, mar gur ar an suíomh ceanann céanna seo i 1974 a cuireadh dlús leis an gcéad Oireachtas oifigiúil dár reachtáileadh sa nGaeltacht ariamh.
Taobh thiar dhínn anseo, san áit a bhfuil an carrchlós anois, a bhí halla mór an Phoitín Stil ag an tráth sin agus ba éacht ann fhéin é gur shuigh os cionn cheithre chéad duine chun boird ag ócáid na hoscailte.
Cuireadh cúpla focal breise le teanga na nua-ghaeilge, le linn an Oireachtais sin, mar gurbh é an chéad uair ar tháinig ‘traffic jam’ go Cois Fharraige.
Bhí sé ina bhrú brú sa gcárnán agus is cuimhneach liom go maith gur amuigh ag iarraidh bheith ag baint tranglam tráchta as aimhréidh a chaith mé oíche mhór na n-amhráin.
Baineadh as ár gcleachtadh ar go leor bealaigh muid. Ba carranna capaill ag tarraingt mhóna, agus carranna asail ag tarraingt trátaí go dtí an stór, ba mhó a bhí ag baint deanach as na bóithrí ag an tráth sin. Coismhuintir a bhí laethúil, gealgháireach a bhí mar chíocha diúil ag raidíó Gaeltachta, a bhí fós ag lámhachán ag an tráth sin.
Ó Bhearna go Carna bhí siad ina snáth mara. Daoine a seasfá sa sneachta ag éisteacht leo, ón bpoirtín béil go dtí inseacht an scéil. Gaeilge chraicneach nach raibh aon dúchan gramadaí ag ruachan a cuid barrannaí.
Chuile fhocal de chuile dhán agus de chuile amhrán sean nóis de ghlanmheabhair agus iad chomh binn leis an smólach ar an gcraobh idir fhear is bhean.
Saibhreas cultúir, cé nár sheas a bhformhór ag Féile an Oireachtais ariamh nó go dtáinig se chomh fada le leic an teaghlaigh acu.
Agus mura ndéanfadh an tOireachtas sin tada eile ach dlús a chur le Oireachtais den scoth a heagraíodh sna ceantair Ghaeltachta ina dhiaidh sin, b’fhiú an tairbhe an trioblóid.

Athrú
Tá athrú mór tagtha ar an saol ó shin. Chuir mé an-spéis san Electric Picnic a bhí thíos sa tSráid Bhaile i gCo Laoise le gairid. Ní chreidfeadh an t-aos óg a bhí i láthair ansin go raibh Electric Picnic sa gceantar seo freisin nuair a bhí mise óg. Sceitimíní ar chuile dhuine sa taobh tíre nuair a tháinig an ‘electric kettle’ don chéad uair. Gan aithne orainn nárbh é Garth Brooks a bhíodh ag casadh an ghuitar nuair a thosaíodh sé ag fiuchadh.
Chuir sé ríméad orm na buataisí, nó na wellingtons, mar a thugadh muide orthu, a fheiceáil sa bhfaisiún ag na mná óga a bhí ag freastal ar an bpicnic. Bhí siad go mór sa bhfaisean ag mná óga sa gceantar seo le linn m’óige.
Sé an t-aon difriocht atá ann ná gur le dhul go dtí coirmcheoil amháin a chaitheann mná óga wellingtons ar na saolta seo agus gur le dhul ag céilí a bhíodh na mná óga ag caitheamh dhíobh na wellingtons le mo linnsa.
Os ag caint ar an gcéilí é, ‘sé an rud is mó ar fad a chuireann ríméad orm ná go mbeidh an céilí dhá athbheochan le linn na deireadh seachtaine seo.

An t-ádh linn
Ní chreidim go bhfuil an saol athraithe chomh mór is nach mbeadh an t-aos óg ag éirí ó thalamh le teann ríméid ag daimsiú Caidhp a’ chúil aird, dá múinfí dhóibh lena dhaimhsiú go paiteanta. Ná ceaptar gur ag fáil locht ar Electric Picnic ná a leithid atá mé. Is beag an baol. D’ardódh sé do chroí a bheith ag breathnú ar aos óg na hÉireann ag ceiliúradh a gcuid saoirse, i gcomórtas leis an slad uafásach atá le feiceáil ar éadan na teilifíse chuile oíche den tseachtain.
Dá dhonnacht dá raibh agus dá bhfuil cúrsaí eacnamaíochta, tá an t-adh dearg orainn a bheith inár gcónaí i gceantar chomh síochánta.
Nach beag an cheapadh a bhí ag Cromwell, nuair a chuir sé a mhallacht anoir ar ár sliocht, gur chun tairbhe a thiocfadh sé dhúinn sa rith fada.
Tá úire agus áilleacht faoi leith ar fhad an chósta thiar fré chéile. Ach ní féidir an áilleacht a ithe. Imirce agus imirce amháin a bhí i ndán dhúinn murach iarracht ollmhór ón bpobal.
Níl mé ag déanamh beag is fiú de chúnamh an stáit, ach ní tharlaíonn sé gan éileamh ón bpobal. Níl aon rannóg rialtais ná aon eagraíocht stáit chomh cumasach ná chomh cumhachtach le pobal atá ag oibriú as lámha a chéile.
Tá an cruthúnas le fáil ins chuile bhaile beag in Éirinn. San áit a raibh an pobal gníomhach, tá a thoradh le feiceáil agus le cloisteáil.
Tá a gcuid éachtaí fhéin le maíomh ag chuile phobal Gaeltachta. Tá ómós an tsaoil agam do dhaoine as gach ceard a raibh fís agus dúthracht á ngríosadh, mar atá go fóill.
Ba suarach é mo chionn i gcomórtas leo, ach is i dteannta a chéile is fearr muid.
Tarlaíonn sé gur iad pobal an cheantair seo atá mar shlat tomhais agamsa anocht, ó tharla gur anseo ina measc atá mo shaol caite agam.
Bheadh sé deacair ag aos óg an lae inniu a shamhlú nach mórán teach sa gceanntar a raibh leithreas iontu trí scór bliain ó shin. Prívi beag amuigh ar chúl corr theach. Amuigh faoin sceach a bhíodh an chuid eile againn ag cromadh.
Bheadh sé deacair acu a shamhlú nach raibh cumhacht aibhléise ná uisce reatha, raidio ná teilifís, ríomhaire ná fón póca, fridge ná cooker, coke ná cappuccino, ná ceann ar bith eile de ghiúrléidí na nua aoise sa bparóiste le linn m’óige.
Ach ní ó neamh a thit siad againn ach oiread.
“Bíodh rud agat dhuit fhéin nó déan do ghoradh leis an ngréin,” adeir an sean-fhocal.
Tá mise bródúil as na coistí deonacha sin ar fad a raibh sé de mhisneach acu bualadh faoin obair iad fhéin.
Daoine óga a bhí cumasach agus fad-bhreathnaitheach nach raibh fuacht ná faitíos orthu ag eagrú an ghrúp-scéim uisce reatha ba mhó dar déanadh in Éirinn ariamh ag an am;
• a bhailigh airgead agus a rinne forbairt ar an bpáirc peile agus ar na háiseanna caitheamh aimsire atá i nGleann a’ Chnoic;
• a chuir dlús le scoil nua agus a rinne ionad pobail den tseanscoil;
• a cheannaigh talamh chun go bhféadfadh Gaeltarra Éireann dlús a chur le fostaíocht sa bpobal;
• a chuir dlús le Comhar Creidmheasa;
• a chuir dlús le Gael Acadamh a bhí agus atá ag cothú an cheoil agus na n-amhrán ariamh ó shin;
• a bhí páirteach go glórach sa bhfeachtas a thug Raidió na Gaeltachta ar an saol;
• a bhí páirteach go glórach agus go bradach sa bhfeachtas a thug teilifís Ghaeilge, nó TG4 ar an saol;
• a d’éiligh agus a fuair Údarás Gaeltachta, chun go mbeadh muid ábalta ár gcinniúint féin a stiúradh.

Miotal sa cnámha
B’fhéidir go bhfuil mé ag séideadh na mbolg de bheagán, ach caithtear na boilg a shéideadh chun cruas a chur sa miotal.
Níor theastaigh an miotal sna cnámha chomh mór ariamh is a theastaíonn sé i saol an lae inniu ag tráth a bhfuil an chontúirt ann
go dtabharfadh aos óg na Gaeltachta droim láimhe don teanga labhartha, a rinne pobal faoi leith dhíobh, i gcaitheamh an tsaoil.
Níl milleán dá laghad agamsa ar an aos óg.
Lúbann an chraobh sa treo a bhfuil an ghaoth ag séideadh.
B’fhéidir gur athraigh an saol ach níor athraigh intinn an linbh.
Scéilín óna gcuid tuismitheoirí atá siad ag iarraidh a chloisteáil sul má thiteann siad ina gcodladh. Scéalta a mhúnlaíonn a n-intinn.
Sílimse go bhfuil sé de dhualgas orainn a inseacht dóibh cé dar díobh iad: inseacht dóibh i dtaobh éacht a sinsear a sheas talamh anseo le linn an ghorta mhóir, inseacht dóibh i dtaobh mhallacht Chromail agus na mBlack and Tans agus éirí amach na Cásga.
Téagar agus bród agus fírinne a bheith sna scéalta a mhúnlaíonn a ndearcadh agus gan iad a fhágáil taobh leis an tsamhlaíocht bhréige atá ag Nick Junior nó ag Harry Potter.
Meascán den dá shaol agus cead acu fhéin a n-intinn a dhéanamh suas.
Ní fhaca mise aon ghlúin eile atá chomh cumasach le ceol, le agallamh agus le hamhrán. Ní theastaíonn a athrú ach an mheoin.
Tá sé tagtha sa saol anois gur féidir slí beatha a bhaint as do theanga dúchais. Ar ndóigh, má roghnaíonn an chéad ghlúin eile cúl a thabhairt le cine agus a ndúchas a chaitheamh i dtraipisí, tá an ceart sin acu.
Beatha duine a thoil agus rinne muidne na rudaí a mheas muid fhéin a bheith ceart.
Tá súil ollmhór na turasóireachta dírithe ar chósta thiar na hÉireann anois. Tá bealach fiáin an Atlantaigh ag sníomh thrí fhormhór na gceantair Ghaeltachta.
Beidh turasóirí as gach ceard ag baint lán a súl asainn.
Ach drochsheans go seasfaidh siad faoi bhealach, mura bhfuil fiántas damhsa agus ceoil agus amhrán agus an fiántas nádúrtha sin, atá ag baint leis an gcultúr gaelach, le cloisteáil acu.

Dea-mhéine don teanga
Cé gur dona uaim, tarlaíonn sé go n-aithnítear an té a bhíonn le feiceáil ar mheán cumhachtach na teilifíse.
Téann sé ó mheabhair orm, an méid deá-mhéine atá ins chuile chondae in Éirinn don teanga dúchais. Daoine nach bhfuil focal gaeilge acu ach ag líochán na bhfó-theidil.
Tá tacaíocht ollmhór don teanga sa tír seo go fóill dá mbeadh muid ábalta leas a bhaint as.
An té nach bhfuil láidir, ní foláir dó bheith glic.
Thug sé misneach dom oiread sin gaeilgeoirí a fheiceáil dearg le fearg an bhliain seo caite. Is maith ann na mórshiúlta dúshlánacha agus is ceart a dhul ina muinín nuair atá gá leo.
Bhuail muidne boird go dúshlánach freisin nuair ba gá sin. Go drochmheasúil a breathnaíodh orainn nó gur troideadh toghchán is go raibh sé de stuaim ionainn coistí a bhunú agus gan a bheith ag braith ar chaipín na déirce lenár gceantar fhéin a fhorbairt.

Níor leor an gleo nuair a theastaigh Raidió na Gaeltachta mar shampla. Bhí sé de mheabhair is de mhisneach ag daoine óga raidió bradach a chur ag craoladh go mí-dhleathach.
An fhís fhad-bhreathnaíoch chéanna a thug TG4 ar an saol, nuair a chuaigh daoine i bpríosún agus a cuireadh teilifís bradach ag craoladh sna garbhchríocha.

Sampla na nAlbanach!
Ní dúshlán trodach amháin a athraíonn intinn rialtais ná intinn pobail. Oscal súl a bhí san racht ollmhór náisiúnachais a bhuail ár gcomharsanaí in Albain le gairid.
Ní móide gur éirigh leo an móramh a bhaint amach, ach chuir siad scéin chomh mór i rialtas na Breataine is nach ndéanfar beag is fiú dhíobh go brách arís.
Caithfidh muidne, gaeil, bealach eile a aimsiú lena fháil amach cé mhéid deá-thola atá fanta ar fud na hÉireann agus ar fud an domhain don teanga dúchais.

Reifrean b’fhéidir a chuirfeadh deireadh leis an gcur i gcéill, bealach amháin nó bealach eile.
Tá an neamhshuim in ainseal chomh mór is nach dóigh liom go bhfuil mórán achair fanta le séideog na beatha a chur faoin teanga labhartha.


Timpeall an bhoird i dTeach an Phiarsaigh
Ócáid mhór amháin atá fanta, i mo thuairimse. Faoi cheann dhá bhliain, nuair atá Éirí Amach na Cásca 1916 dá cheiliúradh.
Sin é an t-am lena fháil amach a bhfuil braon gaelach fós i gcroí an náisiúin seo.
Ach cé a chuirfeas an cheist?
Ón talamh aníos a chaithfeadh sé fás mar a fhásann rud ar bith den rath atá ag cothú an chinneadh daonna.
Is beag é mo scil ann ach tá pobal úr óg ar an saol anois atá chomh heolach ar chúrsaí ríomhaireachta is go gceapfainn nach mbeadh aon stró orthu pobalbhreith a eagrú i measc gaeil ar fud an domhain.
Sílimse go bhfuil sé in am againn forfhógra nua, glan a scríobh mar chomóradh ar Éirí Amach na Cásca.
A thaispeáint go bhfuil an aisling ghaelach fós beo céad bliain tar éis an Éirí Amach.
Timpeall an bhoird i dTeach an Phiarsaigh i Rosmuc a mholfainn an forfhógra a chur i dtoll a chéile. Forfhógra nach mbeadh bagarthach, ach a bheadh ag lorg tacaíocht agus ómós dár dteanga dúchais.
Forfhógra a bheadh Uachtarán na hÉireann sásta a shíniú.
Forfhógra a gheaobhadh tacaíocht ó leithide Mhéara Bhoston agus ó Éireannaigh eile atá in ionaid chumhachtach sa Teach Bán.
Forfhógra a dtabharfadh ollaimh agus léachtóirí agus scoláirí tacaíocht dó in ollscoltacha ar fud na hÉireann agus ar fud na cruinne.

Muid ar fad ar aon fhocal sa chomóradh
Tá mé cinnte go mbeadh meall mór dár gcomharsanaí in Albain taobh thiar dár n-iarracht agus sa mBreatain agus i gCeanada agus ins chuile áit eile dá bhfuil col gaoil ag chuile dhuine agaibh.
Níl aon lá ariamh dár theastaigh cúnamh ó ghaeil le dúshlán a thabhairt nár iarr is nach bhfuair muid cúnamh ón taobh amuigh. Bealach a aimsiú le guth a thabhairt do Éireannaigh ins chuile réimse idir gluaiseacht na gaelscolaíochta go dtí eagraíocht na gcolaístí gaeilge, meánscoltacha, bunscoltacha agus naíonraí.
Ba cumhachtach an glór é dá mbeadh muid ar fad ar aon fhocal.
Bhí sé ráite sa tarraingreacht go dtiocfadh an lá fós a bhfiaródh an t-athair don mhac ar maraíodh aon bhreac sa bhfarraige sin amuigh ariamh. Tá an chosúlachta ann go bhfuil an lá sin ag teannadh linn agus bheadh sé chomh dóigh céanna go dtiocfadh an lá go bhfiaródh máthair dá hiníon ar labhraíodh aon fhocal gaeilge sa gceantar seo ariamh.
Nár lige Dia; ach de bhuíochas gach plean atá coistí a chur le chéile go coinsiasach, tá faitíos orm gur lá é atá ag teannadh linn mura dtarlaíonn feachtas mór éicint a bhainfeas croitheadh as coinsias na hóige.

Tarlaíodh sin nó ná tarlaíodh, sílim gur cheart coiste comóradh an Éirí Amach a bheith ins chuile cheantar Gaeltachta, comhoibriú a bheith eatarthu a thabharfadh taispeántas feiceálach ceoil, amhráin agus damhsa go dtí sráideanna Bhleá Cliath le linn an chomóradh.
Is tuar dóchais é gur chuir oiread sin daoine de anró orthu fhéin, Oireachtas, a bhí anseo dhá scór bliain ó shin, a chomóradh.

Go bhfága Dia bhur saol is bhur sláinte agaibh agus go dté an comóradh chun toradh agus chun tairbhe dhúinn ar fad.

Fógraím, leis seo, go bhfuil an comóradh faoi lán tseoil anois.







Share/Save/Bookmark

27.9.14

An deich gcinn is mó éileamh? #Gaeilge

Rinne Ciarán Dunbarrach liosta le deanaí den 20 alt is mó léamh riamh ar An Tuairisceoir. Spreag sé mise leis an rud céanna a dhéanamh don bhlag Gaeltacht21. Seo na torthaí. Baineann gach rud beag nó mór leis an Ghaeltacht agus an Ghaeilge amháin. Chuir chuid de na figiúirí íontas orm.
An ceann is sine ar chlé (Ean 2010) agus an ceann is nua ar dheis (Aib 2014)
Cad as dár gcuairteoirí?

Bar an liosta!
Tá an ceann ar bharr an liosta spéisiúil mar is léiriú ar pholsaithe an stáit ó 1928 ar aghaidh i leith na Gaeilge. Toradh ar thaighde a rinne an céad Coimisinéar Teanga, Seán Ó Cuirreáin, atá ann.  Dúirt sé nuair a bhí a chuid taighde críochnaithe aige gur deachair teacht ar aon mhiniú ar chúrasai ach gur "Soiniciúlacht, cur i gcéill agus an mhéar fhada a bhí sa treis: is deacair brí ar bith eile a bhaint as polasaí an stáit ó 1928 ar aghaidh". 

Ní nach íonadh d'éirigh sé as a phost níos lauaithe i mbliaina. Ní raibh mórán de rogha aige, mar a dúirt sé féin le coiste den Oireachtas, "An rogha a bhí agam ná seasamh siar ó mo cheapachán mar Choimisinéir Teanga ar bhonn prionsabail le haird a dhíriú ar na ceisteanna seo nó leanúint orm agus, ar an bhealach sin, a bheith páirteach sa chur i gcéill." 

Dóchas? Muinín?
Ní fheicim feabhas ag teacht ar chúrsaí cé go bhfuil seans ann tré Bille láidir Gaeilge a chuir ós chomhair an Oireachtais. Dúirt an tAire Stáit nua, Joe McHugh le déanaí, "..Beidh mé ag obair leis an Coimisinéir Teanga ar Bhille na dTeangacha Oifigiúla i mí na Samhna. Tá sé mar pholasaí ag an Rialtas tacaíocht a thabhairt don Ghaeilge, don Ghaeltachta agus d'imeall na Gaeltachta..." (Seachtain, 10 Meán Fomhair 2014).

"Feicimíd!" Mar a dúirt an fear eile.


Share/Save/Bookmark

21.9.14

An dtabhairfá-sa cabhair do theaghlaigh atá ag tógáil a gclann le Gaeilge sa nGaeltacht?

Tá painéal á chur le chéile ag an eagraíocht Tuismitheoirí na Gaeltachta de dhaoine a mbeadh spéis acu oibriú ar scéimeanna na heagraíochta. Cuireann Tuismitheoirí na Gaeltachta cúnamh agus tacaíocht ar fáil do theaghlaigh atá ag tógáil a gclann le Gaeilge sa nGaeltacht (Conamara agus Tír Chonaill) nó ar mian leo a leithéid a dhéanamh.

Obair pháirtaimseartha a bheidh i gceist agus déanfar íocaíochtaí bunaithe ar shonraisc. Beidh teacht ag na daoine seo ar áiseanna oifige na heagraíochta freisin.

I measc na scéimeanna agus gníomhaíochtaí a bhíonn ar bun ag an eagraíocht tá: Siamsáin do theaghlaigh, Cinema Gaelach, Litir chuig Santaí, Campaí Samhraidh agus eile. Beidh tús á chur le scéimeanna nua as seo go deireadh na bliana freisin, ina measc: Cúrsaí réamhbhreithe, suirbhé ar thuismitheoirí agus ceardlanna i réimsí éagsúla den phleanáil teanga.

Daoine fuinniúla a bhfuil ardchaighdeán Gaeilge acu atá á lorg agus bheadh taithí agus/nó cáilíochtaí sna réimsí seo a leanas ina bhuntáiste: cúram leanaí, pleanáil teanga, taighde agus cúrsaí oideachais.

Glacfar le hiarratais go dtí Dé Máirt 30 Meán Fómhair 2014.

Foirmeacha iarratais ar fáil ó: tuismitheoirinagaeltachta@gmail.com


Tuilleadh eolais: Déan teagmháil le 087 3382885

Share/Save/Bookmark

19.9.14

An Coimsinéir Teanga ag seoladh leabharán #OnaG74 "Níl deireadh leis an obair sin go fóill."

Seo mar a labhair An Coimisinéir Teanga, Rónán Ó Domhnaill, ag seoladh Leabhrán Chomóradh an Dá Scór Oireachtas na Gaeilge 1974 i dTigh Ghiblin sa Spidéal ar an 18u Lá Meán Fomhair 2014!

A chairde, cuireann sé an-áthas orm a bheith anseo anocht i bhur láthair do sheoladh an leabhrán slachtmhar seo Oireachtas Chois Fharraige, 1974 – 2014 Comóradh an Dá Scór. Leabhrán é seo a thugann léargas ar an imeacht stairiúil a tionóladh sa taobh seo tíre dhá scór bliain ó shin. Mar iriseoir, nó iar-iriseoir anois, tuigim an dua agus an antró a bhaineann le hiris mar seo a chur i dtoll a chéile, agus tá ard-moladh tuillte ag Seosamh Ó Braonáin agus Donnacha Ó hEallaithe agus an coiste eagraithe ar fad dár ndóigh. Tréaslaím toradh bhur gcuid oibre libh.

Tabhacht an Oireachtais
Ba bhreá liom bheith in ann a rá go bhfuil cuimhní cinn agam féin ar an Oireachtas cáiliúil sin i gCois Fharraige i naoi déag seachtú ceathair ach ní féidir liom, tá mé i bhfad ró-óg dó sin ! Bhí mo thuismitheoirí ann ceart go leor...ach an chéad chuimhneamh atá agamsa ar Oireachtas na Gaeilge ná nuair a bhí sé ar an gCeathrú Rua i naoi déag ochtú trí. Bhí m’athair bainteach leis an bhféile sin agus fiú is go raibh mé óg ag an am, thuig mé agus ba léir dom an tábhacht a bhain le hOireachtas na Gaeilge a bheith ar súil sa nGaeltacht… go raibh lucht labhartha na Gaeilge as chuile chuid den tír tagtha le chéile chun ceiliúradh náisiúnta á dhéanamh ar na traidisiúin a bhain linne mar Ghaeil. Agus sin í ceann de bhuanna an Oireachtais; go gcruthaítear na ceangail sin idir pobal na Gaeilge agus pobal na Gaeltachta.

I rith na seachtaine seo caite bhí mé ag éisteacht le clár Mháirtín Tom Sheáinín ar Raidió na Gaeltachta agus an óráid a thug Joe Steve Ó Neachtain uaidh le linn dó a bheith ag oscailt Oireachtas Chois Fharraige i 1974. B’iontach an píosa cainte a rinne Joe, píosa cainte a tháinig óna chroí amach. Agus é ag cur fáilte roimh mhuintir na Éireann chuig Cois Fharraige, ceantar mar a dúirt sé féin a raibh “rútaí aibí na teangan Gaeilge”, bhí a bhród sa gceantar, muintir an cheantair agus gach ar bhain leo, le brath ina ghlór. Ní fhéadfadh gan a fhocail fhileata dul i gcionn ar an té a thug cluais éisteachta dó.

Ar ndóigh bhí údar bróid i gceist mar ba í seo an chéad uair riamh a tionóladh an tOireachtais sa nGaeltacht ó athbhunaíodh an fhéile i 1939. Ach, bhí níos mó ná reachtáil féile náisiúnta i gceist leis seo, bhí aitheantas á thabhairt don ghluaiseacht bisiúil a bhí ag tógáil greim sa taobh seo tíre. Mar a deir Gearóid Ó Tuathaigh ina alt siúd sa leabhrán seo, b’ionainn Oireachtas 1974 agus léiriú ar “an bhféinmhuinín agus an meoin forásach a bhí cruthaithe ag gluaiseachtaí pobail sa Ghaeltacht. “

A lorg le feiscint
Maireann lorg bhur lámh. Tá Údarás na Gaeltachta, Raidió na Gaeltachta, TG4 agus a iliomad áiseanna agus seirbhísí eile mar thoradh ar na síolta a cuireadh sa tréimhse sin agus más mór an feabhas a tháinig ar shaol na ndaoine sna fiche bliain roimh theacht an Oireachtais is deacair a chreidiúint an t-athrú chun feabhais atá tagtha ar an gceantar le dhá scór bliain anuas. Údar ceiliúrtha é Oireachtas 1974 agus an méid atá bainte amach mar phobail Ghaeltachta ó shin.

Ach ar ndóigh ní féidir linn gan aird a thabhairt ar na hathaithe móra teanga atá tarlaithe, agus atá fós ag tarlú, sa gceantar seo faoi mar atá ag tarlú i mórán ‘chuile ceantar Ghaeltachta eile ar fud na tíre. Mar phobail Ghaeltachta ‘sí seachadadh na teanga ó ghlúin go glúin ceann de na dúshláin is mó atá os ár gcomhair anois. Thuig muid i gcónaí nach bhféadfadh na pobail Ghaeltachta maireachtáil gan infheistíocht agus fostaíocht. Tuigeann muid chomh maith go dteastaíonn níos mó ná sin le go mairfidh an Ghaeilge mar theanga phobail i sochaí an lae inniu.

Titfidh sé orainn féin, na pobail Ghaeltachta, cinntí a dhéanamh maidir le háit agus tábhacht na Gaeilge inár bpobail féin. Ní bheidh chuile dhuine ar aon intinn, is féidir a bheith cinnte faoi sin, ach is comhrá é a chaithfidh tarlú mura bhfuil sé ag tarlú cheana féin. Caithfidh an stát ceannaireacht a léiriú freisin agus a chuid féin a dhéanamh chun a chinntiú nach lagaítear an Ghaeilge sna ceantair Ghaeltachta thar mar atá sí lagaithe cheana féin. Tá roinnt a dheireann go bhfuil an cath caillte agus go bhfuil sé uilig ró-mhall. B’fhéidir é, ach ní aontaímse leo. Ach bíodh muid cinnte faoin méid seo, ní mhairfidh an Ghaeilge ar an dea-thoil amháin. Tógfaidh sé i bhfad níos mó ná sin.

Éileamh réasúnach
Bealach amháin gur féidir leis an Stát ceannaireacht a ghlacadh i leith na Gaeltachta ná a chinntiú go mbeidh Gaeilge ar a dtoill ag oifigigh stáit atá lonnaithe i gceantair Ghaeltachta nó a chuireann seirbhís ar fáil sna ceantair sin. Níl an éileamh seo mí réasúnach. Má ghlactar lena mhalairt an bhfuiltear ag tabhairt le fios gur trí Bhéarla amháin a chuirfear seirbhísí áirithe ar fáil do na pobail Ghaeltachta ? Mar is eol do chuid mhaith agaibh atá anseo anocht tá Acht na dTeangacha Oifigiúla á leasú i láthair na huaire agus tá súil agam go dtabharfar aird ar na hachainí a rinne mé os comhair Thithe an Oireachtais níos túisce i mbliana agus na leasaithe á ndréachtú. Níl sé ach cothrom go dtabharfaí cosaint mar is ceart don Ghaeilge sa Ghaeltacht i bpríomh reachtaíocht teanga na tíre seo.

Agus mé ag léamh an leabhráin seo, chuir mé spéis faoi leith in alt Sheosamh Uí Chuaig, alt dár teideal Toradh ar Fheachtas Cúig Bliana. Deir Seosamh sa chuid dheireanach dá alt “Luath nó mall tiocfaidh dream óg eile chun cinn i gConamara a mbeidh fís fhiúntach acu féin. Go mba seacht fearr a éireos leo an obair a thosaigh muide a thabhairt go ceann scríbe”. Sin é an dúshlán atá curtha romhainn. An bhfuil glúin óg eile ag teacht chun cinn atá sásta an ceannródaíocht a thabhairt a chuireas le saol na Gaeltachta? Mar céard í an Ghaeltacht gan ár dteanga ach ceantar eile i dtíreolaíocht na tíre seo. Níl an dara rogha ann. Caithfear an dá thráth a fhreastal. An Ghaeltacht a chur chun cinn go díograiseach ach an Ghaeilge a chur chun cinn leis an bhfuinneamh céanna.

Mar a dúirt mé ag an tús molaim go mór an leabhrán seo agus an obair uilig a bhain lena fhoilsiú. Tugann na hailt atá ann léargas ar an spleodracht a bhain le reáchtáil an Oireachtais i gceantar Chois Fharraige dhá scór bliain ó shin. Tugann sé pictiúr dúinn freisin den mhisneach a bhí ann go gcaithfeadh na daoine seasamh lena gcearta. Níl deireadh leis an obair sin go fóill.

A chairde gabhaim buíochas libh as teacht anseo d’ócáid na hoíche anocht agus fógraím anois go bhfuil an leabhrán Oireachtas Chois Fharraige 1974 – 2014 Comóradh an Dá Scór seolta!
Share/Save/Bookmark

12.9.14

€740,000 ceadaithe don scéim Chúntóirí Teanga!


D’fhógair an tAire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta, Joe McHugh T.D., go bhfuil deontas, ar fiú €740,000 in iomlán é, ceadaithe aige do Mhuintearas agus d'Oidhreacht Chorca Dhuibhne chun cur ar a gcumas Scéim na gCúntóirí Teanga a reáchtáil don scoilbhliain 2014/2015.

“Is céim shuntasach eile é seo i bhfeidhmiú an Chláir Tacaíochta Teaghlaigh,” a dúirt an tAire Stáit. “Nuair a seoladh an Clár sin i mí Aibreáin 2012, tagraíodh don tábhacht a bhí le cur chuige leasaithe chun tacú go praiticiúil le teaghlaigh Ghaeltachta a bhfuil a bpáistí á dtógáil acu le Gaeilge nó a dteastaíonn uathu a bpáistí a thógáil le Gaeilge. Mar gheall ar an gcúnamh atá á fhógairt inniu, beidh ar chumas an dá eagraíocht a riarann Scéim na gCúntóirí Teanga leanúint orthu ag tacú go gníomhach le caomhnú agus neartú na Gaeilge sa Ghaeltacht.”

Dúirt an tAire Stáit gur cúis sásaimh dó é go bhfuil an Roinn tar éis cur leis an scéim seo le blianta beaga anuas. "Nuair a cuireadh tús leis an scéim, bhí na cúntóirí ag díriú orthu siúd nach raibh an Ghaeilge ar a dtoil acu ach anois, cuidítear fosta le páistí a bhfuil an teanga acu cheana féin í a shaibhriú. Imríonn an scéim tionchar ar nósmhaireacht teanga na scoláirí agus cinntíonn sí go mbíonn an Ghaeilge in úsáid mar ghnáth-theanga chumarsáide, ní hamháin sa seomra ranga ach i gclós na scoile fosta."
Share/Save/Bookmark