19.9.14

An Coimsinéir Teanga ag seoladh leabharán #OnaG74 "Níl deireadh leis an obair sin go fóill."

Seo mar a labhair An Coimisinéir Teanga, Rónán Ó Domhnaill, ag seoladh Leabhrán Chomóradh an Dá Scór Oireachtas na Gaeilge 1974 i dTigh Ghiblin sa Spidéal ar an 18u Lá Meán Fomhair 2014!

A chairde, cuireann sé an-áthas orm a bheith anseo anocht i bhur láthair do sheoladh an leabhrán slachtmhar seo Oireachtas Chois Fharraige, 1974 – 2014 Comóradh an Dá Scór. Leabhrán é seo a thugann léargas ar an imeacht stairiúil a tionóladh sa taobh seo tíre dhá scór bliain ó shin. Mar iriseoir, nó iar-iriseoir anois, tuigim an dua agus an antró a bhaineann le hiris mar seo a chur i dtoll a chéile, agus tá ard-moladh tuillte ag Seosamh Ó Braonáin agus Donnacha Ó hEallaithe agus an coiste eagraithe ar fad dár ndóigh. Tréaslaím toradh bhur gcuid oibre libh.

Tabhacht an Oireachtais
Ba bhreá liom bheith in ann a rá go bhfuil cuimhní cinn agam féin ar an Oireachtas cáiliúil sin i gCois Fharraige i naoi déag seachtú ceathair ach ní féidir liom, tá mé i bhfad ró-óg dó sin ! Bhí mo thuismitheoirí ann ceart go leor...ach an chéad chuimhneamh atá agamsa ar Oireachtas na Gaeilge ná nuair a bhí sé ar an gCeathrú Rua i naoi déag ochtú trí. Bhí m’athair bainteach leis an bhféile sin agus fiú is go raibh mé óg ag an am, thuig mé agus ba léir dom an tábhacht a bhain le hOireachtas na Gaeilge a bheith ar súil sa nGaeltacht… go raibh lucht labhartha na Gaeilge as chuile chuid den tír tagtha le chéile chun ceiliúradh náisiúnta á dhéanamh ar na traidisiúin a bhain linne mar Ghaeil. Agus sin í ceann de bhuanna an Oireachtais; go gcruthaítear na ceangail sin idir pobal na Gaeilge agus pobal na Gaeltachta.

I rith na seachtaine seo caite bhí mé ag éisteacht le clár Mháirtín Tom Sheáinín ar Raidió na Gaeltachta agus an óráid a thug Joe Steve Ó Neachtain uaidh le linn dó a bheith ag oscailt Oireachtas Chois Fharraige i 1974. B’iontach an píosa cainte a rinne Joe, píosa cainte a tháinig óna chroí amach. Agus é ag cur fáilte roimh mhuintir na Éireann chuig Cois Fharraige, ceantar mar a dúirt sé féin a raibh “rútaí aibí na teangan Gaeilge”, bhí a bhród sa gceantar, muintir an cheantair agus gach ar bhain leo, le brath ina ghlór. Ní fhéadfadh gan a fhocail fhileata dul i gcionn ar an té a thug cluais éisteachta dó.

Ar ndóigh bhí údar bróid i gceist mar ba í seo an chéad uair riamh a tionóladh an tOireachtais sa nGaeltacht ó athbhunaíodh an fhéile i 1939. Ach, bhí níos mó ná reachtáil féile náisiúnta i gceist leis seo, bhí aitheantas á thabhairt don ghluaiseacht bisiúil a bhí ag tógáil greim sa taobh seo tíre. Mar a deir Gearóid Ó Tuathaigh ina alt siúd sa leabhrán seo, b’ionainn Oireachtas 1974 agus léiriú ar “an bhféinmhuinín agus an meoin forásach a bhí cruthaithe ag gluaiseachtaí pobail sa Ghaeltacht. “

A lorg le feiscint
Maireann lorg bhur lámh. Tá Údarás na Gaeltachta, Raidió na Gaeltachta, TG4 agus a iliomad áiseanna agus seirbhísí eile mar thoradh ar na síolta a cuireadh sa tréimhse sin agus más mór an feabhas a tháinig ar shaol na ndaoine sna fiche bliain roimh theacht an Oireachtais is deacair a chreidiúint an t-athrú chun feabhais atá tagtha ar an gceantar le dhá scór bliain anuas. Údar ceiliúrtha é Oireachtas 1974 agus an méid atá bainte amach mar phobail Ghaeltachta ó shin.

Ach ar ndóigh ní féidir linn gan aird a thabhairt ar na hathaithe móra teanga atá tarlaithe, agus atá fós ag tarlú, sa gceantar seo faoi mar atá ag tarlú i mórán ‘chuile ceantar Ghaeltachta eile ar fud na tíre. Mar phobail Ghaeltachta ‘sí seachadadh na teanga ó ghlúin go glúin ceann de na dúshláin is mó atá os ár gcomhair anois. Thuig muid i gcónaí nach bhféadfadh na pobail Ghaeltachta maireachtáil gan infheistíocht agus fostaíocht. Tuigeann muid chomh maith go dteastaíonn níos mó ná sin le go mairfidh an Ghaeilge mar theanga phobail i sochaí an lae inniu.

Titfidh sé orainn féin, na pobail Ghaeltachta, cinntí a dhéanamh maidir le háit agus tábhacht na Gaeilge inár bpobail féin. Ní bheidh chuile dhuine ar aon intinn, is féidir a bheith cinnte faoi sin, ach is comhrá é a chaithfidh tarlú mura bhfuil sé ag tarlú cheana féin. Caithfidh an stát ceannaireacht a léiriú freisin agus a chuid féin a dhéanamh chun a chinntiú nach lagaítear an Ghaeilge sna ceantair Ghaeltachta thar mar atá sí lagaithe cheana féin. Tá roinnt a dheireann go bhfuil an cath caillte agus go bhfuil sé uilig ró-mhall. B’fhéidir é, ach ní aontaímse leo. Ach bíodh muid cinnte faoin méid seo, ní mhairfidh an Ghaeilge ar an dea-thoil amháin. Tógfaidh sé i bhfad níos mó ná sin.

Éileamh réasúnach
Bealach amháin gur féidir leis an Stát ceannaireacht a ghlacadh i leith na Gaeltachta ná a chinntiú go mbeidh Gaeilge ar a dtoill ag oifigigh stáit atá lonnaithe i gceantair Ghaeltachta nó a chuireann seirbhís ar fáil sna ceantair sin. Níl an éileamh seo mí réasúnach. Má ghlactar lena mhalairt an bhfuiltear ag tabhairt le fios gur trí Bhéarla amháin a chuirfear seirbhísí áirithe ar fáil do na pobail Ghaeltachta ? Mar is eol do chuid mhaith agaibh atá anseo anocht tá Acht na dTeangacha Oifigiúla á leasú i láthair na huaire agus tá súil agam go dtabharfar aird ar na hachainí a rinne mé os comhair Thithe an Oireachtais níos túisce i mbliana agus na leasaithe á ndréachtú. Níl sé ach cothrom go dtabharfaí cosaint mar is ceart don Ghaeilge sa Ghaeltacht i bpríomh reachtaíocht teanga na tíre seo.

Agus mé ag léamh an leabhráin seo, chuir mé spéis faoi leith in alt Sheosamh Uí Chuaig, alt dár teideal Toradh ar Fheachtas Cúig Bliana. Deir Seosamh sa chuid dheireanach dá alt “Luath nó mall tiocfaidh dream óg eile chun cinn i gConamara a mbeidh fís fhiúntach acu féin. Go mba seacht fearr a éireos leo an obair a thosaigh muide a thabhairt go ceann scríbe”. Sin é an dúshlán atá curtha romhainn. An bhfuil glúin óg eile ag teacht chun cinn atá sásta an ceannródaíocht a thabhairt a chuireas le saol na Gaeltachta? Mar céard í an Ghaeltacht gan ár dteanga ach ceantar eile i dtíreolaíocht na tíre seo. Níl an dara rogha ann. Caithfear an dá thráth a fhreastal. An Ghaeltacht a chur chun cinn go díograiseach ach an Ghaeilge a chur chun cinn leis an bhfuinneamh céanna.

Mar a dúirt mé ag an tús molaim go mór an leabhrán seo agus an obair uilig a bhain lena fhoilsiú. Tugann na hailt atá ann léargas ar an spleodracht a bhain le reáchtáil an Oireachtais i gceantar Chois Fharraige dhá scór bliain ó shin. Tugann sé pictiúr dúinn freisin den mhisneach a bhí ann go gcaithfeadh na daoine seasamh lena gcearta. Níl deireadh leis an obair sin go fóill.

A chairde gabhaim buíochas libh as teacht anseo d’ócáid na hoíche anocht agus fógraím anois go bhfuil an leabhrán Oireachtas Chois Fharraige 1974 – 2014 Comóradh an Dá Scór seolta!
Share/Save/Bookmark

No comments:

Post a Comment