17.7.13

Todhcaí na Gaeilge á bplé

Plé agus amchlár nochtaithe tár éis cinneadh an CATT.

Tionóladh cruinniú idir ionadaithe Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge, Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge ar an Luain, (15/7/2013) i mBaile Átha Cliath.

I láthair an chruinnithe thar ceann Fhoras na Gaeilge bhí Seán Ó Coinn, Éamonn Ó hArgáin, Gearóid Trimble, Seosamh Ó Coinne.
I láthair an chruinnithe thar ceann Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge, bhí Kevin De Barra agus Ferdia Ó Mongáin.
I láthair an chruinnithe thar ceann Chonradh na Gaeilge bhí Donnchadh Ó hAodha agus Julian de Spáinn.

Cuireadh tús leis an gcruinniú le huasdátú ar staid reatha an mhúnla nua maoinithe. Cuireadh in iúl gur fhógair An Chomhaire Aireachta Thuaidh Theas (CATT) (Béarla) múnla nua maoinithe ar an gCéadaoin 10 Iúil 2013, agus go bhfuil beartaithe anois, bunaithe ar mhúnla nua maoinithe curtha chun cinn ag Foras na Gaeilge le bliain anuas, go mbeidh na tosaíochtaí straitéiseacha a leanas á seachadadh ag 6 eagras ceannais a bheidh ag feidhmiú ar bhonn uile-oileáin

  • 1. Gaeloideachas/Tumoideachas agus Réamhscolaíocht Lán-Ghaeilge
  • 2. Oideachas in earnáil an Bhéarla, agus d’aosaigh agus deiseanna úsáide do dhaltaí scoile
  • 3. Forbairt Phobail agus Eacnamaíóchta
  • 4. Deiseanna a thacaíonn le hÚsáid na Gaeilge agus le bunú Gréásan
  • 5. Ardú Feasachta, Cosaint Teanga agus Ionadaíócht
  • 6. Forbairt Deiseanna Úsáidte Gaeilge agus Gréasáin do Dhaoine Óga

Mar aon leis na réimsí luaite a chuirfear chun cinn faoin bpróiseas nua, bunófar córas nua maoinithe do raidió pobail ó Thuaidh agus ó Dheas trí scéim raidió pobail a fhorbairt. Leanfar freisin le maoiniú a chur ar fáil do sholáthar áiseanna tríd an Áisaonad Lán-Ghaeilge atá lonnaithe i gColáiste Ollscoile Naomh Muire, Béal Feirste.

• Is fiú léamh é:  Samhail gan clann le Gaeilge (An Tuairisceoir, 17/7/2013)

Cuireadh in iúl gurb é cuspóir an chruinnithe deis a thabhairt d’eagraíochtaí a gceisteanna a ardú, agus na ceisteanna sin a fhreagairt dá bhféadfaí.


Le linn an chruinnithe tugadh na sonraí seo le fios:
• Beidh an sé (6) cheann eagrais páirteach mar bhaill san Fhóram Comhpháirtíochta, mar aon le comhairleoir sa Phleanáil Teanga. Beidh ionadaí ó Ardbhainistíocht Fhoras na Gaeilge mar Chathaoirleach ar an bhFóram seo. Beidh an Cathaoirleach ar an bhFóram Forbartha Teanga ina b(h)all den Fhóram Comhpháirtíochta. Ceapfar éascaitheoir sa Phleanáil Straitéiseach ar an bhFóram seo chun tacaíocht a sholáthar ag tús na tréimhse úire. Déanfaidh An Fóram Comhpháirtíochta comhordú ar obair na hearnála.

• Bunófar Fóram Forbartha Teanga chun deis a thabhairt don phobal aischothú a thabhairt do na heagraíochtaí ar obair na n-eagraíochtaí agus ar obair na Gaeilge trí chéile. Cuireadh in iúl go mbeidh “méid áirithe neamhspleáchais” ag an bhFóram Forbartha Teanga. Ceapfaidh Foras na Gaeilge cathaoirleach neamhspleách ar an bhFóram, nach fostaí é/í de chuid an Fhorais. Beidh Cathaoirleach an Fhóraim Forbartha Teanga mar bhall den Fhóram Chomhpháirtíochta. Níl sé cinnte go fóill an cathaoirligh dheonacha ó choistí pobail, nó fostaithe de chuid na ngrúpaí sin a bheidh ina mbaill den Fhóram Forbartha Teanga.

• Beidh Foras na Gaeilge ag súil go mbeidh na heagrais cheannais in ann na réimsí a bhfuil siad bainteach leo a thabhairt chun cinn agus go bhforbrófaí saineolas sa réimse.

• Cuirfear maoiniú ar fáil do na ceann eagrais ar bhonn fadtréimhseach idir 3-5 bliain, bunaithe ar iarratais.

• Beidh gach eagraíocht ceannais ag obair ar bhonn uile-oileáin.

• Ní bheidh cead ag na ceann eagrais aon chuid den deontas a thairmligean ar aon eagraíocht eile. Beidh gach fostaí faoi gach réimse ina f(h)ostaí bailí den ceann eagrais.

• Beidh socraithe le déanamh ag eagrais chun a chinntiú gur féidir leo na seirbhísí uile faoin réimse a sholáthar.

• Beidh údarás ag na ceann eagrais as a ngnó féin agus is iad a bheidh mar fhostóir ar a gcuid fostaithe.

• Pléadh ceisteanna iomarcaíochta agus tuairiscíodh go raibh comhairle dlí lorgtha ag Foras na Gaeilge ar an dá thaobh den teorann agus soiléiríodh nach bhfuil aon dliteanas ar Fhoras na Gaeilge i ndáil le híocaíochtaí iomarcaíochta na n-eagras.

• Tagraíodh don agallamh raidió le Príomhfheidhmeannach an Fhorais inar luadh go raibh 18 bpost le cailleadh ón earnáil. Cuireadh in iúl go bhfuil breis agus 80 post maoinithe ag Foras na Gaeilge sna heagrais bhunmhaoinithe, agus nach bhfuil sé oibrithe amach go fóill cé mhéad post atá le cailleadh.

• Cuireadh in iúl gur isteach agus amach le €6M a bheith ar fáil go bliantúil mar mhaoiniú do na ceann eagrais.

Leagadh amach an amlíne a leanas i dtaobh an mhúnla nua maoinithe.



Dáta
(Sealadach)

Gníomh
Deireadh Mí Lúnasa/
Tús Mhí Mheán Fómhair

Eiseofar fógra poiblí ag lorg léirithe spéise i leith na 6 tosaíocht straitéiseacha.
Mí Dheireadh Fómhair
Cuirfear liosta le chéile de na heagrais a léirigh spéis, agus a chomhlíon na critéir a foilsíodh do na tosaíochtaí straitéiseacha. Iarrfar ar na heagrais seo aighneacht chuimsitheach a chur ar fáil d’Fhoras na Gaeilge maidir lena ról mar cheann eagrais.
Deireadh Fómhair
Ceapfar comhairleoir sa bhainistíocht um athruithe agus beidh seirbhísí an chomhairleora seo ar fáil do na heagrais uile
Mí na Samhna
Déanfaidh Foras na Gaeilge measúnú ar na haighneachtaí
Deireadh Mhí na Samhna/Tús Nollag
Bunaithe ar an aighneacht, tabharfar an deis do Chathaoirligh agus Príomhfheidhmeannaigh na n-eagras freastal ar agallamh
13 Nollaig
2013

Roghnóidh Bord Fhoras na Gaeilge na ceann eagrais.


Deireadh Nollag/Tús Eanáir
Fógrófar cinneadh an Bhoird.
Go luath i
2014

Bunófar an Fóram Comhpháirtíochta agus An Fóram Forbartha Teanga agus cuirfear tús le cruinnithe
1 Iúil
2014

Tiocfaidh deireadh le maoiniú na n-eagras nach ceann eagrais iad.
Meán Fómhair 2014
Iarrfar ar na ceann eagrais iarratas maoinithe a chur i dtoll a chéile do thréimhse ar leith, nach lú ná dhá bhliain

Le linn na tréimhse a luaitear thuas beidh gairm ar iarratais mhaoinithe ó na 19 n-eagraíocht don tréimhse 6 mhí, Eanáir – Iúil 2014
Share/Save/Bookmark

No comments:

Post a Comment