17.2.14

Litir Mhicil chuig an Taoiseach!

Léadh an litir seo ag Lá Mór na Gaeilge ar an 15ú lá Feabhra 2014 ós comhair Teach Laighean, an áit in a bhíonn an Dáil agus an Seanad ina suí.

Bhí níos mó ná sé mile (deireann daoine eile gur timpeall 10míle a bhí ann, cá bhfios!) ag éisteacht go ciúin an fhaid is a bhí máthair an bhuachail óg á léamh, agus is beag ná go raibh cor duine ag caoineadh nó gearr de, tá fhios agam go raibh an blagóir seo ina measc!

Micil é féin!
Chuir an litir dán a scríobh an t-Ath Pádraig Ó Fiannachta faoi bhás a dhreathair fadó, dán dá mháthair. Nuair a bhí mé ag lorg cóip den litir luaigh mé seo. Fuair mé freagra nach raibh mé ag súil leis. "Is col seisear dom' athair é an tAth Ó Fiannachta agus aithne mhaith againn air," a dúirt máthair Mhicil agus dúirt gurb é a bhí mar sagart nuair a phós siad! Lean sí, "...is minic a d'inis sé scéal a dheartháirin duinn ach ní raibh fhios agam go dtí go raibh Micil sin againne bliain go leith d'aois gur Micilín a bhí ar a dheartháir chomh maith.

"Chas an bheirt (Pádraig Ó Fiannachta agus Micil) le chéile don gcéad uair ag an Oireachtas i mbliana agus bhí an-uaigneas air."

Tá an dán curtha ar thaobh an litir agam mar tá an poinnte céanna á dhéanam sa dán is atá sa litir!

An Gleann Mór
An Cheathrú Rua
Co na Gaillimhe
15 Feabhra 2014

A Thaoisigh, a chara
Bail ó Dhia ort,

Gasúr beag trí bliana d’aois mise agus níl aon aithne agat orm. Feicim thú ar an teilifís agus tuigim gur tú atá i gceannas na tíre. Cineáilín cosúil le Fionn Mac Cumhaill, a bhíonn sna scéalta a léann mo dheaide dom chuile oíche.

Is maith liomsa Fionn Mac Cumhaill. Bhí sé láidir. Agus cróga.

Tá mé i mo chónaí in áit ar a dtugtar an Cheathrú Rua. Tá sí sa nGaeltacht. Tá mé ag ceapadh go bhfuil baint aige sin leis an gcaoi a mbíonn muid ag caint. Cloisim mo mháma ag labhairt faoin gcineál cainte seo. An Ghaeilge a thugann sí uirthi.

Mo mháthair ag léamh an litir ós ard ag Lá Mór na Gaeilge

Do Mháire Ní Fhiannachta

Bhí deartháirín agam tráth 
Ach sciob an bás é, 
Agus mise i gcoláiste. 
Ghlaoigh sé ar a mháthair 
Agus eisean i bpianpháis; 
Deoch ‘on uisce lena shásamh 
Ina íota géar a cháiseamh.

"Looking for his duck!" 
A bhí sé dar leis na húdaráis 
Ag tabhairt tuairisc’ ar a bhás 
Dá mháthair larna mhárach ...

An bhearna i mo chroí-se 
Riamh ó shin níor líonadh

Go bhfaca romham ar bhinse 
Máirín Óg Ní Fhiannachta 
Den dara glúin im dhiaidhse 
Is an gaol eadrainn chomh sínte 
Nach bhfuil aon seanchaí a ríomhadh 
Na glúinte trínar síoladh 
An mianach ceannann céanna 
Is an Ghaeilge aici chomh líofa 
Le Micilín i gclúid mo chroí-se.
Pádraigh Ó Fiannachta  Deora Dé (1987)
Tuigim go bhfuil cineál cainte eile ann freisin. Cloisim í scaití. Níl fhios agam céard a bhíonn á rá ag na daoine seo. Ach beidh a fhios agam lá éicint. Sin a deir mo dheaide liom.

Bhí an dochtúir speisialta ag breathnú ar mo chuid súilíní san ionad sláinte. Bhí faitíos orm. Níor thuig mé céard a bhí á rá aici. Níor thuig sise mise ach an oiread. Ach bhí máma in éindí liom. Agus bíonn chuile short togha nuair a bhíonn máma in éindí liom.

Tá cara mór agamsa. Deir mo mhama liom go bhfuil riachtanais speisialta aige, cibé céard é sin. Tá a mhama an-mhór le mo mhama féin. Chuala mé ag caint iad sa gcisteanach an lá cheana. Bhí sí ag rá gur dhúradh léi an cineál cainte eile a labhairt leis. An Béarla. Mar ní bheadh aon chúnamh ar fáil dó i nGaeilge.

B’shin an chéad uair a chonaic mé daoine móra ag caoineadh.

Tá cara eile agam.Is mór an spórt í! Ach dúirt an múinteoir scoile lena máma nach raibh sí ag déanamh go maith ar scoil, mar nach raibh aici ach an Ghaeilge.

Is fada liom go mbeidh mise ag dul ar scoil. Ó nach agam a bheas an spraoi!

Ach chuala mé máma ag rá le deaide nach bhfuil ‘an córas oideachais ag freastal ar riachtanais na gcainteoirí dúchais’. Céard a chiallaíonn sé seo a Thaoisigh?

Cloisim mo mháma ag rá freisin go bhfuil ‘mo chearta teanga á séanadh’.Shílfeá gur uafásach an rud é seo mar go gcuireann sé as go mór do mo mhama. Agus ní maith liom é sin.

Chuala mé túag caint ar an raidió Dé Céadaoin. Dúirt tú gur mhaith leat castáil le muintir na Gaeltachta le go n-inseodh siad duit faoi na fadhbanna a bhaineann leis an gcineál cainte seo. An Ghaeilge.

Ba mhaith liomsa castáil leatsa.

Níl ionam ach gasúr ach tabharfaidh mé liom mo mháma agus mo dheaide.

Freagra chuig Mr (sic) Micil Mac Donncha
 ó Oifig an Taoisigh!
Sheas Fionn leis na Fianna agus thug sé aire dóibh. Bhí sé láidir. Agus cróga.

Seasfaidh tusa liomsa a Thaoisigh, nach seasfaidh?

Agus tabharfaidh tú aire dom, mar a thug Fionn Mac Cumhaill do na Fianna. Nach dtabharfaidh?

Slán agus beannacht,




Micil Mac Donncha, 
3 bliana d’aois, 
An Cheathrú Rua.

Share/Save/Bookmark

No comments:

Post a Comment