17.4.14

Tuairisc an Choimisinéara Teanga 2013!


English
D’fhoilsigh an Coimisinéir Teanga, Rónán Ó Domhnaill, Tuarascáil Bhliantúil 2013 Oifig an Choimisinéara Teanga ar maidin (17 Aibreán 2014).

Is í seo an deichiú tuarascáil bhliantúil atá foilsithe ag an Oifig. Sna deich mbliana atá caite ó bunaíodh Oifig an Choimisinéara Teanga rinneadh os cionn sé mhíle gearán leis an Oifig maidir le cearta teanga. Bhain 23% de na gearáin le Ranna agus Oifigí Rialtais, 32% le h-údaráis áitiúla agus an chuid eile le réimse leathan eagraíochtaí stáit.

Agus é ag foilsiú Thuarascáil Bhliantúil 2013, dúirt Rónán Ó Domhnaill: “Is léir go bhfuil go leor bainte amach ag Oifig an Choimisinéara Teanga le deich mbliana anuas maidir le cearta teanga lucht labhartha na Gaeilge a chosaint. Sa chomhthéacs sin cuirim fáilte mhór roimh chinneadh an Rialtais le deireanaí gan leanúint leis an bplean Oifig an Choimisinéara Teanga a chónascadh le hOifig an Ombudsman − cinneadh a chosnaíonn neamhspleáchas na hOifige.

"Tá áthas orm freisin a rá go mbeidh post mar Stiúrthóir, Oifig an Choimisinéara Teanga, ag grád Príomhoifigigh sa Státseirbhís, le fógairt go gairid. Cuideoidh an ceapachán seo go mór le cur i bhfeidhm aidhmeanna na hOifige sna blianta amach romhainn."

Seán Ó Cuirreáin
Thug Rónán Ó Domhnaill aitheantas freisin don mhéid atá bainte amach ag údar na Tuarascála agus céad Choimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin, i gcruthú spás don Ghaeilge i ndioscúrsa poiblí na tíre seo agus ag tabhairt cosaint do chearta teanga an phobail.

Gearáin agus imscrúduithe
Le linn na bliana 2013, phléigh Oifig an Choimisinéara Teanga le 775 cás i dtaca le deacrachtaí nó fadhbanna le seirbhísí stáit á fháil trí Ghaeilge. Fuarthas comhréiteach ar fhormhór mór na gcásanna sin trí idirbheartaíocht neamhfhoirmiúil leis an gcomhlacht poiblí cuí nó trí chomhairle a chur ar fáil do ghearánaigh.

Pléadh le 13 cinn d’imscrúduithe foirmiúla le linn na bliana 2013 agus rinneadh an cinneadh gur sáraíodh gnéithe ar leith den reachtaíocht teanga i gcás eagraíochtaí áirithe. Bhain péire de na himscrúduithe sin leis an Roinn Oideachais agus Scileanna agus teagasc trí Ghaeilge sa Ghaeltacht.

Scéimeanna teanga
Bhí 98 scéim teanga (pleananna reachtúla teanga) a chuimsigh 184 comhlacht poiblí daingnithe faoi dheireadh 2013 ach bhí 72 de na 98 scéim teanga sin imithe in éag faoi dheireadh na bliana sin. I gcás na n-údarás áitiúil bhí 94% de na scéimeanna  teanga imithe in éag.

Tá an leagan pdf den tuairisc le fáil anseo ar Shuíomh an Choimisinéara!

• Tuairisc le breis eolais i mBula, Tuarascáil an Choimisinéara Teanga 2013 foilsithe! (17/4/2014)
Share/Save/Bookmark

No comments:

Post a Comment