26.4.21

"Tá ár gcroithe briste! "


Tá tuarascáil faoin líon íseal Gardaí le Gaeilge sa Ghaeltacht* curtha faoi bhráid Thithe an Oireachtais ag an gCoimisinéir Teanga.

‘Déanfaidh Coimisinéir an Gharda Síochána, a mhéid is indéanta, a chinntiú go mbeidh comhaltaí den Gharda Síochána a bheidh ar stáisiún i ndúiche ina bhfuil limistéar Gaeltachta inniúil go leor sa Ghaeilge chun a chumasú dóibh í a úsáid go saoráideach le linn dóibh a ndualgais a chomhall.’  
Alt 33(2) d’Acht an Gharda Síochána (2005).
"Is ríléir anois nach bhfuil moltaí an imscrúdaithe curtha i bhfeidhm ag an nGarda Síochána. Tá líon na nGardaí ar dualgas sa Ghaeltacht a bhfuil Gaeilge acu i bhfad ró-íseal agus tá sárú á dhéanamh ar Acht an Gharda Síochána dá bharr. Ba dheacair a áitiú nach bhfuil achar réasúnta ama caite ó rinneadh moltaí in imscrúdú in 2011. Is ar Thithe an Oireachtais a thiteann sé anois aon chéimeanna breise a thógáil, má mheastar gur cuí sin a dhéanamh," a dúirt  an Coimisinéir Teanga,  Rónán Ó Domhnaill. "Tá ár gcroithe briste" a dúirt se ar Adhmhaidin (RnaG 26 Aibreáin 2021), ag iarraidh a chur ina luí ar an Garda Síochána go mbeadh Gaeilge ag Gardaí sa nGaeltacht.

Socraíodh ar thuarascáil a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas de bharr nach bhfuil moltaí imscrúdaithe a rinneadh in 2011 curtha i bhfeidhm ag an nGarda Síochána agus nárbh fhéidir leis an gCoimisinéir Teanga aon chéim bhreise a ghlacadh chun a chur ina luí ar an nGarda Síochána an méid sin a dhéanamh.

Tá dualgas reachtúil ar Choimisinéir an Gharda Síochána, a mhéid is indéanta, a chinntiú gur comhaltaí den fhórsa atá líofa sa Ghaeilge a chuirtear ar dualgas i ndúiche ina bhfuil limistéar Gaeltachta.

Léirigh an t-imscrúdú a tugadh chun críche i mí na Nollag 2011 nár chomhlíon an Garda Síochána a ndualgais reachtúla teanga comhaltaí den fhórsa atá inniúil go leor sa Ghaeilge a chur ar dualgas i nGaeltacht Dhún na nGall.

Rinneadh moladh sonrach in imscrúdú 2011 go bhfiosródh an Garda Síochána an soláthar foirne ar fud na Gaeltachta lena chinntiú go rabhthas ag comhlíonadh na ndualgas reachtúil teanga atá leagtha ar an nGarda Síochána in Acht an Gharda Síochána, 2005 agus Scéim Teanga an Gharda Síochána, 2009-2012.

Fuarthas amach mar thoradh ar phróiseas faireacháin nach bhfuil ach 35 Garda le Gaeilge as 95 Garda ina iomláine atá lonnaithe i stáisiúin Ghaeltachta. Seo de réir chóras féinmheasúnaithe an Gharda Síochána féin.

*Tuarascáil faoi fho-alt 26(5) d’Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003do Thithe an Oireachtais (Leabharlann an Oireachtais)

 @gardainfo @ceartateanga @OireachtasNews @DeptJusticeIRL


Share/Save/Bookmark

No comments:

Post a Comment