"Tá ról ceannaireachta, dá bhrí sin aitheanta ag an Stát dó féin maidir le cur ar chumas daoine ‘nuachainteoirí’ a dhéanamh díobh féin agus tacú leo ina dhiaidh sin, feidhm a bhaint as an teanga ina ngnóthaí agus ina saol."
Extracts from this address may be found in English here.
An English Language version of the Report on Foras na Gaeilge Site .
Cúntas san Irish Times (9/11/2015)
Sheol an Coimisinéir Teanga, Rónán Ó Domhnaill, Tuarascáil Taighde ar Nuachainteoirí na Gaeilge, a d’ullmhaigh an Dr. John Walsh, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, An tOllamh Bernadette O’Rourke, Ollscoil Heriot-Watt, Dún Éideann, agus an Dr. Hugh Rowland, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, d’Fhoras na Gaeilge ag Oireachtas na Samhna i mBaile Átha Cliath.An English Language version of the Report on Foras na Gaeilge Site .
Cúntas san Irish Times (9/11/2015)
Pic ó chúntas @cnag ar twitter. |
Tá mé fíor-shásta gur iarr údair an staidéir taighde seo orm an tuarascáil seo a sheoladh. Níl ceist ar bith faoi thábhacht an taighde seo ná faoi thábhacht agus riachtanas an chineáil seo taighde. Chuireann siad inar láthair catagóir cainteora teanga – na ‘nuachainteoirí’ - iad siúd a labhraíonn an Ghaeilge go rialta agus gur chuid lárnach dá bhféiniúlacht í ach nár shealbhaigh an Ghaeilge mar chéadtheanga i dtimpeallacht thraidisiúnta Ghaeltachta ach a d’fhoghlaim an teanga nó a d’fhorbair a gcumas teanga agus a gcleachtais teanga i mbealaigh níos coimpléascaí. Nuachainteoirí agus Beartas Athbheochana Ba bheartas athbheochana é beartas Gaeilge an stáit ón uair a bunaíodh é. I dtéarmaí simplí, bhíothas chun an Ghaeilge a mhúineadh do shaoránaigh ionas go go labhróidís í. Bhraith go leor de phobal na Gaeilge gur tháinig lagú ar dhiongbháilteacht an Stáit sa tionscnamh athbheochana le himeacht ama agus go rabhthas ag cúlú ón mbeartas sin. Bhraith daoine, b’fhéidir, gur fágadh ar an trá fholamh iad agus, mar a dúirt an tOllamh Ó Murchú, gur ‘leas príobháideach, roghnach, anois í, agus is ar éigean gur leas poiblí feasta í a mbraitear dualgas gníomhach a bheith ar an Stát ina leith’ Athdhearbhaíodh sa Ráiteas i leith na Gaeilge i 2006 agus arís sa Straitéis Fiche Bliain don Ghaeilge i 2010 gurb é beartas an Stáit cur le líon na gcainteoirí Gaeilge agus le húsáid na Gaeilge i saol na sochaí. Tá ról ceannaireachta, dá bhrí sin aitheanta ag an Stát dó féin maidir le cur ar chumas daoine ‘nuachainteoirí’ a dhéanamh díobh féin agus tacú leo ina dhiaidh sin, feidhm a bhaint as an teanga ina ngnóthaí agus ina saol. Ní fhéadfadh aon rud a bheith níos ábhartha, dá bhrí sin, don tionscnamh teanga, ná an spléachadh a thugann an taighde seo ar chúlra sochtheangeolaíoch na nuachainteoirí, ar a gcleachtais teanga agus ar a bhféiniúlachtaí nó idé-eolaíochtaí. Má táthar chun tacú leis an aicme thábhachtach seo den phobal teanga (móramh an phobail sin, b’fhéidir), caithfear léargas a fháil ar a ndearcadh, a gcuid riachtanas agus ar an inspreagadh atá á múscailt. Muda Cuireann siad inár láthair an téarma Muda ón gCatalóinis. Is éard atá sa Muda nó sna Mudes ná athrú cinniúnach i saol nó i dtaithí an duine a mhúsclaíonn iad chun an Ghaeilge a ghacadh chucu féin agus a labhairt go gníomhach. Cíortar sa staidéar seo na cúinsí agus na tarlúintí is coitianta a luaigh na faisnéiseoirí féin. Ar ndóigh as an 1.7 milliúin duine a thuairisc sa daonáireamh i 2011 go raibh Gaeilge acu, níor labhair ach céatadán beag díobh an teanga ar bhonn ghníomhach. Admhaímis go rabhthas beagán soineanta, b’fhéidir, le linn blianta tosaigh an Stáit, má bhíothas ag súil go labhródh mórán den phobal an teanga ina ghnáthshaol ar a shon sin amháin gur fhoghlaimaíodar ar scoil í ach ná déanfaimis beag is fiú den méid a baineadh amach trí an Ghaeilge a mhúineadh sa gcóras scolaíochta. Le coincheap an Muda, táthar ag scrúdú na n-athróg i saol agus i dtaithí an duine a ardaíonn an dóchúlacht go músclófar iad chun ról níos suntasaí a thabhairt don Ghaeilge ina saol. Feictear dom gur rud cinniúnach é seo má tá rath le bheith ar aon bheartas a bhfuil de chuspóir aige líon na gcainteoirí gníomhach a mhéadú. Feidhm Chumarsáide Is dúshlán don nuachainteoir i gcónaí feidhm don Ghaeilge mar urlabhra a chruthú ina shaol. Is díol spéise mar shampla go luaitear cainteoirí seachtainiúla Gaeilge i measc na gcainteoirí gníomhacha. D’fhéadfadh an Ghaeilge a bheith lárnach d’fhéiniúlacht an duine, nach mbíonn deis acu í a labhairt go laethúil sa saol nó san áit ar fhág an chinniúint iad. Chun feidhm a thabhairt don teanga, caithfear na gréasáin shóisialta agus na háiseanna i réimsí eile den saol a chruthú agus a chothú. Tagraítear freisin do “spásanna sábháilte”- fearainn nó diméin teanga ina féidir an Ghaeilge a úsáid.
"...tá sé deacair a mheas go réalaíoch cén t-éileamh atá ann do sheirbhís nach bhfuil á cur ar fáil, nó mura a bhfuil an tseirbhís i nGaeilge chomh maith céanna, chomh héifeachtach chéanna agus fáil uirthi chomh heasca céanna leis an tseirbhís i mBéarla...
Maidir le mo chúram reachtúil féin, ná déanfaimis dearmad gurb é cuspóir an Acht na dTeangacha Oifigiúla ná úsáid na Gaeilge sa saol poiblí a mhéadú. Is minic go ndeir lucht na n-eagraíochtaí stáit nach bhfuil mórán éilimh ar sheirbhísí as Gaeilge. Ar an gcéad dul síos, tá sé deacair a mheas go réalaíoch cén t-éileamh atá ann do sheirbhís nach bhfuil á cur ar fáil, nó mura a bhfuil an tseirbhís i nGaeilge chomh maith céanna, chomh héifeachtach chéanna agus fáil uirthi chomh heasca céanna leis an tseirbhís i mBéarla. Thagair faisnéiseoirí sa taighde don anró agus don troid a bhíonn i gceist seirbhísí a iarraidh ón Stát i nGaeilge agus don leisce a bhíonn orthu féin an tseirbhís sin a iarraidh mura féidir teacht uirthi go héasca. Ach déarfainnse, chomh maith, mura bhfuil éileamh ar sheirbhísí i nGaeilge, tá dlite ar an Stát ról ceannaireachta a ghlacadh agus an t-éileamh sin a ghríosadh de réir aidhmeanna agus beartas Gaeilge an Stáit. Níl an Stát neodrach sna cúinsí sin....mura bhfuil éileamh ar sheirbhísí i nGaeilge, tá dlite ar an Stát ról ceannaireachta a ghlacadh agus an t-éileamh sin a ghríosadh de réir aidhmeanna agus beartas Gaeilge an Stáit. Níl an Stát neodrach sna cúinsí sin." Gaeltacht / IarGhaeltacht Chuireann an taighde seo fainic orainn gan a bheith ag smaoineamh ar an nGaeltacht agus ar Phobal na Gaeilge lasmuigh den Ghaeltacht i dtéarmaí déscaradh ró-shimplí, cuirim i gcás - an té a shealbhaíonn an Ghaeilge mar chéad theanga sa nGaeltacht i gcodarsnacht leis an té a fhoghlaimíonn í mar dhara teanga. Bhí faisnéiseoirí sa taighde seo a tógadh le Béarla sa nGaeltacht agus le Gaeilge lasmuigh den Ghaeltacht. Is bunfhíric anois í nach bhfuil aon duine nó chomhluadar slán ó illáithreacht an Bhéarla sa saol comhaimseartha. Is cruinne, sílim, smaoineamh ar speictream nó cointeanóid seachas déscaradh nuair atáthar ag trácht ar chumas teanga, modh a sealbhaithe nó a foghlama agus ról na Gaeilge i gcleachtais teanga.
"...Ní bheidh aon rath orainn mar phobal teanga mura mbíonn an meas, an bhailíocht agus an dlisteanacht á tabhairt gan ceist ar chuile chainteoir Gaeilge gan beann ar a chúlra, a chanúint ná a chumas..."
Ní bheidh aon rath orainn mar phobal teanga mura mbíonn an meas, an bhailíocht agus an dlisteanacht á tabhairt gan ceist ar chuile chainteoir Gaeilge gan beann ar a chúlra, a chanúint ná a chumas.Tá difríochtaí ann idir an saol a chaitheann duine i ndeisceart Chonamara agus deisceart Bhaile Átha Cliath nó Bhéal Feirste. Caithfear na difríochtaí sóisialta agus sochtheangeolaíochta sin a scrúdú agus a shainaithint ionas gur féidir freastal níos éifeachtaí ar riachtanais ábhartha lucht labhartha na Gaeilge cibé áit ina mbíonn siad. Is céim shuntasach athchothramaíochta í tuarascáil an taighde seo i dtreo na sprice sin. Agus an méid sin ráite, ní mór dom tábhacht ollmhór na Gaeltachta a dhearbhú. Fuaireamar spléachadh sa staidéar seo ar thábhacht na Gaeltachta agus daoine de bhunadh na Gaeltachta mar fhoinse fhoghlama agus mar thobar inspioráide do na nuachainteoirí. Ní féidir go mbeadh an rath céanna faoi phobal náisiúnta na Gaeilge mar a mbeadh an Ghaeilge bheo mar theanga cheannasach phobail in aon áit. Braitheann na nuachainteoirí féin sa taighde go bhfuil an Ghaeltacht riachtanach do thodhchaí na teanga agus moltar tacaíocht bhreise a thabhairt don phleanáil teanga sa nGaeltacht.
"...is díol iontais é tar éis nach mór céad -bliain de neamhspleáchas polaitiúil nach í an Ghaeilge an teanga reámhshocruithe chaidrimh idir an Stát agus na pobail Ghaeltachta agus gur minice ná a mhalairt go gcaithfear dul i muinín an Bhéarla chun do ghnó a dhéanamh leis an Stát. ...
Ó thaobh mo chúraim féin de, is díol iontais é tar éis nach mór céad -bliain de neamhspleáchas polaitiúil nach í an Ghaeilge an teanga reámhshocruithe chaidrimh idir an Stát agus na pobail Ghaeltachta agus gur minice ná a mhalairt go gcaithfear dul i muinín an Bhéarla chun do ghnó a dhéanamh leis an Stát. Ó ceapadh mé mar Choimisinéir Teanga, dúirt mé gur chóir go mbeadh foráil dhíreach déanta san Acht a chinnteodh go mbeadh Gaeilge ar a dtoil ag fostaithe an Stáit atá lonnaithe sa nGaeltacht nó ag cur seirbhísí ar fáil sna ceantair sin. Ní dhéanann sé aon chiall go mbeadh an Stát ag leagan dualgais ar na pobail Ghaeltachta pleananna teanga a ullmhú do limistéir aitheanta pleanála teanga ach ag an am céanna go bhfuil sé ag diúltú aitheantas a thabhairt dá gcuid freagrachtaí reachtúla féin.Ach ní mhairfidh an Ghaeltacht sa saol comhaimseartha domhandaithe mar theanga pharóiste nó leath-pharóiste. Dheimhnigh Coimisiún na Gaeltachta gur den riachtanas é d’inmharthanacht na Gaeltachta go mbeadh an Ghaeilge ina teanga náisiúnta agus pobal na Gaeltachta ina chuid de phobal níos fairsinge náisiúnta Gaeilge. Ar scáth a chéile a mhairfidh siad. Tréaslaím do na húdair, d’Fhoras na Gaeilge, d’Ollscoil na hÉireann agus d’Ollscoil Heriot-Watt as an taighde ceannródaíoch seo a dhéanamh. Guím gach rath air agus go dtabharfaí aird mar is cuí air mar thaca don phleanáil teanga sa gciall is leithne den téarma sin, agus go raibh sé ina bhunchloch do thaighde eile sa réimse sin. |
Tá tuairisc ar an seoladh anseo ag tuairisc.ie: Staidéar ar Nuachainteoirí Seolta. Ní fhaca muid tuairisc ar bith ar seo sna meáin Béarla.
No comments:
Post a Comment