14.1.13

Sealbh ar an Straitéis á chailliúint !

An Pobal Gaeilge agus Gaeltachta a aithint mar gheallsealbhóirí i gcur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge agus an struchtúr riachtanach ardleibhéal a chur ar bun idir na húdaráis agus na heagraíochtaí pobail Gaeilge agus Gaeltachta.

Cén cúlra a bhí ag an bpobal leis An Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 a chur le chéile?
Bhí dlúthpháirt ag an bpobal leis An Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 (Straitéis as seo amach) a chur le chéile ó 2007 ar aghaidh sna bealaí seo a leanas: trína n-ionadaithe sna heagraíochtaí a bheith gníomhach ar Fhóram na Gaeilge; trí thacaíocht ón gComhchoiste um Ghnóthaí Turasóireachta, Cultúir, Spóirt, Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta i mí Iúil 2010; tríd an gcomhairliúchán poiblí a cuireadh ar bun le teacht ar mholtaí don straitéis; trí na cruinnithe leis na heagraíochtaí mar chuid den phróiseas comhairliúcháin; agus trí stocaireacht leanúnach ar pholaiteoirí agus ar an Roinn go deireadh 2010.

Bhí sealbh ag an bpobal, mar sin, ar an Straitéis nuair a foilsíodh í mar gheall go raibh ionchur acu inti agus go bhfuil cuid mhaith de mholtaí an phobail san áireamh sa Straitéis.

Céard atá tar éis titim amach ó shin?
Donnchadh Mac Fhionnlaoich,
Aire Soisearach freagrach!
Bronnadh an fhreagracht ar Roinn na Gaeltachta ceannasaíocht a ghlacadh ar an Straitéis a chur i bhfeidhm. Bunaíodh coistí idir-rannacha agus leanadh le Coiste na nAirí faoi chathaoirleacht an Taoisigh chun cabhrú le comhordú na Roinne Gaeltachta. Tá cinntí glactha ag an Roinn ó shin chun míreanna éagsúla den Straitéis a chur i bhfeidhm, ar nós an chórais nua pleanála sa Ghaeltacht. Tá dlúthról le bheith ag an bpobal i gcur i bhfeidhm na gcinntí sin ar an talamh.

Cén fhadhb atá tar éis teacht chun cinn?
Tá ról ag an bpobal i gcur i bhfeidhm na gcinntí a thagann ón Roinn ach níl aon ról nó ionadaíocht ag an bpobal ar na cinntí iad féin atá á nglacadh ag an Roinn de réir an struchtúir atá curtha ar bun leis an Straitéis a chur i bhfeidhm. Tá tábhacht na ranna rialtais eile, ar nós an Roinn Oideachais agus Scileanna, aitheanta agus tá fochoistí curtha ar bun le ligean dóibh a bheith ina ngeallsealbhóirí sna cinntí atá á nglacadh. Níl aon chuid sa struchtúr, áfach, a aithníonn ríthábhacht ionchur an phobail agus a chinnteoidh go mbeidh an Straitéis curtha i bhfeidhm ón mbun aníos. Tá sealbh ar an Straitéis á chailliúint ag an bpobal faoi mar atá an struchtúr faoi láthair.

Cén réiteach atá ar an bhfadhb?
Conradh na Gaeilge agus Guth na Gaeltachta ag moladh go gcuirfí Aonad Pleanála ar bun le cinntiú go mbeidh sealbh ag an bpobal agus ag na húdaráis ar an Straitéis le chéile agus le cinntiú go mbeidh pleanáil chomhtháite, éifeachtach agus éifeachtúil i gceist ón mbun aníos. Beidh an Aonad Pleanála in ann teacht roimh fhadhbanna trí aontas a fháil ar cheisteanna móra a bheidh tionchar acu ar an bpobal. Creideann muid go láidir nach mbeadh an oiread sin fadhbanna le hAcht na Gaeltachta, aistriú Oifig an Choimisinéara Teanga, aistriú COGG agus eile más rud e go raibh na cinntí seo pléite agus aontaithe roimh ré le tuairimí na n-údarás agus an phobail Ghaeilge agus Gaeltachta san áireamh.

Chuirfeadh na coistí idir-rannach, atá bunaithe cheana féin agus aon cheann nua amach anseo, tuairiscí os comhair an Aonaid Pleanála agus dhéanfaí na cinntí ansin a bheadh molta don Aire Gaeltachta le glacadh leo nó le diúltú leo. Moltar ionadaíocht ó na grúpaí seo a leanas:

· An Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta
· Foras na Gaeilge
· Údarás na Gaeltachta
· An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta & Gaelscolaíochta
· Saineolaí aitheanta pleanála teanga
· Na heagraíochtaí pobail Gaeilge agus Gaeltachta

An bhfuil a leithéid de chóras ann in Éirinn faoi láthair?
Bheadh an córas nua seo ag teacht le dea-chleachtas na gcóras atá curtha ar bun idir an Stát agus an pobal le gaol níos éifeachtaí agus níos láidre a chothú eatarthu. Mar shampla:

· Na Cainteanna Náisiúnta - bhíodh ionadaíocht ag na geallsealbhóirí (na ceardchumainn, na fostóirí, an earnáil dheonach, srl. san áireamh) in Éirinn sna Cainteanna Náisiúnta agus mar gheall go mbíodh an ionadaíocht sin ann, d'éirigh leis an Stát cinntí móra a ghlacadh i gcomhpháirtíocht leo agus gan mórán cur ina gcoinne. Bhí sealbh, mar sin, ag na geallsealbhóirí ar fad sa phróiseas agus sna torthaí a aontaíodh.

· An tÚdarás um Ard-Oideachas (agus go leor leor gníomhairí stáit eile) - Aithnítear an tábhacht arís le hionadaíocht ó na geallsealbhóirí ar fad agus bíonn ionadaíocht ó na mic léinn, ó na coláistí, ón earnáil ghnó, srl. Arís bíonn sealbh, mar sin, ag na geallsealbhóirí ar fad sa phróiseas agus sna torthaí a aontaítear.

Conradh na Gaeilge - Samhradh 2012

Share/Save/Bookmark

No comments:

Post a Comment