Is cosúil go bhfuil an Rialtas chun Teach Cúirte Doire an Fhéich i gConmara a dhúnadh.
•DeaSceal•
25 Feabhra 2013: An nuacht is déanaí ná go bhfuil tithe Cúirte Chill Rónáin agus Doire an Fheiche le fanachta á úsáid ag Seirbhís Chuirte. |
Tá athbhreithniú dhá dhéanamh ar sheirbhís na gcúirteanna ar fud na tíre le tamall anuas agus mar chuid de sin tá stádas cúirteanna Inis Mór, An Spidéal agus Doire Né i mbaol. Ach, tuigtear go bhfuil scéala tugtha don fhoireann go bhfuil an oifig riarachán i nDoire Né le dúnadh ag deireadh mí Aibreán.
Ní mó ná sásta a bhí an Breitheamh Cúirt Dúiche i nGaillimh, Mary Fahy leis an gcinneadh mar a léirigh sí nuair a labhair sí sa chúirt sa Spidéal mí Meán Fomhair 2012. (Féach "Judge Lashes out..." Curadh Chonnachtach i mBéarla).
Deireann an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh i ráiteas ar an Luian: ‘Buille tubaisteach a bheadh i ndúnadh na hoifige seo’, a deir an Seanadóir, ‘agus bheadh amhras orm cé chomh fada is a leanfaí leis na cúirteanna féin i gConamara & Arainn má théann sé seo chun cinn. Buille eile ag an Rialtas seo in aghaidh bunsheirbhísí a bheith le fáil i gceantar tuaithe atá anseo agus is cém ar gcúl mór atá ann’
Mar a léiríodh in alt san Irish Times (Béarla) tá na ceantair tuaithe a thréigint ag an Roinn Dlí & Cirt tré céad stáisiúin de chuid an Gharda Síochana le dúnadh ar an nDéardaoin beag seo (31/1/2013) agus anois tá na cúirteanna le dúnadh chomh maith.
Tá cúrsaí airgid tabhachtach ach is cosúil nach dtuigeann an Rialtas seo gur tír atá á rialú seachas geilleagar.
No comments:
Post a Comment