Tuigtear dúinn go mbeidh deireadh le Scéim Labhairt na Gaeilge i ndiaidh an scoilbhliain reatha agus go bhfuil an Roinn faoi láthair ag déanamh plé ar scéim eile le theacht ina áit do mhí Mheán Fómhair 2011. (Féach "Deireadh le Sceim Labhairt na Gaeilge" Aibreán 2011) Fáiltíonn muid roimh an ráiteas atá déanta ag an Aire Stáit, Donnchadh Mac Fhionnghaile go mbeidh an scéim seo ag díriú isteach ar theaghlaigh le páistí ag aois níos óige agus go mbeadh tacaíocht leanúnach do theaghlaigh atá ag tógail a gclann le Gaeilge i gceist leis.
Measann muid go bhfuil sé criticiúil do thodhchaí na Gaeltachta go mbeadh a leithéid de scéim ann:
1. Chun slat tomhais leanúnach a chur ar fáil ar cé chomh maith agus atá ag eirí leis an Roinn na spriocanna atá sa Straitéis 20 Bliain maidir le cur chun cinn na Gaeilge mar theanga teaghlaigh a bhaint amach
2. Le aitheantas, cosaint agus tacaíocht a thabhairt do na teaghlaigh Gaeltachta atá ag tógail a gclann le Gaeilge sa bhaile
Is é an bunaidhm a bhí le Scéim Labhairt na Gaeilge ná tuismitheoirí Gaeltachta a mhealladh lena gclann a thógail le Gaeilge sa bhaile. Tá tábhacht chriticiúil an aidhm seo mar chroílár polasaí pleanála teanga Gaeltachta glactha leis go forleathan ag chuile saineolaí atá ag plé le cúrsaí mionteangacha go hidirnáisiúnta. Tugtar aitheantas láidir don aidhm sin sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge a ghlac na páirtithe polaitiúla uilig leis d'aonghuth.
'Moltar sa Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht 2007 gur chóir gurb é an príomhfhócas straitéiseach ó thaobh polasaí teanga sa Ghaeltacht tacaíocht a thabhairt sa todhchaí do ghlúnta tuismitheoirí óga Gaeltachta agus a chur ar a gcumas a gcuid leanaí a thógáil le Gaeilge. Dearbhaíonn an Staidéar ach go háirithe an tábhacht a bhaineann leis an líon cainteoirí gníomhacha Gaeilge atá i limistéir Ghaeltachta a chaomhnú agus a mhéadú.
Is sa chomhthéacs sin atá an Rialtas ag feidhmiú na n-athruithe móra atá leagtha amach sa Straitéis seo. Beidh forbairt córas cuimsitheach pleanála teanga ag leibhéal an phobail sa Ghaeltacht ag croílár na straitéise a bhunófar chun a chinntiú go mairfidh an Ghaeilge mar theanga phobail sa Ghaeltacht.'
Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010
Creideann muid gur chóir an scéim úr seo a chur chun tosaigh mar chuid lárnach den Straitéis 20 Bliain chun tacú leis na teaghlaigh atá ag iarraidh a gclann a thógail le Gaeilge sa Ghaeltacht. Níor chóir amharc air ina aonair ach i gcomhthéacs na hathruithe eile a chaithfear a dhéanamh ó thaobh an chóras cúram leanaí, réamhscolaíochta, bunscolaíocht agus araile sa Ghaeltacht mar atá leagtha amach sa Straitéis.
Pleanáil Teanga sa Ghaeltacht
Beidh gníomhaíochtaí/pleananna sna pleananna teanga (Gaeltachta) sin leagtha amach faoi na ceannteidil seo a leanas:
Seirbhísí Tacaíochta Teaghlaigh, lena n-áirítear seirbhísí cúram leanaí, seirbhísí réamhscoile, seirbhísí comhairle teanga do theaghlaigh, seirbhísí iarscoile, gréasáin do thuismitheoirí agus do leanaí a labhraíonn Gaeilge, seirbhísí comhairle réamhphósta agus réamhbhreithe, clár feasachta teanga do theaghlaigh, seirbhísí teiripe urlabhra agus síceolaíochta, agus seirbhísí sláinte poiblí.
Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010
Ba chóir go gcuimseodh an Scéim nua atá á bheartú gníomhartha lena chinntiú go bhfuil gach ceann de na seirbhísí atá luaite ar fáil trí Ghaeilge do thuismitheoirí atá ag tógáil a gclann le Gaeilge (nó go dteastaíonn uathu sin a dhéanamh) agus go bhfuil saineolas ar fáil i ngach ceann de na seirbhísí sin maidir leis na riachtanais sonracha teanga atá ag na teaghlaigh sin.
Ba mhaith linn mar sin, roinnt moltaí a chur i bhur láthair i dtaca leis an scéim úr seo. Tuigeann muid go maith go bhfuil easpa achmhainní ann faoi láthair ach ní shílimid go mbeadh costas mór léis na moltaí thíos. Da réir a chéile agus feabhas tagtha ar chúinsí eacnamaíochta, dfhéadfaí níos mo acmhainní a cheangail leis na moltaí thíos.
Teideal: Scéim Cainteoirí Baile
Tá muid ag moladh gur scéim do chainteoirí baile an teideal a bheadh ar an scéim úr seo leis an béim a chuir ar an aidhm atá leis an scéim, sé sin, tacaíocht a thabhairt do teaghlaigh a gclann a thógail le Gaeilge ionnas go mairfidh an Ghaeltacht mar phobal beo teanga. Is scéim é a bheadh dírithe ar theaghlaigh a bhfuil ar a laghad tuismitheoir amháin ag labhairt Gaeilge lena gclann sa bhaile, sé sin le rá go nlabhrann an teaghlach an Ghaeilge go nadúrtha agus go laethúil sa bhaile.
Ceann de na rudaí a dfhéadfaí bheith i gceist leis an scéim úr seo nó scéim comhairleoireachta baile. Cláraíonn tú do phaiste indiaidh a b(h)reithe nó cuirtear comhairle ort roimh an bhreith agus bheadh cuairteoir baile ann ansin ag teacht uair nó dho sa bhliain le comhairle agus tacaíocht a thabhairt. Mar shampla:
- • ceachtanna nó cluichí beaga spraoiúil a dhéanamh leis an páiste agus a theagasc don tuismitheoir
- • cén dóigh is fearr le deileáil leis an pháiste muna bhfuil Gaeilge líofa ach ag tuismitheoir amháin
- • leabhair agus aiseanna foghlamtha eile don luath fhoghlaim a sholathar nó a mholadh • cluichí & DVDs a mholadh d'aoisghrúpaí difriúla
- • cén dóigh le cuidiú le obair baile agus gan Gaeilge líofa agat
- • cén dóigh leis an luathlitearthacht Gaeilge a chur chun cinn sa pháiste agus araile.
Le tacaíocht a thabhairt do na teaghlaigh seo, tá muid ag moladh go láidir chomh maith go mbeadh sruthanna faoi leith do na cainteoirí baile seo cruthaithe ag leibhéal naíolainne agus naíonra le deis a thabhairt do na cainteoirí baile óga sóisialú a dhéanamh tré mheán na Gaeilge agus saibhriú a dhéanamh ar a gcumas teanga taobh amuigh den baile. Is sa comhthéacs seo chomh maith gur chóir Ionaid Tacaíochta Teaghlaigh a bhunú i chuile mórcheantair Ghaeltachta le réimsí leathan seirbhísí tacaíochta teaghlaigh(mar atá luaite thuas sa Straitéis 20 Bliain) a chur ar fáil do na teaghlaigh seo mar atá molta sa Staidéar Teangeolaíoch 2007 agus i dTuarascail an Comhchoiste Oireachtais ar an Straitéis 20 Bliain 2010. Tá 'Tearmainn teanga' mar seo criticiúil do fhorbairt theangeolaíoch na bpáistí ag an aois seo chun a chinntiú go mbeidh cainteoirí dúchais den scoth againn sa todhchaí.
Da réir mar atá breis acmhainní ar fáil, dfhéadfaí tacaíochtaí eile a chuir ar fáil don ghrúpa seo(in áit an deontas airgid a bhí ann roimhe seo). Mar shampla, seirbhís cúram leanaí tré Ghaeilge a bheith a chuir ar fáil ar chostas íseal do pháistí arb é an Ghaeilge an teanga baile. Bheadh sin ina chuidiú mór do theaghlaigh. Faoi láthair, tá na seirbhísí cúram leanaí measctha le cuid mhór páistí iontu nach bhfuil focal Gaeilge acu rud a chiallaíonn go mbíonn na cainteoirí dúchais ag piocadh suas nósanna an Bhéarlóireacht agus iad an óg.
Sampla eile nó dfhéadfaí an líon páistí atá cláraithe leis an scéim seo a úsáid le breis tacaíochtaí a chuir ar fail do na bunscoileanna. M.sh. má tá méid airithe faoin gcéad de phaistí ar an scoil nó ins na bunranganna atá cláraithe leis an scéim seo, go mbeadh cúntoir Gaeilge sa bhreis dlite acu le oibriú ar shaibhriú teanga.
Dfhéadfaí roinnt de na scéimeanna eile a bhí dírithe ar an sean SLG a dhíriú ar an ghrúpa áirithe seo. Mar shampla, go mbeadh ar theaghlaigh atá ag iarraidh bheith páirteach i Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge(Scéim na Mna Tí) bheith cláraithe leis an scéim seo.
Sé'n rud atá tábhachtach nó go mothódh na teaghlaigh seo go bhfuil an Stáit ag tabhairt aitheantas faoi leith daofa agus do na hiarrachtaí atá a dhéanamh acu an teanga a thabhairt slán mar theanga beo sa Ghaeltacht agus go bhfuil polasaithe teanga na n-institiúidí oideachais agus cúraim leanaí sa phobal ag tacú leo a gclann a thógail le Gaeilge. Tá sé fíorthábhachtach chomh maith go mothaíonn na teaghlaigh seo go bhfuil an Stáit ag tabhairt cosaint laethúil agus praiticiúil daofa in éadan an brú ollmhór atá ag teacht ón mórtheanga domhanda, an Bhéarla.
Scéimeanna tacaíochta do theaghlaigh eile nach bhfuil an Gaeilge mar theanga baile acu
Tá sé tábhachtach, ar ndóigh gan dearmad a dhéanamh ar theaghlaigh/thuismitheoirí eile atá ar bheagán Gaeilge nó gan aon Ghaeilge. Molann muid gur chóir don Roinn scéimeanna faoi leith a chur ar fáil do na tuismitheoirí seo, chun (a) cabhrú leo Gaeilge a fhoghlaim, (b) iad a spreagadh le hiarracht a dhéanamh Gaeilge a thabhairt do gclann, agus (c) iad a chumasú chun cabhrú lena gcuid leanaí agus iad i mbun obair scoile.
Tá seo tábhachtach mar is léir go mbíonn neart teaghlaigh ann nach bhfuil aon Ghaeilge nó beagan Gaeilge ag na tuismitheoirí ach gur mhaith leo go mbeadh Gaeilge ag a bpaistí chun go mbeadh na páistí sin ábalta páirt iomlán a ghlacadh i sochaí na Gaeltachta. D'fhéadfaí comhairleoireacht baile a bheith i gceist faoin scéim seo chomh maith agus b'fhéidir chomh maith go mbeadh seirbhís tacaíochta á chur ar fáil ag na hionaid tacaíochta teaghlaigh le comhairle leanúnach a thabhairt do na tuismitheoirí seo ó lá go lá. D'fhéadfaí cúnamh speisialta a thabhairt ó thaobh Club obair baile nó Iarscoile a chuir ar bun le cúnamh a thabhairt do na tuismitheoirí seo atá ar bheagán Gaeilge.
No comments:
Post a Comment