![]() |
| Harry McGee |
Arsa Pádraig Mac Fhearghusa, Uachtarán Chonradh na Gaeilge: "Is fóram daonlathach phobal na Gaeilge agus eagraíocht uile-oileánda é Conradh na Gaeilge; creideann muid go bhfuil sé riachtanach go mbeadh béim láidir ar an teanga i gclár an dá rialtas - thuaidh agus theas - ionas go bhfuil ról
gníomhach, comhordaithe ag na rialtais sa phleanáil fadtéarmach don Ghaeilge ar fud na tíre ina hiomláine."
| Árd Fheis ar líne Ba chóir go mbeadh an Ustream ar siúl don chaint oíche Aoine agus tríd an lá do ghnó na hArd-Fheise Dé Sathairn: Beidh Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge 2011 á chraoladh beo ar-líne ag U-Stream, d’éinne nach féidir freastal agus is féidir páirt a ghlacadh i ngnó na hArd-Fheise ar twitter trí theachtaireachtaí leis na carachtair #afcnag a chur ag deireadh gach teachtaireachta, agus taispeánfar an sruth Twitter ar scáileán ag an Ard-Fheis. |
Déanfar plé ar a bhfuil sa chlár rialtas nua-aontaithe ag Fine Gael le Páirtí an Lucht Oibre sna 26 Chontae mar chuid d'Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge, mar aon leis an méid a gheall siad sna forógraí s'acu roimh an olltoghchán ar an 25 Feabhra 2011, le béim ar leith ar chúrsaí oideachais agus an Ghaeilge mar chroí-ábhar Ardteiste. Pléifear freisin an géarghá atá ann le straitéis Gaeilge sna 6 Chontae atá ar a laghad chomh cuimsitheach leis An Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010 - 2030 ó dheas, chomh maith le hAcht Gaeilge don Tuaisceart le cearta teanga phobal labhartha na Gaeilge ó thuaidh a chumhdaigh agus a chosaint.

No comments:
Post a Comment