14.7.10

Gaeilge thar lear agus an straitéis!

Question No. 235

Parliamentary Question - Dept Details
Chun a fhiafraí den Aire Gnóthaí Eachtracha an bhfuil sé i gceist aige go mbeidh ról ag Gaeil thar sáile agus Ambasáidí na hÉireann i gcur chun cinn na teanga mar chuid den Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge; agus más ea, cén ról praiticiúil atá leagtha síos leis seo a chur i gcrích sa Straitéis; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh.
- Pat Breen.

* Le haghaidh freagra SCRÍOFA Dé Máirt, 11ú Bealtaine, 2010.
Uimh Thag: 19112/10
FHREAGRA

Minister for Foreign Affairs Michael Martin
Leagann Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge amach líon réimsí gníomhaíochtsa a rachaidh chun leasa na Gaeilge agus na Gaeltachta sna 20 bliain atá romhainn.

Ar cheann de chuspóirí na dréacht-Straitéise tá tacú le cur chun cinn is le múineadh na Gaeilge thar lear, trí mo Roinnse agus tríd an Roinn Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta. Ní leagann an Straitéis aon sainról síos do Mhisin Éireannacha agus dá bhfoirne; ach tá ról suntasach cheana féin ag na Misin Éireannacha i gcur chun cinn na Gaeilge, go háirithe trína ngníomhaíochtaí cur chun cinn cultúrtha. Mar shampla:

An Astráil: Bíonn ranganna Gaeilge ag club Gaelach Sydney do leibhéil éagsúla gach seachtain. Bíonn Scoil Geimhridh as Gaeilge acu gach bliain in Sydney freisin, rud a fhaigheann tacaíocht airgeadais i ndeontas ó leithroinnt chultúrtha bhliantúil ár nArd-Chonsalachta in Sydney. Osclaíonn Ambasadóir na hÉireann in Canberra agus Ard-Chonsal na hÉireann, ar a seal, an ócáid chónaithe seo a mhaireann thar an deireadh seachtaine. Fairis sin tá grúpa gréasán-bhunaithe, www.iorarua.com , atá gníomhach ag cur na Gaeilge chun cinn agus a dtacaíonn an Ard-Chonsalacht in Sydney leis.

An Bhreatain: Fóirdheonaíonn an Roinn Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta múineadh na Gaeilge do dhaoine fásta in Ollscoil Cambridge, Coláiste Ollscoile Mhuire in Twickenham agus san eagras náisiúnta Coláiste na nGael. Bíonn Ambasáid na hÉireann i Londain i ndlúth-theagmháil leis na grúpaí sin agus bíonn ócáidí go rialta san ambasáid agus bronnadh Fáinní mar dhuaiseanna.
Éascaíonn an Ard-Chonsalacht i nDún Éideann cruinnithe agus imeachtaí i rith na bliana uile le heagrais Ghaeilge na hAlban, agus eagrais eile mar iad, le cuairteanna ó Éirinn nó/agus atá bunaithe in Albain. Bíonn ranganna Gaeilge agus gníomhaíochtaí a bhaineann le Gaeilge á n-eagrú in Albain, go háirithe faoi urraíocht Ollscoil Ghlaschú. Eagraíonn Ollscoil Dhún Éideann ranganna Gaeilge do dhaoine fásta.

An Bhulgáir: An Bhulgáir: In 2008, chuir Ambasáid na hÉireann in Sóifia tús le Seachtain na Gaeilge tráth na Féile Pádraig. Tugadh léachtaí faoin nGaeilge i dtrí ollscoil Bhulgáracha agus bronnadh ábhar foghlama Gaeilge.

An tSín: Aonad na hÉireann thar Lear i mo Roinnse a mhaoiníonn Cumann an Phobail Éireannaigh in Shanghai, agus úsáidtear cuid den airgead sin do ranganna cultúrtha ar a mbíonn ranganna Gaeilge.

Poblacht na Seice: Cuireann Lárionad an Léinn Éireannaigh in Ollscoil Shéarlais, Prág, cúrsaí Gaeilge ag leibhéil éagsúla ar fáil do mhic léinn. Agus na cúrsaí críochnaithe acu, seasann na mic léinn is fearr scrúdú idirnáisiúnta a eagraítear i gcomhar le hOllscoil na hÉireann, Maigh Nuad. Tugtar scoláireachtaí do na mic léinn is fearr torthaí chun dianchúrsaí samhraidh a dhéanamh i nGaeltachtaí Thír Chonaill nó Chonamara. Tugann an Ambasáid an oiread tacaíochta agus cabhrach agus is féidir don lárionad. Ó mo Roinnse agus ón Roinn Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta a mhaoinítear an lárionad.

An Ghearmáin: Bíonn Ambasáid na hÉireann i mBeirlín ag obair chun go bhfaigheadh na lárionaid acadúla a mhúineann Gaeilge an oiread cabhrach agus is féidir chun oideachas trí Ghaeilge a chothú is a éascú. Tá an Ambasáid ag obair go dlúth leis an Roinn Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta chun maoiniú ó Chiste na Gaeilge sa Roinn a áirithiú do raon leathan institiúidí agus ollscoileanna ina múintear an Ghaeilge sa Ghearmáin. Fairis sin, neartaíonn an Ambasáid scéim an Chiste, agus tacaíonn léi, le clár bronntaí leabhar (mar shampla, foclóirí Gaeilge agus acmhainní eile) agus le tacaí múinteoireachta (dlúthdhioscaí, cluichí, srl.) a fhaigheann sí ó fhoinsí comhpháirtiochta éagsúla in Éirinn (lena n-áirítear Foras na Gaeilge). Chomh maith leis sin thacaigh an Ambasáid le tionscnaimh neamhspleácha, amhail an scéim “Gaeltacht Europe” a bhfuil faoi naisc níos láidre a chothú idir chumainn Éireannacha ar Mhór-Roinn na hEorpa a mhúineann an Ghaeilge.

Mhaoinigh an Ambasáid rannpháirtíocht údar Gaeilge mar chuid den tionscnamh "mionteangacha, mórlitríochtaí" ag Aonach Leabhar Leipzig le blianta beaga anuas. D'aistrigh sí téacsanna litríochta Gaeilge go Gearmáinis óna buiséad cultúrtha agus chlóigh sí iad.

Fairis sin, oibríonn an Ambasáid go dlúth leis an Roinn Oideachais agus Scileanna chun mic léinn a roghnú do scoláireachtaí samhraidh Gaeilge.
Lucsamburg/an Bhruiséil: Múintear an Ghaeilge go caighdeán na hArdteiste/Baccalaureate Idirnáisiúnta sa Scoil Eorpach i Lucsamburg, agus i Scoileanna Eorpacha uile na Bruiséile (4 cinn), agus urraíonn Ambasáid na hÉireann i Lucsamburg duais don mhac léinn leis na torthaí Gaeilge is fearr sa Baccalaureate gach bliain. Chomh maith leis sin, tá Cumann Gaelach Lucsamburg thar a bheith gníomhach, agus tacaíonn an Ambasáid lena chuid imeachtaí go rialta, ina measc léacht bhliaintúil le Gaeilgeoir aitheanta. Tacaíonn an Ambasáid agus Buan-ionadaíocht na hÉireann sa Bhruiséil le Seachtaine na Gaeilge gach bliain, agus leis an léacht bhliantúil faoin nGaeilge a bhíonn ar siúl sa Bhruiséil tráth na Féile Pádraig freisin.

Alba: Éascaíonn an Ard-Chonsalacht i nDún Éideann cruinnithe agus imeachtaí i rith na bliana uile le heagrais Ghaeilge na hAlban, agus eagrais eile mar iad, le cuairteanna ó Éirinn nó/agus atá bunaithe in Albain. Bíonn ranganna Gaeilge agus gníomhaíochtaí a bhaineann le Gaeilge á n-eagrú in Albain, go háirithe faoi urraíocht Ollscoil Ghlaschú. Eagraíonn Ollscoil Dhún Éideann ranganna Gaeilge do dhaoine fásta.

An tSualainn: Bíonn cúrsaí Sean-Ghaeilge, Meán-Ghaeilge agus Nua-Ghaeilge san Earnáil Cheilteach in Ollscoil Uppsala, príomh-lárionad léann na Gaeilge sna críocha Lochlannacha. Ní fada ó rinne an dámh athbhreithniú curaclaim chun an t-ábhar a dhéanamh níos tarraingtí agus níos so-rochtana do mhic léinn a bhfuil fúthu é a thógáil mar mhodúl nó mar ábhar breise le príomh-ábhar léinn eile. D'éirigh cuibheasach maith leis na hiarrachtaí sin agus mhéadaigh siad líon na mac léinn. Coinníonn Ambasáid na hÉireann i Stócólm dea-chaidreamh le Roinn na Ceiltise agus thug sí tacaíocht airgeadais chun a cuid gníomhaíochtaí a neartú. Thug an tAmbasadóir cuairt ar an dámh go minic chun bualadh leis an bhfoireann múinteoireachta agus leis na mic léinn, a fhaigheann cuirí go rialta chuig imeachtaí na hambasáide.

Na Stáit Aontaithe: Tá eagras ealaíona Éireannach in Washington DC, Solas Nua, a eagraíonn ranganna Gaeilge. Tacaíonn Ambasáid na hÉireann in Washington agus Cultúr Éireann le Solas Nua. Is iomaí áit eile in SAM a mhúintear an Ghaeilge, go minic mar chuid de chláir sa léann Éireannach in ollscoileanna. Thacaigh Ard-Chonsalacht na hÉireann go mór leis an dá phríomhionad Éireannacha in Chicago, is tá múineadh na Gaeilge mar chuid den chlár sa dá cheann acu.

I Nua-Eabhrac, léirítear ard-mheas ar ról agus ar úsáid na Gaeilge san obair agus i ngníomhaíochtaí na Consalachta. Is féidir é sin a dhéanamh de bharr shaineolas na foirne Consalachta sa Ghaeilge. Reáchtáltar gnó na Consalachta sa dá theanga agus bíonn fáil ar sheirbhísí agus ar fhoilseacháin iontu araon. Mar chuid de ghnó cultúrtha na Consalachta, eagraítear clár imeachtaí a thugann deis d'fhoireann na Consalachta agus do pháirtithe leasmhara eile araon an Ghaeilge a labhairt agus éisteacht lena mbíonn ar siúl as Gaeilge. Oibríonn an Chonsalacht i Nua-Eabhrac i ndlúth-chomhar le Roinn na Gaeltachta agus le Coimisiún Fulbright chun an Ghaeilge a chur chun cinn i scéimeanna teangacha iasachta Fulbright na n-institiúidí rannpháirteacha, go háirithe NYU agus CUNY.

Is iomaí Ambasáid a thacaigh, go praiticiúil agus le maoiniú, le féilte áitiúla agus ócáidí cur chun cinn Éireannacha. D'éascaigh ambasáidí eile scannáin Ghaeilge a thaispeáint, chomh maithe le drámaíocht, ceol agus filíocht na Gaeilge.

Faoi láthair tá mo Roinnse ag scrúdú bealaí praiticiúla eile chun go dtacóidh Misin Éireannacha thar lear leis an nGaeilge.

Mar atá a fhios at an Teachta, tá stádas mar theanga oifigiúil oibre de chuid an AE ag an nGaeilge ó 1 Eanáir 2007. An comhaontú chun an stádas sin a thabhairt isteach, tugann sé maolú d'institiúidí an AE ón dualgas gach dlí agus téacs AE a aistriú go Gaeilge, faoi réir ag athbhreithnithe tréimhsiúla féachaint an gá leanúint leis an maolú sin. Is gá an maolú chuMar atá a fhios at an Teachta, tá stádas mar theanga oifigiúil oibre de chuid an AE ag an nGaeilge ó 1 Eanáir 2007. An comhaontú chun an stádas sin a thabhairt isteach, tugann sé maolú d'institiúidí an AE ón dualgas gach dlí agus téacs AE a aistriú go Gaeilge, faoi réir ag athbhreithnithe tréimhsiúla féachaint an gá leanúint leis an maolú sin. Is gá an maolú chun cabhrú leis na hinstitiúidí AE an cumas is gá a thógáil chun na seirbhísí cuí a chur ar fáil as Gaeilge. Tá faoi Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge go gcealófaí an maolú sin go hiomlán uair éigin roimh an mbliain 2030, agus oibreoidh an Rialtas lena áirithiú go mbeidh líon imleor de dhaoine cáilithe ar fáil don éileamh earcaíochta is gá chuige sin. Tá obair ar siúl cheana féin in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, agus in DCU/Ollscoil Chathair Átha Cliath chun raon cúrsaí a chur ar fáil chun freastal ar na riachtanais sin, le tacaíocht an Rialtais.
Share/Save/Bookmark

No comments:

Post a Comment