3.4.19

Cúrsaí teanga i mBliain na Gaeilge 2018!

"Tá blianta fada caite ó cuireadh tús leis an bpróiseas chun an tAcht (Acht na dTeangacha Oifigiúla) a leasú. Is é mo mhian nach n-imeodh bliain eile tharainn gan Acht nua atá in oiriúint do riachtanais shochaí an lae inniu a bheith tugtha ar an bhfód." - Tuarascáil Bhliantúil an Choimisinéir Teanga 2018

Rónán Ó Dómhnaill
Léiríonn fiosrúcháin de chuid Choimisinéir na dTeangacha Oifigiúla go bhfuil an líon clár trí Ghaeilge a chraoltar ar RTÉ thar a bheith easnamhach, ar neamhréir le toil an Oireachtais agus ag sárú forálacha teanga an Achta Craolacháin, 2009. Léiríodh san imscrúdú go bhfuil níos lú ná 1% de na cláir a craoladh ar theilifís RTÉ sonraithe mar chláir Ghaeilge in ainneoin dualgas reachtúil réimse cuimsitheach clár a chraoladh sa teanga.

Dúirt an Coimisinéir Teanga, Rónán Ó Domhnaill ag seoladh Tuarascáil Bhliantúil 2018 a oifige:
“Tá sé seo ar cheann de na himscrúduithe is tábhachtaí a láimhseáil m’Oifig ó bunaíodh í. Siod í an chéad uair a rinneadh imscrúdú foirmiúil ar chomhlíonadh dhualgais an Achta Craolacháin sa mhéid is a bhaineann siad le craoltóireacht na Gaeilge. Léiríonn torthaí an fhiosraithe nach bhfuil ach 0.7% de na cláir theilifíse ar RTÉ sonraithe mar chláir Ghaeilge. Nó, i bhfocail eile, gur i mBéarla amháin atá thart ar 99% de na cláir theilifíse ar an stáisiún.”

Léiríodh san imscrúdú chomh maith go raibh séanraí ann a bhfuil cur síos déanta orthu san Acht Craolacháin ar chóir cláir Ghaeilge a chraoladh ina leith nár freastalaíodh i nGaeilge orthu ar chor ar bith nó ar tearc ar fad an freastal a rinneadh orthu. Léirítear sa tuarascáil go bhfuil tuiscint chinnte ag RTÉ ar céard is ‘clúdach cuimsitheach’ ann i mBéarla ach go bhfuil an chosúlacht air go bhfuil tuiscint iomlán eile ar céard atá i gceist leis sin i nGaeilge.

Tá sé molta ag an gCoimisinéir Teanga go gcuirfeadh RTÉ plean feidhmithe faoina bhráid ina sonrófaí na bearta a ghlacfaidh an craoltóir náisiúnta chun comhlíonadh na ndualgas reachtúil teanga a chinntiú.

“Is léir go dteastaíonn cur le líon na gclár Gaeilge ar bhealach córasach agus cuimsitheach, i go leor réimsí clár, chun go gcomhlíonfaí na dualgais san Acht Craolacháin,”

Imscrúdaithe eile
Tá achoimre ar an imscrúdú seo, mar aon leis na seacht n-imscrúdú eile a thug an Coimisinéir Teanga chun críche anuraidh, le fáil i dTuarascáil Bhliantúil Oifig an Choimisinéara Teanga don bhliain 2018.

Tá imscrúdaithe eile luaite sa tuairisc chomh maith.
  • Comhairle Contae na Gaillimhe maidir le héisiúint tvuíteanna i mBéarla amháin agus a bhain le ceantair Ghaeltachta. Bhí seo ag sárú scéim teanga reachtúil na Comhairle féin. Siod í an chéad uair chomh maith a rinne an Oifig imscrúdú foirmiúil faoi úsáid Twitter.
  • An Roinn Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil, a sháraigh reachtaíocht teanga nuair nár fhoilsigh sí cuid de Thionscnamh Éireann, 2040 i nGaeilge nuair a seoladh é
  • Iarnród Éireann maidir lena easpa cumais glacadh le síntí fada ar chóras áirithintí traenach an chomhlachta, mar aon le sárú ar reachtaíocht i dtaca le comharthaíocht
  • Comhairle Contae Chorcaí faoi Google Translate a úsáid ar a suíomh gréasáin agus
  • An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara as poist a fhógairt i gceantair Ghaeltachta gan aon riachtanas ó thaobh na Gaeilge de a bheith ag dul leis na poist sin.
Chomh maith leis na himscrúduithe sin léirigh Rónán Ó Domhnaill a dhíomá nach raibh an comhoibriú a fuair a Oifig ó Amharclann na Mainistreach ar an gcaighdeán a mbeadh sé ag súil leis ó amharclann náisiúnta na tíre. Chinn an Coimisinéir Teanga, in imscrúdú dá chuid, nach raibh roinnt den chomharthaíocht a bhí in úsáid san amharclann ag cloí leis na dualgais reachtúla a bhaineann le húsáid na dteangacha oifigiúla.

Ar an iomláin fuair an Oifig 634 gearán ó dhaoine den phobal anuraidh, mionlaghdú ó 2017 (0.63%). Bhain formhór na ngearán le heaspa Gaeilge ar suíomhanna gréasáin, foirmeacha iarratais, comharthaíocht agus stáiseanóireacht. Réitíodh formhór mór na ngearán tríd an bpróiseas neamhfhoirmiúil réitithe gearán a fheidhmíonn an Oifig.

Thug an tUasal Ó Domhnaill suntas dó, i gcás beagnach leath na ngearán a fuair a Oifig anuraidh, nár bhain na gearáin sin le hAcht na dTeangacha Oifigiúla. Dúirt sé:
“Léiríonn sé seo, an athuair, an gá práinneach le leasú a dhéanamh ar Acht na dTeangacha Oifigiúla chun cinntiú go bhfuil sé oiriúnach dá fheidhm agus ag freagairt do riachtanais na ndaoine ar mian leo seirbhísí trí Ghaeilge a fháil ón Stát. Faoi láthair tá difear soiléir le brath idir céard atá ag teastáil uathu siúd atá ag lorg seirbhís stáit trí Ghaeilge agus an méid a fhaigheann siad. Caithfear aghaidh a thabhairt air seo trí Acht Teanga níos láidre agus níos éifeachtaí a thabhairt chun cinn chomh luath agus is féidir. “

Cúig bliana déag caite! 
Tá cúig bliana déag caite ó foilsíodh Acht na dTeangacha Oifigiúla agus ó bunaíodh Oifig an Choimisinéara Teanga. Tá an mhuinín atá ag lucht labhartha na Gaeilge agus acu siúd ar mian leo a gcuid gnó a dhéanamh leis an Stát trí Ghaeilge san Oifig le brath. Ach tá na laigí soiléire atá ar Acht na dTeangacha Oifigiúla ó thaobh earcaíochta de sa tseirbhís phoiblí agus teip chóras na scéimeanna teanga ar chuid de na constaicí is mó a bhaineann lenár gcuid oibre. Níor tapaíodh an deis oidhreacht thairbheach reachtúil a fhágáil tar éis Bhliain na Gaeilge trí Acht na dTeangacha Oifigiúla a láidriú. Tá blianta fada caite ó cuireadh tús leis an bpróiseas chun an tAcht a leasú. Is é mo mhian nach n-imeodh bliain eile tharainn gan Acht nua atá in oiriúint do riachtanais shochaí an lae inniu a bheith tugtha ar an bhfód.

Ait go leor is inné a tuairiscíodh gur fhogair Aire Stáit na Gaeltachta Seán Kyne a d’fhógair an liosta tráthnóna den 30 píosa reachtaíochta a bhfuil tús áite á thabhairt ag an Rialtas dóibh as seo go dtí tús shos an tsamhraid ina measc bhí bille chun leasú a dhéanamh ar Acht na dTeangacha.

Dualgais eile.
Ceapadh Rónán Ó Domhnaill ina Chathaoirleach ar an gCumann i lár na bliana 2018 agus dá bhrí sin tá ról rúnaíochta an Chumainn á chomhlíonadh ag a oifig i láthair na huaire. Bunaíodh anseo in Éirinn an cumann seo le linn comhdháil a d’eagraigh Seán Ó Cuirreáin (an céad Coimisinéir Teanga in Éirinn) i mBaile Átha Cliath i rith na bliana 2013.

Ceapadh an Coimisinéir Teanga ian Chathaoirleach in 2017 ar Fhóram Ombudsman na hÉireann. Bíonn cruinnithe ag Fóram na nOmbudsman, ina bhfuil seachtar ball, uair sa ráithe. Is iad baill eile an Fhóraim ná an tOmbudsman, an tOmbudsman Seirbhísí Airgeadais agus Pinsean, an tOmbudsman do Leanaí, Ombudsman an Phreasa, an tOmbudsman d’Óglaigh na hÉireann agus Coimisiún Ombudsman an Gharda Síochána. Bhí na cruinnithe sin ar fad i mBaile Átha Cliath le linn 2018.

Tá sé ina bhall de Bhord Feidhmiúcháin Chumann na nOmbudsman ó 2017. Is cumann de na hOifigí Ombudsman ar fad in Éirinn agus sa Bhreatain Mhór, agus a bhfuil an Oifig seo ina ball gníomhach de, atá anseo. Beirt as Éirinn atá ar an mbord, ar a bhfuil ochtar ball ina iomláine. Casann an bord le chéile cúig huaire sa bhliain chun gnóthaí Chumann na nOmbudsman a riaradh agus a phlé le Stiúrthóir an Chumainn. Tugadh cuireadh don bhord teacht go Gaillimh do cheann de chruinnithe an bhoird le linn 2018 agus tharla sin i mí Mheán Fómhair.

Tá dúthracht agus díogras an Choimisinéir Teanga agus an foireann oibre san oifig le feiscint go soiléir sa tuairisc seo. Tá muid go mór faoi chomaoin acu as a gcuid chomhoibriú ar ár son.
Share/Save/Bookmark

No comments:

Post a Comment