12.11.18

Drochthionchar stáit 1922-2018...?

Osclaíodh an Clr. Gobnait Moynihan Comhdháil Chorcaí, thár chean Mhéara an Chontae ar an 9ú lá Samhain in Ostán Gobnatan i mBaile Bhuirne. Seoladh Clár Ildánach Chontae Chorcaí i rith na Comhdhála mar chuid den scéim Éire Ildánach.

Clár é Éire Ildánach atá bunaithe ar an gcultúr agus atá leagtha amach chun folláine an duine aonair, an phobail agus an náisiúin a chur chun cinn. Is é an croí-thairiscint go dtiomáineann rannpháirtíocht i ngníomhaíocht chultúrtha cruthaitheacht phearsanta agus cruthaitheacht chnuasaitheach, le himpleachtaí suntasacha d'fholláine agus do ghnóthachan aonair agus sochaíoch. I measc na cainteoirí sa chlár coimsitheach ildánach dúshlánach bhí Laurence Lord, Peadar Ó Riada, Rachel Ní Riada, Bríd CranitchMáirtín Ó Méalóid, Dr. Rosarie Crowley agus Siobhán Ní Dhuinnín.

Thug an Coimisinéir Teanga, Rónán Ó Domhnaill, caint tabhachtach ar An Ghaeilge sa Stát Seirbhís ann. Seo mar a labhair sé.

An Coimisinéir Teanga  Rónán Ó Domhnaill
Ba mhaith liom buíochas a ghabháil le lucht eagraithe na comhdhála, Aileen Loughrey agus Comhairle Chondae Chorcaí, as an gcuireadh feastal anseo inniu chun labhairt faoi Úsáid na Gaeilge i Státseirbhís na hÉireann.

Is ceist í seo a bhfuil go leor cainte déanta fúithi agus is fiú dúinn ar dtús báire mar sin súil siar a chaitheamh ar an gcúlra a bhaineann le seo sula dtiocfaidh mé ag an riocht ina bhfuil muid faoi láthair agus na bealaí ar féidir aghaidh a thabhairt ar an fadhbanna a bhaineann le seirbhís sásúil trí Ghaeilge a fháil ón Státchóras; fadhbanna a chuirtear faoi mo bhráid go rialta mar Choimisinéir Teanga.

Nuair a bunaíodh an Saorstáit rinneadh an “Teanga Náisiúnta” den Ghaeilge i mbunreacht an tSaorstáit, tráth nach raibh an Ghaeilge ach ag tuairim agus 18% de phobal an Stáit.

Ceantracha Ghaltachta Cho. Chorcaí
Maidir leis an nGaeltacht, d’aithin Coimisiún na Gaeltachta i 1926 go raibh an Ghaeilge mar theanga phobail sna ceantair sin ag cúlú chomh sciobtha céanna agus i bhí le linn réimeas na Breataine. I gCorcaigh aithníodh cheithre cheantair Ghaeltachta; Gaeltacht Mhúscraí agus Uíbh Laoghaire, Oileán Chléire, Gaeltacht ar Leithinis Bhéara agus Gaeltacht in oirthear an chondae in mBaile Mhac Choda. Tá an dá cheann ar deireadh imithe anois ón nGaeltacht dar ndóigh.

Is díol suntais é, chomh maith, gur aithin an Coimisiún an drochthionchar a bhíothas a imirt ar úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht ag seirbhísigh phoiblí gan Ghaeilge agus iad ag soláthar seirbhísí poiblí trí Bhéarla amháin. Deimhníodh a riachtanaí agus a bhí sé go mbeadh an Ghaeilge ina gnáth-theanga réamhshocraithe idir an Stát agus a chuid feidhmeannach agus muintir na Gaeltachta agus go gcinnteofaí gur seirbhísigh phoiblí le Gaeilge a bheadh ag obair sa Ghaeltacht:


An Bunreacht
Mar a dúirt mé, deimhníodh gurbh í an Ghaeilge an “Teanga Náisiúnta” de réir Airteagal 4 de Bhunreacht Shaorstát Éireann.

In Airteagal 8 de Bhunreacht na hÉireann, 1937, deimhnítear gurb í an Ghaeilge an phríomhtheanga oifigiúil toisc gurb í an teanga náisiúnta í.

B’ábhar léachta as féin na léirmhínithe a thug breithiúna na hArd-Chúirte agus na Cúirte Uachtaraí ar bhrí na forála seo de chuid an Bhunreachta ach is fiú aird a dhíriú ar bhreithiúnas a thug an Breitheamh Hardiman sa gCúirt Uachtarach in 2001 mar go dtagann sé leis an gciall nó an tuiscint, creidim, a bhainfeadh aon duine as na focail “príomhtheanga oifigiúil”:

An Breitheamh Adrian Hardiman
1961-2016
“Is é mo thuairimse nach féidir an Ghaeilge arb í an teanga náisiúnta í agus, san am céanna arb í príomhtheanga oifigiúil an Stáit í, a eisiamh (ar a laghad in éagmais dlí den chineál a shamhlaítear le hAirteagal 8.3) ó aon chuid de dhioscúrsa poiblí an náisiúin nó ó aon ghnó oifigiúil de chuid an Stáit ná de chuid aon cheann dá bhaill.

Ná ní féidir caitheamh léi sna comhthéacsanna seo ar shlí ar bith nach bhfuil chomh fabhrach leis an tslí a gcaitear leis an dara teanga oifigiúil. Ná ní féidir iad siúd atá inniúil agus ar mian leo í a úsáid chun iad féin a chur in iúl nó chun cumarsáide, a chosc nó a fhágáil faoi mhíbhuntáiste agus iad á dhéanamh sin in aon chomhthéacs náisiúnta nó oifigiúil.”

Ní miste, áfach, aird a thabhairt ar bhreithiúnas tábhachtach de chuid na Cúirte Uachtaraí a tugadh ina dhiaidh sin. Sa gcás seo d’éiligh an cosantóir, cainteoir dúchais Gaeilge ón nGaeltacht, go raibh de cheart aige ní hamháin a chás a dhéanamh sa gcúirt sa bpríomhtheanga oifigiúil ach go raibh sé i dteideal giúiré a bheadh in ann a cás a éisteacht gan ateangaire ná aistriúchán Béarla. Diúltaíodh don éileamh sin san Ard-Chúirt agus sheas an Chúirt Uachtarach le breithiúnas na hArd-Chúirte le cinneadh móraimh.

Ba é Hardiman a thug an breithiúnas easaontach agus chreid sé nach bhféadfadh sé go raibh tír eile ar domhan nach mbeadh an saoránach i dteideal a ghnó a dhéanamh os comhair cúirte sa teanga náisiúnta agus i bpríomhtheanga oifigiúil na tíre agus go dtuigfí é go díreach ag an gcúirt sa teanga sin.

Ceist na Gaeilge Éigeantaí sa Státseirbhís
Maidir leis an gcóras riaracháin, ó 1925 airíodh an Ghaeilge mar ábhar riachtanach sna comórtais oscailte do ghráid ghinearálta na Státseirbhíse. Glacadh céimeanna eile ina dhiaidh sin chun líon na Státseirbhíseach le cumas sa nGaeilge a mhéadú agus an cumas sin a neartú.

In 1945, mar shampla, cuireadh i bhfeidhm triail inniúlachta sa nGaeilge i gcomhair ardú céime. Is léir gur éirigh leis na hiarrachtaí sin le himeacht ama, cur le cumas na Státseirbhíse ó thaobh na Gaeilge de ach na rudaí a bhí in easnamh ná pleanáil le spriocanna cinnte maidir le húsáid na Gaeilge go hinmheánach agus le seirbhís a sholáthar do shaoránaigh.

Cuireadh deireadh le riachtanas iontrála na Gaeilge sa mbliain 1975 agus cuireadh ina áit buntáiste áirithe don chumas feidhmiú sa dá theanga i gcomórtais d’ardú céime. Níl mórán amhrais orm ach go ndeachaigh acmhainn Ghaeilge na Ranna Stáit agus sa tSeirbhís Phoiblí trí chéile i laghad go mór ó shin.

Ráiteas / Straitéis / Acht
Tá sé suntasach gur moladh i dTuarascáil Choimisiún na Gaeltachta in 2002 nach raibh an Ghaeltacht inmharthana in éagmais bheartas Stáit i leith na Gaeilge agus nárbh eol dóibh a leithéid a bheith ann. Rinneadh roinnt moltaí suntasacha sa Tuarascáil a chuir tús leis an Stát a thabhairt ón éidreoir ina raibh sé maidir le beartas i leith na Gaeilge agus na Gaeltachta:

Moladh go ndéanfadh an Stát beartas maidir le hathbheochan na Gaeilge mar theanga náisiúnta.
In 2006 d’fhoilsigh Rialtas na hÉireann an Ráiteas i leith na Gaeilge inar dhearbhaigh an Rialtas “a thacaíocht d’fhorbairt agus do chaomhnú na Gaeilge agus na Gaeltachta”.

Moladh sa Tuarascáil, chomh maith, go bhforbrófaí plean náisiúnta don Ghaeilge ina mbeadh spriocanna soiléire agus d’fhoilsigh an Rialtas Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge in 2010. Ar ndóigh, tharraing an Straitéis go leor cainte i measc na nGael maidir lena raibh inti agus maidir lena chur i bhfeidhm ó shin.

Moladh eile fós a rinneadh i dTuarascáil Choimisiún na Gaeltachta ná Acht chun chomhionannas na dteangacha oifigiúla agus ceart an tsaoránaigh seirbhísí a fháil trí Ghaeilge a dheimhniú agus chun coimisinéir teanga a cheapadh chun na gcríoch sin. Rud a tharla i 2003.

Sula bhfágfar Coimisiún na Gaeltachta, is fiú a lua, ar son na hiomláine, an Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch a rinneadh ar úsáid na Gaeilge sa nGaeltacht. Foilsíodh an Tuarascáil sin in 2007 agus Acht na Gaeltachta in 2012. Ní miste a lua freisin gur sa mbliain sin 2007 a rinneadh teanga oifigiúil de chuid an Aontais Eorpaigh den Ghaeilge.

Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003
Ar ndóigh, baineann mo chuid feidhmeanna féin mar Choimisinéir Teanga go dlúth le hAcht na dTeangacha Oifigiúla, agus is ar an reachtaíocht sin a dhíreos mé ar feadh tamaill. Is iad cuspóirí ginearálta an Achta sin:
  • úsáid na Gaeilge a chur chun cinn chun críoch oifigiúil sa Stát,
  • dualgais na gcomhlachtaí poiblí i leith theangacha oifigiúla an Stáit a leagan amach, agus
  • Oifig an Choimisinéara Teanga a bhunú.
Díol suntais, mar a dúirt mé cheana, go ndírítear san Acht ar dhualgais comhlachtaí poiblí i leith na dteangacha oifigiúla níos mó ná cearta an tsaoránaigh.

Leagann an tAcht dualgais áirithe ar chomhlachtaí an Stáit a bhaineann le soláthar faisnéise go príomha – cumarsáid scríofa, foilseacháin áirithe, comharthaí agus stáiseanóireacht, chun cuid díobh a lua. Is léir gur glacadh leis nárbh fhéidir nó nárbh acmhainn do chomhlachtaí poiblí a gcuid seirbhísí ar fad a chur ar fáil ar comhchéim sa dá theanga in aon iarraidh amháin agus tugadh isteach córas na scéimeanna teanga chun an sprioc sin a bhaint amach de réir a chéile.

I mbeagán focal léirigh an anailís sin go raibh scéimeanna teanga ag feidhmiú, i roinnt cásanna, ní mar uirlis chun cur le líon na seirbhísí trí Ghaeilge ach mar uirlis chun teorannú a dhéanamh ar sholáthar na seirbhísí sin.
Cheadófaí scéim teanga a mhairfeadh trí bliana agus ina sonrófaí spriocanna áirithe a bhainfí amach. Bheadh an dara scéim ag tógáil ar ar baineadh amach sa gcéad scéim agus, in imeacht roinnt scéimeanna, bheadh sé ar chumas an chomhlachta phoiblí a chuid seirbhísí ar fad a chur ar fáil i nGaeilge agus ar an gcaighdeán seirbhíse céanna leis an mBéarla. Is é córas na scéimeanna, mar sin, croílár chur chuige an Achta. Fillfidh mé ar na bealaí ar theip ar an gcóras seo, faraor, ar ball beag.

I measc mo chuid feidhmeanna mar Choimisinéir Teanga, déanaim faireachán ar chur i bhfeidhm na ndualgas teanga i gcás na gcomhlachtaí poiblí, cuirim comhairle ar fáil do na comhlachtaí sin maidir leis an dualgais teanga atá orthu, cuirim comhairle ar dhaoine maidir lena gcearta faoin Acht agus is féidir liom sáruithe líomhnaithe a imscrúdú cibé acu ar mo thionscnamh féin, ar iarratas ón Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta nó de bhun gearán a bheith déanta liom. Is iondúil go bhfiosraíonn m’Oifig an t-ábhar ar bhonn neamhfhoirmiúil mar chéad chéim agus, is minice ná a mhalairt, réitítear an cheist ar an gcaoi sin gan dul i muinín imscrúdú reachtúil.

Laincisí
Ní féidir a shéanadh go bhfuil dul chun cinn áirithe déanta maidir le soláthar eolais agus seirbhísí stáit, de bharr an Achta, ach ar an mórgóir agus muid ag breathnú siar ar chúig bliana déag d’fheidhmiú an Achta, “ní raibh an chathair mar a tuairisc.” Tá aird tarraingthe go minic agam ar na laigí a bhaineann leis an reachtaíocht seo ar ardáin éagsúla agus díreoidh mé inniu ar thrí cinn shuntasacha:

Scéimeanna Teanga
Is iad na scéimeanna teanga an phríomh-mheicníocht faoin reachtaíocht chun feabhas a chur ar mhéid, réimse agus caighdeán na seirbhísí a chuireann comhlachtaí poiblí ar fáil as Gaeilge. Le tamall de bhlianta anuas bhí caighdeán na scéimeanna teanga a bhí á n-aontú thar a bheith lag, go ginearálta, agus d’iarr mé ar mo chuid oifigeach anailís chuimsitheach a dhéanamh orthu. I mbeagán focal léirigh an anailís sin go raibh scéimeanna teanga ag feidhmiú, i roinnt cásanna, ní mar uirlis chun cur le líon na seirbhísí trí Ghaeilge ach mar uirlis chun teorannú a dhéanamh ar sholáthar na seirbhísí sin. Is minic a bhí friotal in úsáid a d’fhág nach raibh aon dualgas docht daingean ann seirbhísí a chur ar fáil i nGaeilge. Fiú is go rabhthas ag iarraidh córas na scéimeanna teanga a chur i bhfeidhm, mar a samhlaíodh é, sa saol comhaimseartha ina mairimid, níl gach comhlacht poiblí ina fheod nó ina fhíofa neamhspleách ann féin ar féidir comhaontú a dhéanamh leis gan beann ar an ngréasán casta idirghaolmhaireachtaí le páirtithe eile sa státchóras agus sa tsochaí.

Má tá drogall le brath i bhfoclaíocht agus i ngealltanas na scéimeanna teanga gealltanais shoiléire a thabhairt seirbhísí a chur ar fáil as Gaeilge, is léir gurb é croí na faidhbe nach bhfuil a ndóthain foirne (nó foireann ar bith) ag eagraíochtaí le cumas sa nGaeilge. Is é bun agus barr an scéil nach féidir seirbhísí a chur ar fáil trí mheán teanga mura mbíonn acmhainn sa teanga sin ag soláthraí na seirbhísí sin. Caithfear an riachtanas agus an t-easnamh a shainaithint ó thaobh inniúlacht Gaeilge na foirne sna hearnála éagsúla den tseirbhís phoiblí agus foráil a dhéanamh i mbeartais agus straitéisí earcaíochta chun na bearnaí sin a líonadh lena n-áirítear spriocanna soiléire agus tréimhsí faoina mbainfear amach iad.


Acht Nua
Tá go leor cainte san am i láthair faoin mbille leasaithe d’Acht na dTeangacha Oifigiúla a d’fhoilsigh an tAire Stáit Seán Kyne mí Bealtaine anuraidh (2017).

D’fhéadfadh sé gurb é seo an deis dheireanach a bheidh ag an Stáit córas cuí, ceart agus cuimsitheach a chur i bhfeidhm chun dul i ngleic leis an easnamh ó thaobh a laghad daoine atá inniúil sa nGaeilge sa Státchóras agus sa tSeirbhís Phoiblí; sin mura bhfuil an deis imithe tharainn cheana féin.

D’fháiltigh mé tríd is tríd roimh cheannteidil an Bhille nua a foilsíodh anuraidh, cé gur tharraing mé aird ar easnaimh in áiteacha. Tá sé mar chuspóir aitheanta sna ceannteidil go mbeadh 20% d’earcaigh nua sa tseirbhís phoiblí ina gcainteoirí Gaeilge. Deirtear gur san fhadtréimhse a tharlóidh sé sin. Ach caithfear sprioc sonrach a chur leis an aidhm sin, agus caithfidh muinín a bheith againne, muidne ar mian linn gnó a dhéanamh trí Ghaeilge leis an Stát, go mbainfear amach an sprioc sin.

Ba cheart mar sin córas a bhunú a chinntíonn go mbeidh íoschéatadán foirne atá inniúil sa nGaeilge á earcú, go mbeidh an measúnú inniúlachta sin caighdeánach agus go ndéanfar monatóireacht neamhspleách ar an gcóras sin. Caithfidh an córas sin a bheith bunaithe ar phleanáil éifeachtach agus ar fhaisnéis agus anailís chruinn ina n-aithneoidh an Stát na seirbhísí atá mar thosaíocht aige, na socruithe chun na seirbhísí sin a chur ar fáil agus na hacmhainní daonna atá ag teastáil chun sin a bhaint amach. Le toil agus comhoibriú is féidir sin a bhaint amach – creidim sin i mo chroí – ach tá an t-am ag sleamhnú agus is anois nó go brách a chaithfear tabhairt faoina leithéid d’obair.

Molaim go mbeadh dualgas reachtúil ag baint lena leithéid de phlean a ullmhú, go ndéanfaí é laistigh de bhliain go leith ón tráth a dtabharfaí an tAcht leasaithe ar an bhfód, agus go gcaithfí an plean a nuashonrú uair gach cúig bliana. Is údar sásaimh dom go bhfuil mo chuid moltaí don phlean seo áirithe san bplean gnímh don Straitéis Fiche Bliain a foilsíodh níos luaithe i mbliana.

Géarchéim na Gaeltachta
Ba chóir prionsabal soiléir a leagan síos san Acht freisin a d’fhágfadh go gcaithfeadh Gaeilge ar a dtoil a bheith ag oifigigh stáit atá lonnaithe nó ag cur seirbhísí ar fáil sa nGaeltacht. Tá os cionn nócha bliain ann ó d’aithin Coimisiún na Gaeltachta an riachtanas seo i dtús báire. D’aithin Coimisiún na Gaeltachta arís é in 2002. Nuair a fágadh réiteach na ceiste seo faoi chóras na scéimeanna teanga san Acht, fágadh ar an méar fhada arís é.

Is limistéir pleanála teanga na ceantair Ghaeltachta de réir Acht na Gaeltachta, 2012, agus é ina aidhm reachtúil ‘méadú ar úsáid na Gaeilge i saol teaghlaigh, oideachais, poiblí, sóisialta, áineasa agus tráchtála’ iontu, gan beann ar a mhinice nó a fhairsinge agus atá an Ghaeilge á húsáid ag pobal in aon limistéar díobh san am i láthair. Is beag is fiú a bheith ag caint faoi phleanáil teanga mura bhfuil an Stát toilteanach a chion féin a dhéanamh agus a chuid seirbhísí féin a sholáthar trí Ghaeilge sa Ghaeltacht. Astu féin, ní réiteoidh soláthar na seirbhísí stáit trí Ghaeilge dúshláin teanga na Gaeltachta ach léireodh a leithéid diongbháilteacht agus ceannaireacht agus is mór is gá iadsan.

Ar bhealach, ‘sé an t-ábhar imní is mó atá ann ná todhchaí na Gaeltachta. Ó d’fhoilsigh Reg Hindley a leabhar cáiliúil in 1990, The Death of the Irish Language, tá lucht taighde ag cur ar ár súile dúinn go bhfuil pobal na Gaeltachta i ngreim ag géarchéim ó thaobh fheidhm na Gaeilge mar ghnáth-theanga phobail agus nár dhócha go mbeadh aon Ghaeltacht i bhfad eile ann de réir mar a thuigtear an focal sin go coitianta. Léiríonn staitisticí an daonáirimh dheireanaigh, áfach, nach bhfuil aon éalú ón bhfírinne sin. Léirítear i dtaighde chomh maith go bhfuil sé ag éirí níos deacra ag tuismitheoirí, fiú sna ceantair is láidre Ghaeltachta, an Ghaeilge a thabhairt ar aghaidh dá gclann mar chéad-teanga sna cúinsí ina maireann siad sa lá atá inniu ann.

Níl aon dabht ann ach go bhfuil dúshláin agus dúshláin mhóra, roimh an bpleanáil teanga sa nGaeltacht. Ba chéim mhór chun cinn é foilsiú an Pholasaí Oideachais don Ghaeltacht agus gur tugadh aird ar chúinsí eisceachtúla agus na cúinsí fíorchasta teanga a bhaineann leis an nGaeltacht.

Athbhreithniú - ní drochscéal ar fad!
Nuair is minic ár n-aird ar fad ar dheacrachtaí agus easnaimh, is fiú féachaint siar ar an méid atá baint amach. Ní beag é. Ní chreidfeadh duine ar bith sa naoú céad déag go mbeadh an Ghaeilge ina teanga bheo san aonú céad agus fiche ná go mbeadh sí ina teanga phobail in aon chearn den tír.

Maíonn nach mór 1.7 milliún duine, nó 40% den phobal, go bhfuil cumas éigin labhartha acu agus thug trian den mhéid sin (nó 17% den phobal ar fad) le fios go mbaineann siad feidhm as an nGaeilge mar mheán urlabhra fiú mura ndéanann cuid mhaith díobh an-mhinic é – a bhuíochas sin ar an gcóras oideachais den chuid is mó.

Is teanga nua-aoiseach í atá curtha in oiriúint le feidhm a bhaint aisti i réimse ar bith den saol, ard nó íseal. Ina theannta sin tá stádas aici faoin dlí náisiúnta agus faoi dhlí na hEorpa, sna meáin chraolacháin agus chlóite, sa gcóras oideachais agus i saol na tíre nach bhféadfadh pobail teangacha eile, ar líonmhaire lucht a labhartha, ach a bheith in éad leis. Is éachtach, is míorúilteach, an méid a baineadh amach agus bhí lámh chinniúnach ag an Stát féin sa méid sin. Ní deirim é sin chun go ligfimis na maidí le sruth ach chun ár misneach a chruinniú.

Féach: Geallúintí láidre á lorg ag an gCoimisinéir Teanga ón Stáit

Tuairisc Teilifíse TG4.



Share/Save/Bookmark

No comments:

Post a Comment