19.2.16

3. Eileamh: Coiste Oireachtas. #GaelVóta #GE16

Cuig chúis go bhfuil gá le Comhchoiste Oireachtais seasta don Ghaeilge agus don
Ghaeltacht a bhunú:

1. Maoirseacht a dhéanamh ar fheidhmiú Straitéis 20 Bliain an Rialtais don Ghaeilge.

2. Maoirseacht a dhéanamh ar an státchóras trí chéile maidir leis an tseirbhís a chuirtear ar fáil trí Ghaeilge don phobal, go háirithe sa Ghaeltacht.

3. Scrúdú a dhéanamh ar gach reachtaíocht a thagann os comhair na Dála chun a chinntiú go bhfuil cosaint cheart ann don Ghaeilge agus don Ghaeltacht.

4. Tionscnaimh agus fiosrúcháin chun leas na Gaeilge agus na Gaeltachta a thosú de réir mar is cuí.

5. Eolas a bhailiú ó eagraíochtaí Gaeilge agus Gaeltachta agus ón phobal faoi ghnéithe a bhaineann le forbairt na teanga agus an t-eolas a úsáid ar mhaithe le cearta na Gaeilge.
Coiste Oireachtas Seasta Gaeilge & Gaeltachta?


Share/Save/Bookmark

No comments:

Post a Comment