11.2.16

Fórsaí níos láidre?

Trí samplaí in aon lá amháin den meas atá ag an stáit chóras agus Rialtas Fhine Gael ar an dteanga náisiúnta. (Is faoi smacht Fhine Gael an dá aireachta a luaitear anseo!)

Is minic a bíonn an mothú céanna agam a roinn Seán Ó Cuirreáin le coiste Oireachtas agus é ag fágáil a oifige mar Choimisinéir Teanga, "... cé go bhfuil daoine sa státchóras a thacaíonn go láidir leis an Ghaeilge, (is léir) go bhfuil fórsaí níos láidre agus níos forleithne fós ann ar cuma leo ann nó as dár dteanga náisiúnta...." (23 Ean 2014)

Pílear agus ní Garda?
Bhí mé as baile inné agus gan teach éasca ar na meáin shóisialta ach chonaic mé píosa agus pictiúir  á bhí roinnte ag Ciarán Ó Feinneadha ar facebook.

Póilín i mBÁC? (Examiner)
Seo mar a scríobh sé: "Cúlú scanallach eilé ón nGaeilge. Tá police chomh maith le Garda le feiceáil in úsáid sna pictiúir seo. Táim glan i gcoinne Béarla a bheith in úsáid. An mbeidh deireadh riamh le cúlú an rialtais reatha ón nGaeilge..."

Caithfidh mé a rá go raibh cineál íontas orm fhéin nuair a chonaic mé an pictiúir. Bhí sé deacair orm ráiteas ó dhuine eile a bhréagnú a dúirt: "Cúlú scannalach eile! An rialtas is measa riamh ó thaobh na Gaeilge. Bhí a lán rialtas go holc, ach rug an dream seo an chraobh leo!"  Mhol duine eile dul i dteangabháil agus gearán a dhéanamh leis an gCoimisinéir Teanga.

Seo alt i dTuairisc.ie faoi agus an miniú aiféasach a thug preas oifig na Gárdaí ar: "‘Police’ scríofa ar chultacha an Gharda Síochána ar mhaithe le ‘náisiúnaigh choigríche agus turasóirí eachtrannacha!" Mo fhreagra ar sin ná cad éile a bheadh ionta ach póilíní?

Oiriúnach don fheidhm.
Ar mo bhealach abhaile bhí me ag éisteacht le clár Cormac@5 ar Raidío na Gaeltachta. Bhí mír ann faoin ngearán a rinne an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh ag rá gur 93% den airgead deontais Gaeltachta a cheadaigh an tAire Joe McHugh ó thús na bliana imithe chuig Dún na nGall. Ar ndóigh ní bheadh íontas ar éinne faoi sin ná go n-árdódh iomathóir toghcáníochta a leithéid. Déirfainn féin nach bhfuil mórán airí nó airí-stáit nár chabhródh lean ageantair fhéin in aimsir thoghcháiníochta cuma chén pháirtí lean bhaineann sé nó sí. Nach duine daonna iad.

Agus ar ndóigh bheithfeá ag súil go ndeanfaidh an Aireadh Stáit iarracht é fhéin a chosaint. Nuair a rinne Cormac@5 fiosrú ar a Roinn,  Roinn na Gaeltachta, fuaireadar freagra ceart go leor. Ach an rud a thug mise suim ann ná an méid a dúradh faoin ráiteas féin.

Bhí sé i mBéarla agus dúradh ar an gclár nach raibh go leor ama ag an Roinn é a aistriú go Gaeilge don gclár. Is ag caint faoi Roinn an Gaeltachta atá muid! Roinn na Gaeltachta! An Roinn a bíonn ag maíomh gur "Sprioc thábhachtach don Roinn is ea tacú leis an nGaeilge, a húsáid a threisiú mar phríomhtheanga phobal na Gaeltachta agus cabhrú le forbairt inbhuanaithe phobail na n-oileán." Agus ní féidir leo ráiteas símplí a scríobh sa Ghaeilge céanna? Is gá dóibh is cosúil iad a scríobh i mBéarla agus ansin é a aistriú go Gaeilge!

Richie Ryan
Nach fada atá muid ón méid a dúirt Richie Ryan  nuair a cuireadh deireadh le Gaeilge Riachtannach sa Stáit Sheirbhís sa bhliain 1974?
“Tá an Rialtas lánmhuiníneach go músclóidh na hathruithe seo, a chuireann spreagadh in áit éigeantais, dea-mhéin bhreise don Ghaeilge agus go gcuideoidh siad le leathnú na teanga laistigh agus lasmuigh den státseirbhís trí atmaisféar níos fabhraí a chothú di…
Ba mhaith liom a chur in iúl go soiléir don Teachta nach céim síos é an cinneadh ach a mhalairt. Tá an Ghaeilge agus an Béarla ar aon dul anois agus tig le duine don chéad uair post sa Státseirbhís a bhaint amach gan Béarla…
Ní bheidh aon easba Gaeilge, mar sin, sa Státseirbhís agus beidh fonn níos láidre chun feidhm a bhaint aisti toisc deireadh an éigeantais…
Tá mé cinnte go mbeidh feabhas mór ar an scéal de bharr a bhfuil déanta ag an Rialtas…” (5 Nol 1974).

An tairne deireanach?
#GaelVóta?

Tháinig mé abhaile agus bhí teachtaireacht eile ó Fhine Gael romhaim. Tá cónaí i gcroí lár ceantair láidir Ghaeltachta agus bhí billeoigín "Litir um Thoghcháin (sic) Galway West" ann romham. Ní raibh focal Gaeilge air seachas san. Bhí mo shloinne litrithe go mí cheart ann. Bhí ainm na háite lithrithe go mícheart agus ainm an chontae i mBéarla chomh maith. Mar a dúirt an Coimisinéir Teanga atá anois againn, "Bíodh is go bhfuil muid imithe i dtaithí ar an gcur chuige sin ní shin le rá go bhfuil sé ceart." (18 MF 2015)

Nach bhfuil sé deachair gan aontú le rud a scríobh duine mar fhreagra nuair a chonaic sé an bpictiúir a bhí ag Ciarán thuas:
"Tá muid ar ár mbealach ar ais san Impireacht, buíochas do Enda agus a chairde."


#GaelVóta #GE16 #Togh16 

Share/Save/Bookmark

No comments:

Post a Comment