Do lucht an Bhearla amháin? |
Deireann an Acht (Mir 10)
- "D'ainneoin aon achtacháin eile, déanfaidh comhlacht poiblí (seachas comhlacht, eagraíocht nó grúpa a bheidh forordaithe de bhun rialachán chun críocha chlásal (b) de mhír 1(5) den Chéad Sceideal) na doiciméid seo a leanas, a dhéanfaidh sé nó a dhéanfar faoina údarás, a fhoilsiú go comhuaineach i ngach ceann de na teangacha oifigiúla:
- (a) aon doiciméad ina leagtar amach tograí beartais phoiblí;..."
Scríobh mé gearán chuig an Coimisinéir Teanga ar an triú lá den mhí seo (Meán Fomhair). "Nach ceart dóibh plean mar sin a fhoilsiú sa dá theanga go mór mhór nuair a bhaineann sé nach mór leis na ceantair Ghaeltachta mar is cosúil go bhfuil sé dírithe ar ceantreacha tuaithe."
Ar maidin (7 Meán Fomhair) chuala mé thár n-ais ó Oifig an Choimisinéara Teanga ag rá go bhfuair siad freagra ón Roinn mar seo:
Ar maidin (7 Meán Fomhair) chuala mé thár n-ais ó Oifig an Choimisinéara Teanga ag rá go bhfuair siad freagra ón Roinn mar seo:
- "Re : Gearán maidir le foilsiú ‘Delivering a Connected Society’ i mBéarla amháin
- Tagraím don ngearán maidir le foilsiú ‘Delivering a Connected Society’ i mBéarla amháin.
- Ba mhaith liom, thar cheann na Roinne ár leithscéal a ghabháil leis an ngearánaí. Tá an foilseachán seo á aistriú faoi láthair agus táimid ag súil leis an leagan Gaeilge a bheith ar fáil go luath.
- Tá súil agam go bhfuil leigheas againn ar an scéal anois.
- Is mise le meas,"
Tá seans mar sin nach raibh dualgas ar an Roinn Cumarsáide an doiciméad áirithe seo a fhoilsiú go comhuaineach i nGaeilge agus i mBéarla mar nach raibh “tograí beartais phoiblí” inti. Thit dualgas ar an Roinn sin ar chúis eile ar fad leagan Gaeilge a sholáthar – bhí gealltanas maidir le soláthar leaganacha Gaeilge den chineál seo tugtha ina "scéim teanga". Ach ní raibh sé geallta ansin go mbeadh an foilsiú comhuaineach sa dhá theanga. Ach mar a deirim thuas is beag luach ar mar doiciméid leagan Gaeilge a chuir "ar fáil go luath."
Rud eile agus mé ag smaoineamh air. Níor thóg sé ach trí nó ceithre lá ar an Roinn freagra a chuir ar aghaidh chuig Oifig an Coimisinéara. Is minic a scríobh mise ag gearán chuig an Roinn seo nó an Comhlucht Stáit eile agus ní fhuair mé freagra ríamh taobh istigh de trí nó ceithre seachtaine!
Bhí an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh ag caint ar an Raidío ar maidin faoin masla do Phobal na Gaeltachta seo (Conamara) atá á thabhairt ag an Roinn Coimirce Sóisialaí gan a chuid oifigí a bheith i ndán déileáil leo ina dteanga féin. Níos luaithe i dtuairisc an Choimisinéara Teanga rinne sé tagairt don neam-aird a bhí á thabhairt ar an dlí ag an Garda Síochana i nGaeltacht Dhún na nGall. (Féach "Rialtas ag déanamh neamhaird ar sárú dlí na tíre!" 25 Aibreán 2012).
Ní léir go fóill go bhfuil mórán feabhas ag teacht ar an scéal.
No comments:
Post a Comment