13.7.10

Litir ón Teachta Dála!

Tháinig mé anseo go Conamara timpeall sé nó seacht bliana ó shin. Ós rud go ndéanam an-chuid de mo chuid oibre ar líne bhí sé tabhachtach córas leathan bhanda a bheith agam anseo.

Thosaigh mé ar fheachtas fada fadálach chun é fháil. Scríobh mé chuig gach ionadaí poibli, Údarás na Gaeltachta, Comhairle Chontae, na nuachtáin, dul faoi agallamh ar raidío agus eile. Chuir mé cóipeanna de na litreacha agus na freagraí a fuair mé thuas ar an idirlíon agus na freagraí a fuair mé.

Rud a chuir íontas orm, agus fós a chuireann íontas, agus d'fheadfa a rá, alltacht, orm ná an dímheas a léirigh chuid de na hionadaithe don teanga. Scríobh mé don chuid is mó i nGaeilge ach is minic a fuair mé freagraí i mBéarla, má fuair mé freagra ar bith.

Ar ámharaí an saol is tré thimpist a rinne mé teangabháil leis an gcóras atá agam agus ní trén dian fheachtas seo. Anois tá mé ceangailte tre chóras Airwire agus tá mé sásta go leor leis.

Ar maidin fuair mé litir ó Phádraig McCormack TD, ionadaí Fhine Gael sa Dáil Cheantair seo ina bhfuil an Ghaeltacht is mó sa tír. Chuir sé íontas orm arís litir a fháil ó Theachta Dála sa cheantair seo mar fhreagra ar fiosrúchán uaim, i nGaeilge sa bhliain 2006 i mBéarla. Seo mar a scríobh sé:
    You were in touch with me in 2006 regarding the lack of broadband services around your area.
    I asked the Minister for Communications in the Dáil about this and am enclosing
    Minister Eamon Ryan's reply. It seems that your area is not included in the National
    Broadband Scheme but the Minister is saying that he will be setting up a scheme to
    deal with areas that are not covered by the National Broadband Scheme.
    I hope this scheme can be implemented without too much more delay.
Seo an cheist a chuir sé ar an Aire (i mBéarla ar ndóigh - ní úsáidtear teanga oifigiúil an stáit sa Dáil go ró-mhinic!!!)
    Deputy Pádraic McCormack asked the Minister for Communications, Energy and Natural Resources if the recently announced funding of €13.5m for broadband will include areas (parts of Roscahill/Moycullan, Leenane and Béaladangan(sic), Connemara) in County Galway which is not facilitated for broadband; and if he will make a statement on the matter.
Is féidir freagra fhada an Aire a léamh i nDíospóireachtaí Parlaiminte ar líne (i mBéarla ag bun an leathanaigh).

Ní thuigim meoin daoine mar Phádraig McCormack, (nó a cheannaire a aimníonn daoine gan Gaeilge le haire a thabhairt don Ghaeltacht) nach bhfuil sé de bhéasa acu freagra ar litir i nGaeilge a thabhairt sa teanga céanna.
Share/Save/Bookmark

4 comments:

  1. Ní féidir leo freagra a thabhairt as Gaeilge is dóigh. Fiú na Teachtaí Dála a bhfuil Gaeilge ar a dtoil, ní bhíonn scríobh na teanga acu.

    ReplyDelete
  2. I bhfad ó shin sna 1980í chuir mé isteach ar phost samhraidh éigin le Fianna Fáil. I nGaeilge.

    Tháinig nóta ar ais, agus an líne seo i gceannlitreache ag an tús "This letter to be typed in Irish" agus ansin an litir i mBéarla!

    Foirne oifige gan muinín as a gcuid Gaeilge, is dócha.

    ReplyDelete
  3. Cén íontas go mbeadh Pádraig MacCormack ag tabhairt freagra i mBéarla ar litir uait i nGaeilge? Caithfidh an dea shampla teacht ón mbarr anuas. Sin an fath go bhfuilim ag moladh go mbeadh diospóireachtaí cheannaireachta ar TG4 i nGaeilge - agus diospóireachtaí i ngach réimse den pholataíocht idir na h-urlabhraithe cuí ó na pictiúirí éagsúla - mar go gcreidim go bhfuil gá doibh san ar mhaith leo bheith i bpost an Taoisigh iad féin a chur i láthair pobal na tíre sa dhá theanga oifigiúil. Béarla éigeantach an polasaí go dtí seo. Anois tá TG4 ann le 14 bhliain agus é maoinithe ag an Stát, ba cheart go mbeadh sé ina fhóram, trath toghcháin, do dhiospóíreachtaí faoi pholasaí. Má tharlaíónn sé sin, beidh aon duine a théann le pairtí ar bith agus é nó í ag smaoineamh ar an bharr a bhaint amach sa pholataíocht ar an eolas go mbeidh an Ghaeilge ina fhíor bhuntáiste....

    ReplyDelete
  4. Fiú na Teachtaí Dála a bhfuil Gaeilge ar a dtoil, ní bhíonn scríobh na teanga acu.

    Blas den fhírinne ansin agat déarfainn. Easpa taithí an fhadhb is dócha.

    ReplyDelete