Bhí píosa i nGaelphort inné faoin toghchán seo d'Uachtarántacht Chonradh na Gaeilge. Is dócha gurb é an ceann is neodraí a bhí ann ó bhí an díospóireacht ann ar Glór Anoir Raidío na Gaeltachta seachtain nó dhó ó shin.
An ceann líne a bhí ar ná "Tá Ó hAdhmaill ró-óg go fóill" dar le Mac Fhearghusa"
Chuir sé ag smaoineamh mé ar daoine óga sna déaga sna fichéadaí sna triocadaí a chuaig amach nocha ceathair blian ó shin. Pádraigh Mac Piarais (37), Seán Mac Diarmada (33), Micheál Ó Choileán (26). Bhí Dúbhglás de hÍde féin an-óg nuair a bhunaigh sé an Chonradh (33).
Níl mé ró chinnte cén aois atá ag Ó hAdhmaill, sna ficheadaí déanacha is dócha? Nach cuma? Bhí an Coileánnach mar Cheannaire ar an IRB nuair nach raibh sé ach 29.
Tá an-chuid cruthaithe ag an lead óg seo a deireann leis an sean-lead seo go bhfuil cumas na ceannaireachta atá ar a laghad chomh maith le ceannaireacht aon duine de na hUachtaráin a bhí ag an ngluiseacht seo le fiche nó tríocha bliain anuas! Agus sílim go léiríonn sé abaíocht éigin nuair a deireann sé,"go bhfuil fuinneamh agus taithí ag an mbeirt iomaitheoirí, ach go bhfuil buanna éagsúla acu, a rachaidh chun sochair an Chonartha ar bhealaí éagsúla."
Ní ceart a bheith ag breathnú ar rudaí mar aois, mar áit chonaithe, mar canúint cainte. Ní coimhlint aoise, ní Baile Átha Cliath i gcoinne an chuid eile den tír é seo. Is troid ar son anam is croí na tíre é seo. Tá a mbuanna féin ag an dá iomatheoir. Go néirí leis an duine is fearr.
Agus go raibh Éire ag Cáit Ní Dhuibhir!
Feach leis ar Bhlag Scott de Buitléir inné "Ró-Óg nó Ró-Shean!"
Tá nascanna chuig blaganna agus nuacht ráitisí eile faoin toghchán spéisiúil seo san alt "Iarrthóir óg d'Uachtarántacht Chonradh na Gaeilge"
Irish Transcreation and Recording of a Poem MEMORY by Margarita Engle
-
Margarita Engle
Memory
When songs were alive
they needed no mouths
to send them flying.
Melodies grew
their own wings.
Rhythms knew
how to leap.
The l...
4 hours ago
No comments:
Post a Comment