27.4.10

Ionaid ar fáil i nGaillimh agus Bhaile Átha Cliath

Conradh na Gaeilge ag cur an dá áras i mBaile Átha Cliath agus i nGaillimh de chuid na heagraíochta ar fáil do phobal na Gaeilge le húsáid mar ionaid chomhdhála, chruinnithe, ranganna agus eile chun árais an Chonartha a fhorbairt mar lárionaid chultúrtha Ghaeilge i gcroílár an dá chathair.

Tá cúrsaí teagaisc Gaeilge, ciorcail chomhrá, oícheanta cheoil agus shóisialta, comhdhálacha agus cruinnithe rialta á reáchtáil in árais Chonradh na Gaeilge i mBaile Átha Cliath agus i nGaillimh araon, agus is féidir le heagrais Ghaeilge nó daoine aonair eile seomraí a ghlacadh ar cíos ón gConradh ar bhonn laethúil, seachtainiúil, míosúil nó fiú bliantúil le feidhmiú ó cheachtar den dá áras i gcaitheamh na bliana.

Deir Pádraig Mac Fhearghusa, Uachtarán Chonradh na Gaeilge: “Is fóram daonlathach phobal na Gaeilge é Conradh na Gaeilge agus tá an eagraíocht tugtha don chomhoibriú le heagrais Ghaeilge eile leis an teanga a chur chun cinn ar fud an oileáin. Ar scáth a chéile a mhaireann muid agus is mór againn an deis cuireadh a thabhairt do na heagraíochtaí agus do na daoine aonair atá ag feidhmiú ar son na Gaeilge freisin, leas a bhaint as áiseanna Chonradh na Gaeilge i mBaile Átha Cliath agus i nGaillimh le pobal na teanga a neartú sa dá chathair sin, agus go deimhin ar fud na tíre.”

Chomh maith le hArd-Oifig náisiúnta Chornadh na Gaeilge, feidhmíonn mór-eagrais na gluaiseachta ar son na teanga ón bhfoirgneamh ar Shráid Fhearchair cheana féin, ina measc Oireachtas na Gaeilge; Ógras; Seachtain na Gaeilge; Glór na nGael, Laighean; Rith 2010; Raidió Rí-Rá; An tIonad Saor-Chomhairle Dlí de chuid Chraobh na gCeithre Chúirt; An Siopa Leabhar; agus Club Chonradh na Gaeilge.

Feidhmíonn Togra Ghael-Fhorbairt na Gaillimhe de Chonradh na Gaeilge ó Aras na nGael ar 45 Sráid Doiminic i nGaillimh (Pic ar dheis!), mar aon le Club Áras na nGael agus Ógras, Cúige Chonnacht.

Rinneadh athchóiriú ar Cheannáras stairiúil Chonradh na Gaeilge ar 6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2 le déanaí buíochas le síntiúis fhlaithiúla ó chraobhacha an Chonartha agus le cabhair ón Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta ó Chiste na Gaeilge, atá páirt-mhaoinithe ag an gCrannchur Náisiúnta (Béarla), agus tá an foirgneamh á fhorbairt anois mar ionad oibre, áis chruinnithe agus lárionad cultúrtha do phobal na Gaeilge sa phríomhchathair.

Tá Áras na nGael ag feidhmiú mar lárionad na Gaeilge i nGaillimh faoi láthair agus tá Conradh na Gaeilge ag obair ar láthair úr a aimsiú le hionad níos mó a fhorbairt le tuilleadh áiseanna a sholáthair do phobal na teanga sa chathair amach anseo freisin.
Share/Save/Bookmark

No comments:

Post a Comment