25.3.10

Dianchúrsa ullmhúcháin i gcruinneas na Gaeilge

Ó bhain an Ghaeilge stádas oifigiúil amach san Aontas Eorpach agus ó achtaíodh Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003, tá deiseanna nua fostaíochta ann dóibh siúd a bhfuil ardscileanna scríofa acu sa teanga. Tá go leor daoine a bhfuil líofacht acu sa Ghaeilge ach nach bhfuair deis cheart riamh gramadach chruinn a fhoghlaim nó cur lena scileanna scríofa. Tá Gaelchultúr chun dianchúrsa ullmhúcháin i gCruinneas na Gaeilge a reáchtáil idir lár mhí na Bealtaine agus lár mhí Lúnasa 2010 chun cabhrú le daoine dul i ngleic leis an bhfadhb seo. Tá an tionscnamh á mhaoiniú ag an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta.

Tá an cúrsa páirtaimseartha seo dírithe orthu siúd ar mian leo iarratas a chur isteach ar chúrsa iarchéime Gaeilge – MA san aistriúchán, cuir i gcás – ach a mheasann nach bhfuil an caighdeán cuí bainte amach acu. Tá sé oiriúnach chomh maith do dhaoine a bhíonn ag obair trí mheán na Gaeilge ar bhonn laethúil – iriseoirí, státseirbhísigh agus aistritheoirí, mar shampla – ar mian leo barr feabhais a chur ar a gcuid scileanna scríofa Gaeilge. €450 an táille a bheidh i gceist.

Díreofar sa dianchúrsa ar chruinneas gramadaí, ar chúrsaí stíle agus ar an aistriúchán. Cuirfear béim chomh maith ar na háiseanna teicneolaíochta atá ar fáil sa Ghaeilge, cinn ar líne ina measc.

‘Déanfaidh na rannpháirtithe an chuid is mó den chúrsa seo ar líne ach eagrófar ceithre sheisiún sa seomra ranga chomh maith,’ a deir Éamonn Ó Dónaill, Stiúrthóir Oideachais Ghaelchultúir. ‘Beidh na seisiúin seo ar siúl ar an Satharn i gceanncheathrú Ghaelchultúir i mBarra an Teampaill i mBaile Átha Cliath. Cruthófar cuntas do na rannpháirtithe ar shuíomh ríomhfhoghlama Ghaelchultúir, ranganna.com, agus beidh deis acu ceachtanna idirghníomhacha a dhéanamh ar an suíomh sin agus aiseolas a fháil láithreach. Cuirfear fóram ar fáil dóibh ar ranganna.com chomh maith, áit a mbeidh siad in ann ábhar an chúrsa a phlé le mic léinn eile agus lena dteagascóir.’
Share/Save/Bookmark

No comments:

Post a Comment